Bí taobh amuigh

Le Katie McGreal

Tá a fhios ag gach duine go raibh drochaimsir againn in Éirinn le linn an samhraidh agus mar sin, ar feadh cíocise nó mar sin ní raibh mé féin taobh amuigh mórán. D’oibrigh mé ón mbaile, idir scríbhneoireacht agus ranganna ar líne agus mar sin, bhí sé an-éasca dom fanacht taobh istigh. 

I ndiaidh tamaill, thuig mé nach raibh mé ag mothú go maith. Bhí rud éigin ag cur as dom ach níor thuig mé céard a bhí ann ar dtús. Ansin, thuig mé gurb é nach raibh mé ag caitheamh aon ama taobh amuigh, agus mhothaigh mé é. 

Ó shin, téim amach ar feadh cúpla nóiméad ar a laghad gach maidin. Bhí cúpla maidin ann go raibh mé in éadaí báistí agus ag seasamh díreach taobh amuigh den doras, ag ól caifé agus an báisteach ag titim go trom orm. Tá sé greannmhar ag smaoineamh air ach b’in an t-aon bhealach dom a bheith taobh amuigh agus an aimsir chomh gránna sin. Is iomaí maidin a chaith mé ag seasamh faoi chrainn agus é ag gloradh báistí chomh maith. Ach, cé nach raibh sé i gcónaí deas a bheith fluich báite, d’aithin mé an-difir ionam féin go luath i ndiaidh gur thosaigh mé ag déanamh seo. 

Is mar chuid den nádúr muid agus níor chruthaíodh muid le bheith taobh istigh, ar siúl ó aer úr agus mar sin an t-am ar fad. Níor chuir sé aon iontas orm gur mhothaigh mé níos fearr agus mé ag déanamh iarrachta a bheith taobh amuigh. 

Ach bhí orm iarracht a dhéanamh cinntiú go raibh mé taobh amuigh, fiú sa samhradh! Má tá tú ag iarraidh cinntiú go mbeidh tú taobh amuigh níos mó, go háirithe sa gheimhreadh, gach seans go mbeidh ort iarracht spéisialta a dhéanamh freisin. Mar sin, tá mé ag déanamh dúshlán liom féin agus tugaim fáilte romhat an dúshlán a dhéanamh liom. 

Tá mé ag iarraidh ar a laghad cúig nóiméad a chaitheamh taobh amuigh, gan aon rud a dhéanamh ach a bheith taobh amuigh ar a laghad cúig lá sa tseachtain. B’fhéidir go ndéanfaidh mé níos mó laethanta agus ar feadh níos faide, ach b’fhearr liom a bheith réalaíoch. Beidh an cúig nóiméad seo mar chúig nóiméad breise. Ní leor a rá go raibh mé ag seasamh taobh amuigh ag fanacht ar an mbus nó ag siúl go dtí an carr. 

Nuair a thosaigh mé ag caitheamh níos mó ama taobh amuigh sa samhradh, bhí mo mheabhairshláinte níos fearr mar nuair a fheiceann tú rudaí móra, nádúrtha timpeall ort tuigeann tú go bhfuil rudaí eile ag tarlú sa saol agus ní deireadh an domhain é cibé rud atá ag dul ar aghaidh duitse go pearsanta. Bhí mé ag fáil aer úr agus bhí mé in ann smaoineamh ar bhonn níos soiléire agus mhothaigh mé i bhfad níos sásta. 

Ba bhreá liom cloisteáil uait má tá tú le tabhairt faoin dúshlán seo liom agus faoi na fáthanna go bhfuil suim agat ann! Is féidir leat teaghmáil a dhéanamh liom ar na meáin shóisialta nó tríd an suíomh seo. 

Close
Close