Borradh faoi Bhernie

Kerron Ó Luain

Agus an t-olltoghchán fós i mbéal an phobail in Éirinn, ach go háirithe an borradh a tháinig faoi Shinn Féin, páirtí a mhaíonn go bhfuil sé ar an eite chlé, is fiú súil a chaitheamh i gcéin ar fheachtas eile cléach a d’fhéadfadh impleachtaí domhanda a bheith aige.

Is ar fheachtas Bernie Sanders, seanadóir den Pháirtí Daonlathach i Stát Vermont, Stáit Aontaithe Mheiriceá, atáim ag trácht. Glaonn Sanders “sóisialach-daonlathach” air féin. I gcomhthéacs na hEorpa, níl sé rófhada anonn ar an eite chlé. Ach i gcomhthéacs SAM, d’fhéadfaí a rá go bhfuil sé radacach go maith. Tugann sé dúshlán stuama na héagothromaíochta saibhris agus lucht Wall Street. Murab ionann agus an chuid is mó de pholaiteoirí SAM, ní ghlacann sé le maoiniú ó bhilliúnaithe ná corparáidí.

Is de shliocht na nGiúdach i mBrooklyn, Nua Eabhrac, é Sanders agus d’fhás sé aníos i measc an lucht oibre. Tá sé ag feachtasaíocht le fada an lá ar cheisteanna a bhaineann le cearta daonna agus dul chun cinn an lucht oibre, amhail gluaiseacht cearta sibhialta na ndaoine gorma, cearta na n-oibrithe, córas sláinte uilíoch agus oideachas tríú leibhéil saor do chách.

Bhí feachtas ag Sanders in 2016 chun bheith mar ionadaí na nDaonlathaach don rás uachtaránachta, ach d’éirigh le Hillary Clinton an ceann is fearr a fháil air. Ní de thoradh an daonlathais a d’éirigh léi buachaint air, áfach. Bhí caimiléireacht ar bun ag an DNC (Coiste Náisiúnta na nDaonlathach). Is coiste é sin a dhéanann an Páirtí Daonlathach a stiúradh agus tá sé go mór faoi thionchar billiúnaithe agus na meán corparáideach ar nós CNN agus ABC.

Chonacthas toradh na caimiléireachta seo nuair a chaill Clinton i gcoinne Trump sa toghchán in 2016. Chinntigh an DNC go mbeadh Clinton mar ionadaí a bpáirtí, ach thuig go leor daoine nárbh aon athrú ar an gcóras a bhí inti siúd. Is polaiteoir de chuid na bunaíochta í amach is amach. Bhí sí lárnach i scrios a dhéanamh ar an Libia agus í mar Rúnaí Stáit faoi Obama in 2012, suíonn sí ar bhord corparáideach Walmart, ghlaoigh sí “super predators” ar fhir óga gorma sna 90idí, agus bhaist sí “a basket of deplorables” ar lucht tacaíochta Trump.

Anois, seans go bhfuil an ceart aici ar an bpointe deireanach sin, ach níor chabhraigh sí lena cás – thuig daoine uaithi gur breis den ardnósachas agus an nualiobrálachas a scrios na Stáit le tríocha bliain anuas a bheadh i gceist dá mbuafadh sise an toghchán.

Ní haon ionadh é mar sin go bhfuil a seacht ndícheall á dhéanamh ag Clinton caitheamh anuas ar fheachtas Sanders. Deir sí go bhfuil Sanders ag geallúint an iomarca – “promising the moon”. Is líomhain áiféiseach é seo nuair a smaoinítear go bhfuil córas sláinte uilíoch in go leor tíortha ar domhan agus is é Meiriceá an stát is measa i dtaobh na dtáillí leighis a leagtar ar dhaoine. Cé go bhfuil Clinton fós ag stealladh bréaga uaithi mar iománaí ar an gclaí, tá maidrín lathaí nua tagtha chun cinn don bhunaíocht.

Is é Pete Buttigieg, nó “Mayor Pete”, mar a ghlaonn a lucht tacaíochta air de dheasca go bhfuil sé mar mhéara ar South Bend, Indiana, rogha lucht an rachmais na laethanta seo agus an feachtas do thoghchán uachtaránachta 2020 faoi lán seoil. An ról atá ag Buttigieg ná díspeagadh a dhéanamh ar Sanders, bac a chur ar bhorradh na gluaiseachta ón mbun aníos, agus deireadh a chur leis an éileamh atá ann go n-íocfadh lucht an rachmais cáin chothrom a dhéanfadh maoiniú ar sheirbhísí poiblí.

Is nualiobrálach eile é Buttigieg. D’fhreastail sé ar Harvard agus, ina dhiaidh sin, d’oibrigh sé leis an gcomhlacht McKinsey. Comhlacht comhairleoireachta is ea McKinsey a chuireann polasaí “up or out”, mar a ghlaonn siad féin air, i bhfeidhm ar a gcuid oibrithe. Mura n-éiríonn le fostaí ardú céime a fháil, tugtar bata agus bóthar dó nó di. Cultúr na deargiomaíochta atá ann, go deimhin – cultúr an nualiobrálachais a thagann salach ar mheon na dlúthpháirtíochta.

Anuas air sin, bhí Buttigieg mar oifigeach faisnéise i gCabhlach SAM agus chaith sé seal san Afganastáin in 2014. Bheadh duine a bhfuil fios a ghnó aige faoi thraidisiún comhcheiligeach an FBI, CIA, agus na rannóga eile faisnéise sna Stáit san am atá thart, amhrasach faoi Buttigieg. Cuirimis mar seo é, bheadh duine an-soineanta gan na nascanna atá aige leis an “bpobal” sin a cheistniú. Níl aon dabht faoi ach gur impiriúlach a bheadh i mButtigieg agus é i gcumhacht. Leanfaí le léirscrios SAM ar an Mheán Oirthear agus Meiriceá Theas araon.

Ní gá dúinn dul síos an bóthar sin i ndáiríre, óir, mar a luaigh mé níos luaithe, is nualiobrálach é “Mayor Pete” – rud atá soiléir don domhan mór. Tá cosúlachtaí idir é agus Leo Varadkar, ó tharla go bhfuil an bheirt acu aerach. Sa chaoi chéanna le Varadkar, baineann Buttigieg leas as a ghnéas chun snas a chur ar a bpolasaithe frith-dhaonna eacnamaíochta. I ndeireadh na dála, is cuma má cheiltear an nualiobrálachas faoin mbratach bogha báistí, is fealsúnacht atá ann a chuireann cos ar bholg na mbocht é. Cuir síoda ar ghabhar agus is gabhar i gcónaí é.

Tá Sanders ag seasamh sa mbearna bhaoil agus go leor fórsaí ag obair ina choinne: na meáin, bíodh siad liobrálach nó coimeádach; an stát faisnéiseach; an DNC; polaiteoirí cumhachtacha le tacaíocht billiúnaithe; fiú roinnt de na ceardchumainn is mó.

Cén fáth? Mar go dteastaíonn uaidh saol an ghnáth-Mheiriceánaigh a fheabhsú. Bímis soiléir, ní ag iarraidh seilbh a ghlacadh ar na modhanna táirgeachta agus poblacht na n-oibrithe a chur ar bun atá Sanders – dul chun cinn réidh, forchéimnitheach atá uaidh. Ní shásóidh sé sin saint lucht an rachmais, fiú. Tá cath fíochmhar le teacht.

Close
Close