Ionramháil feirge agus éadóchais sa Bhrasaíl

Ionramháil feirge agus éadóchais

Ciarán Ó Pronntaigh

Má tháinig bua lucht an Bhreatimeachta agus Donald Trump, mar chomhartha sóirt d’fhorbairt an phobalachais, aniar aduaidh orainn, níl aon leithscéal againn bheith dall le cás na Brasaíle. Thogh muintir na tíre sin duine de na daoine ba mhó ar an eite dheis, ag deireadh na míosa.

Iaroifigeach airm atá in Jair Bolsonaro, agus sheas sé ar chlár polaitiúil ina raibh macallaí den deachtóireacht dhearóil a bhí i réim sa tír, tuilleadh agus 30 bliain ó shin. Mhol sé an deachtóireacht sin agus na modhanna oibre a bhí aici, mar a bhí, céasadh agus imtheorannú ‘naimhde an stáit’ mar aon leis an lámh láidir agus ‘luachanna an teaghlaigh’.

Bhí stair measartha forásach ag an Bhrasaíl ar feadh roinnt blianta roimhe sin; thug an tUachtarán Lula, bunaitheoir Pháirtí na nOibrithe, isteach go leor polasaithe a chuidigh leis an lucht oibre agus na boicht, dream a bhí faoi chois le tamall fada. Is tír í an Bhrasaíl a bhfuil míchothroime ollmhór inti agus tá cumhacht nach beag ag comhlachtaí móra agus teaghlaigh an rachmais.

Bhí gean an phobail ar Lula ach bhí na húdaráis (agus an mhuintir shaibhre) ar a thóir. Ag brath ar cé acu taobh a n-éistear leis, rinne na húdaráis targaid de agus dá rialtas, a tháinig i gcumhacht sa bhliain 2003, de thairbhe gur bagairt a bhí iontu do na grúpaí sin a raibh cumhacht acu, nó, dar leis na húdaráis féin, tharraing Lula agus a rialtas an trioblóid orthu féin mar gheall ar chúbláil agus caimiléireacht.

Sa bhliain 2014, cuireadh tús le hoibríocht dar teideal ‘Car Wash’ agus cuireadh an dlí ar Lula agus oifigigh sa rialtas. Úsáid breabanna agus sciúradh airgid na cúiseanna a cuireadh i leith Lula. I mí Iúil, 2017, ciontaíodh é agus cuireadh príosúnacht naoi mbliana go leith air.

I ndiaidh tamaill d’iarrachtaí achomhairc, chuaigh sé isteach sa phríosún i mí Aibreáin. Ach bhí an toghchán uachtaránachta ag teannadh leis an tír agus rinne Lula iarracht seasamh. Cé go ndearna Coiste Cearta Daonna na Náisiún Aontaithe, agus grúpaí eile, achainí ar a shon, ní raibh gar ann. D’fhan an t-iaruachtarán i bpríosún. Bhí gach cosúlacht ar an scéal go mbeadh an bua ag Lula dá ligfí dó seasamh – bheadh suas le 40% den vóta aige, de réir na bpobalbhreitheanna.

Ach tá gnéithe tábhachtacha eile de bhua Bolsonaro ann seachas an t-iomaitheoir is mó a bhaint amach as an toghchán. Bhain sé 55% den vóta i gcoinne Fernando Haddad ó Pháirtí na nOibrithe. Ní miste a lua gur toghchán réitithe a bhí ann, idir an dá iomaitheoir ba mhó sa chéad bhabhta. Bhain Bolsonaro 46% den vóta sa chéad bhabhta.

Ní leor a rá, áfach, gurbh é an lucht rachmais a thug an bua dó sa bhabhta réitithe. Thacaigh siad leis, cinnte, ach caithfidh gur vótáil daoine bochta ar a shon chomh maith. Is é fírinne an scéil gur mhothaigh go leor daoine a thugadh tacaíocht do Pháirtí na nOibrithe leis na blianta nach raibh an páirtí ag tabhairt airde orthusan ná ar a gcuid éileamh. Bhí siad dubh dóite leis an pháirtí, go háirithe nuair nach raibh Lula ann.

Mhaolaigh Bolsonaro an teachtaireacht chrua sa dara babhta agus, ar dhóigh chliste, luaigh sé éilimh grúpaí áirithe, le tuilleadh daoine míshásta a mhealladh chuige. Tá eagla ar dhaoine mar gheall ar an fhoréigean a fheiceann siad ar na sráideanna.

Agus, ar ndóigh, bhí ról nach beag ag na meáin shóisialta. Seans nach mbeidh iomlán an scéil againn faoin tionchar a bhí acu nó bíonn cuid mhaith dá dtarlaíonn ar líne spriocdhírithe ar bhonn pearsanta. An méid a léifidh tú ar Twitter, mar shampla, bainfidh sé le do chuid roghanna féin, an oiread sin go ndeirtear go mbíonn daoine i mbolgóid nuair a bhíonn siad ar líne.

Más maith le grúpaí leas a bhaint as seo, thig leo úsáid a bhaint as rud a dtugtar ‘botaí’ a ionramhálann an dioscúrsa. Úsáideann na botaí seo algartaim a bhrúnn dea-scéalta faoi chúis amháin chun cinn agus a ionsaíonn daoine a scríobhann ina gcoinne. An éifeacht a bhíonn le feachtas mar sin go gcuireann sé beaguchtach ar na daoine a chuireann i gcoinne mórfheachtas spriocdhírithe. Rinneadh gearán faoi leith faoin tionchar a bhí ag an aip WhatsApp, ach go háirithe.

Is ceacht é seo dúinn uile más luachmhar linn an daonlathas agus cearta daonna. Má thig leis an eite dheis an-chrua an bua a fháil trí chur i leith polaiteoirí forásacha gur cuid den bhunaíocht iad agus má thig leo an clár polaitiúil acu a chaitheamh i dtraipisí trí ionsaithe dlí, feicfidh go leor daoine nach fiú an daonlathas. Sa chás sin, is ríléir gur féidir ár gcuid mothúchán a ionramháil trí fheachtas spriocdhírithe agus easpa dóchais.

Close
Close