Bímis cineálta dá chéile an Nollaig seo

Michelle Nic Pháidín

Is iomaí teaghlach a mbeidh suíochán folamh ag a dtábla an Nollaig seo. An rud is méasa fán suíochán seo ná cé nach mbeidh duine ar bith ina suí ann, beidh níos mó le rá ag an fholúntas ná ag go leor do na suíocháin a bheidh líonta le daoine muinteartha. Cásann folúntas ag an Nollaig ár gcroí agus bíonn macalla aige a fhanann linn i rith an lae.

Lá Nollag mothaíonn muid gur cheart dúinn a bheith gealchroíoch in áit a bheith gruama agus tugann muid droim láimhe do smaointe atá brónach, ach tagann siad aníos arís agus arís, ar nós tonnta san fharraige mhór, de bharr gur lá fíor-mhaoithneach atá ann. Mar sin, ghlac leis go bhfuil sé nádúrtha a bheith maoithneach agus trom amannta le linn an tséasúir agus is cinnte go dtabharfaidh sin píosa beag faoisimh don anam.  

Tá teaghlaigh eile ann ina bhfuil daoine iontu go dona tinn. Tá a fhios ag na daoine seo gur seans nach mbeidh siad anseo ag an uair seo an bhliain seo chugainn agus tá sin crua do chách. Is fiú Lá Nollag fíor-speisialta a bheith acu i mbliana agus neart pictúirí agus físeán a thógáil a bheidh ann sna blianta atá amach romhainn.

Cé go ndeirtear linn gurb í an Nollaig an tréimhse is deise don bhliain do theaghlaigh, tá go leor máithreacha agus aithreacha amuigh ansin nach bhfuil lena gcuid páistí, ar chúis amháin nó ar chúis eile. Thig leis a bheith ina am chrua, níl aon amhras ann fá dtaobh do.

Cuireann scannáin Hollywood cuma eile ar scéal na Nollag. Feiceann muid teaghlaigh ag baint sult as an cheiliúradh uilig, Lá Nollag agus táblaí móra trom le bia agus deoch, bronntanais ina luí ag bun an chrainn, tinte móra sna teallaigh, sneachta ar an talamh amuigh agus na réalta go hard sa spéir. Ní mar sin atá sé do chuid mhór áfach.

Tá daoine ann agus is oíche ró-chiúin atá in Oíche Nollag, oíche uaigneach. I dtithe eile ina bhfuil tuismitheoir nó tuismitheoirí ag tógáil drugaí nó ag ól barraíocht, is oíche chiúin a bhfuil na páistí ag guí ar a son agus iad ag dul a luí seachas Playstation ó Dhadaí na Nollag.

Léiríonn staitisticí go dtagann ardú suntasach ar an fhoréigean baile ag an am seo. Tugann an suíomh womensaid.ie le fios go gcuireann fir áirithe tuilleadh brú ar mhná agus iad a rá leo nach dtabharfadh siad airgead dóibh fá choinne bronntanas muna bhfaigheann siad féin an rud atá uathu. Ardaíonn líon na mban is gá a thabhairt chun na hotharlainne de bharr mí-iompair nó mí-úsáide de chineál inteacht i rith na Nollag nó ina diaidh. Is cinnte go bhfeiceann páistí an mí-iompar seo chomh maith agus go bhfánann sé leo ar feadh i bhfad. Is mó an lorg a fhágann cuimhní ón óige ar intinn daoine agus is cinnte go n-eascraíonn go leor tinnis intinne as na cuimhní sin agus iad níos sine.

Bíonn go leor cásanna cúirte ann mar thoradh ar dhrochiompar le linn aimsir na Nollag, an séasúr atá ann in ainm agus a bheith gealgháireach draíochta sultmhar.

Bíonn brú airgid ar dhaoine chomh maith agus an Nollaig ar an tairseach. De réir alt a foilsíodh ar an journal.ie ag an am seo anuraidh, bhí sé ar intinn ag 33% de dhaoine iasacht a fháil don Nollaig. San alt chéanna, dúradh go gcaitheann daoine, ar an mheán, thar €1000 ag an am seo bliana. Léirigh daoine eile a cuireadh faoi agallamh go raibh rún acu an t-airgead a bhí á shábháil sa bhanc acu a chaitheamh ar bhronntanais, bia agus deoch.

Is trua go mbíonn an cineál sin brú ar dhaoine. Na blianta ó shin, chur mé agallamh ar fhear a thugadh amach iasachtaí do dhaoine, siorc iasachtaí a bhí ann. Máithreacha is mó a bhí ag tarraingt air roimh an Nollaig, a dúirt sé. Bhí na fir ag ól agus ní raibh airgead ar bith fágtha ag na mná le bronntanais a cheannacht. Dúirt seisean go mbeadh na mná seo faoi bhrú leis an airgead a íoc ar ais i gcaitheamh na bliana. Bhí trua aige dóibh ach ní raibh an dara suí sa bhuaile aige ach an iasacht a chur ar fáil.

Caithfear smaoineamh orthu seo fosta nach bhfuil baile ar bith acu. Na daoine a bhíonn ina luí amuigh faoi spéartha liatha lán de bháisteach agus sneachta. Ina luí ar shráideanna crua na cathrach agus muidne inár suí istigh agus ár mbolg ag at le saint.

Léiríonn an Nollaig míchothromaíochtaí sa tsochaí. Tá muid ag déanamh dearmad de bunchoincheap na Nollag: a bheith lách cineálta agus deas dá chéile. Is am atá ann nuair is cóir dúinn a bheith ag smaointiú ar dhóigheanna le cuidiú le chéile.

Dóigh amháin ná cuireadh chun tí a thabhairt do dhaoine a bheas leo féin i mbliana. Deis atá ann fosta síntiús airgid a thabhairt do na carthanachtaí a chuidíonn le mná agus le páistí. Thig linn beart bia a chur ar fáil do na heagraíochtaí pobail a chuireann dinnéar na Nollag ar fáil do dhaoine atá ar an ghannchuid.

Is deis atá sa Nollaig aoibh cheart an gháire a chur orainn féin fríd mhaitheas a dhéanamh do dhaoine eile agus sílimse gur sin an bronntanas is deise a thig a thabhairt an Nollaig seo - níl aon amhras ann ach go dtógfaidh sé do chroí féin ag an am chéanna.  


Close
Close