Katie Saoidhbh McGreal
Nuair a bhí mé sa mheánscoil bhí mé o mo bhall den chór agus i ndiaidh an chleachtaidh gach seachtain, mhothaigh mé an-mhaith. Ach cén fáth?
De réir na heolaíochta, scaoileann do chorp amach níos mó hormóin mhaithe agus tú ag canadh: ionoirfiní, séireatoinin agus dopaimín san áireamh. Is mar gheall orthu sin a airíonn muid níos fearr tar éis dúinn a bheith ag canadh.
Ach tá go leor buntaistí eile ag an gcanadh freisin.
Bíonn tú ag análú ar bhealach difriúil agus tú ag canadh, bealach a gcuireann ar do chumas níos mó ocsaigine a fháil isteach san fhuil agus bogann an fhuil níos éifeachtaí timpeall do choirp dá bharr. Ina theannta sin, méadaíonn an t-análú seo an méid oibre is féidir le do scamhóga a dhéanamh agus bíonn tú ag úsáid cuid de na matáin thart ar chreat na n-easnacha nach n-úsáidtear go minic, rud láidríonn na matáin fein.
Is cleachtadh aireachais é an canadh chomh maith. Bíonn tú iomlán dírithe ar na focail agus ar na nótaí, ní bhíonn tú in ann díriú ar aon rud eile. Bíonn d’aird iomlán ar an rud atá ag tarlú san am sin, le cinntiú go mbeidh na nótaí agus na focail chearta á gcanadh agat - ní féidir leat a bheith buartha faoin rud úd a tharla san obair nó cathain a bheidh an t-am agat an níochán a dhéanamh.
Nuair atáimid ag canadh táimid ag scaoileadh fuinneamh amach as ár scornach agus nuair a imíonn fuinneamh amach as an gcolainn, cruthaíonn sin spás do rudaí eile teacht isteach. Bím ag caint go minic faoi na mothútháin agus cé chomh tábhachtach is atá sé na mothúcháin a bhrath i gceart. Níl sna mothúcháin ach fuinneamh agus is bealach iontach é an canadh le scoaileadh leis an bhfuinneamh sin. Ní gá dúinn caoineadh nó béiceadh le ligean d’fhuinneamh imeacht uainn. Is féidir linn scaoileadh leis an bhfuinneamh sin ar bhonn rialta, ag déanamh rudaí deasa ar nós canadh. Tá tú ag glanadh seanfhuinneamh amach agus ag cruthú spáis d’fhuinneamh maith úr.
Leis an bhfuinneamh seo, tá tú ag scaoileadh le strus agus teannas freisin. Coinníonn muid go leor teannais sa chorp, i ngan fhios dúinn féin de gnáth. Gan mórán stró, cabhraíonn an canadh leis an scaoileadh sin.
Gheobhaidh tú na buntáistí ar fad thuas ó bheith ag canadh leat féin nó mar chuid de ghrúpa, ach tá buntáistí breise le comhthéacs an ghrúpa. Is ainmhithe sóisialta muid agus tugann cór deis álainn dúinn teacht le chéile le daoine eile ar feadh cúpla uair an chloig, castáil ar a chéile, a bheith ag labhairt le chéile, a bheith ag ceol agus canadh le chéile.
Mar sin, bí ag canadh: leat féin sa chith nó sa charr nó mar chuid de ghrúpa… tá neart tairbhe le baint as!