Katie Saoidhbh McGreal
Tá dhá thréimhse mhóra sa bhliain ina mbíonn daoine ag smaoineamh ar nósanna nua a thosú: mí Mheán Fómhair agus mí Eanáir.
Mar sin féin is féidir nósanna nua a thosú ag aon am den bhliain. Má tá tú ag iarraidh tús a chur le nós úr, tosaigh ag an am is feiliúnaí duitse - ní gá fanacht go dtí mí Eanáir, tús míosa nó fiú tús seachtaine, díreach tosaigh!
Tá cúpla nod agam anseo duit le cabhrú leat a chinntiú go bhfanfaidh an nós seo leat agus go n-éireoidh leat sa bhfiontar.
- Bí réalaíoch leat féin agus faoi na rudaí atá tú ag iarraidh a bhaint amach. Bíodh tuiscint agat ort féin agus ar an méid is féidir leat a dhéanamh. Más rud é gur mhaith leat tosú ag rith ná tosaigh le 10 gciliméadar in aghaidh an lae, seacht lá sa tseachtain. Tosaigh amach le sprioc atá níos éasca a bhaint amach: 10 nóiméad, cúig lá sa tseachtain, cuir i gcás.
- Bíodh tuiscint agat ar an bhfáth ar mhaith leat an nós seo a bheith mar chuid de do shaol. Muna bhfuil cúis agat le tabhairt faoin rith gach lá mar shampla, tá níos mó seans ann go n-éireoidh tú as roimh i bhfad. Ach, más rud é gur mhian leat mothú níos aclaí agus níos sláintiúla, gach uair a n-éiríonn tú le dul ag rith, beidh tú in ann a rá leat féin, “tá mé ag iarraidh mothú níos aclaí agus níos sláintiúla agus seo an bealach len é a dhéanamh”. Beidh sé níos éasca ort leanúint ar aghaidh dá réir.
- Roghnaigh am sa lá nó sa tseachtain chun an nós nua seo a dhéanamh agus cloí leis an am sin. Má dhéanann tú é ag an am céanna gach lá nó gach seachtain, beidh níos mó seans agat fanacht leis agus gan dearmad a dhéanamh air! Ceann de na deacrachtaí is mó a bhíonn agamsa le nósanna nua ná cuimhneamh orthu. Tá go leor cleasanna agam: bíonn nóta agam i m’fhéilre Google lena chinntiú go ndéanfaidh mé é, fágaim nótaí ar an scáthán dom féin nó in aice leis an doras. Ach an rud is fearr lena chinntiú go ndéanfaidh tú é ná é a chur le nós eile atá agat. Mar shampla, scuabaim m’fhiacla gach lá. Is nós é agus ní minic a dhéanaim dearmad air - má tá mé ag iarraidh rud nua a thosú déanaim an rud sin díreach sula scuabaim m’fhiacla nó díreach ina dhiaidh.
- Moladh eile atá agam ná bí cineálta lách leat féin. Nuair a thosaíonn tú nós nua tá tú ag cruthú cosán nua i d’inchinn agus tógann sé am athruithe a chur i bhfeidhm. Más rud é go dteipeann ort coinneáil suas leis i ndiaidh cúpla lá nó seachtain, ná héirigh as. Tosaigh arís agus más rud é go ndéanann sé maitheas duit, nó go mbaineann tú sult as an iarracht nó as an toradh, beidh leat ar deireadh.
Go n-éirí leat!