Teanga an tí: “Bhí an ‘Fíoras Dubh’ inár n-aghaidh gach uile áit”

Ciarán Dunbar 

Nuair a d’fhoilsigh Meon Eile figiúirí de chuid Roinn Oideachais Thuaisceart Éireann ag deireadh mhí na Samhna anuraidh, chuir sé splanc le díospóireacht fá thodhchaí na teanga.

Foilsíodh an t-eolas in éineacht le haisfhreagra ó na heagraíochtaí Gaeilge – bhí siad ar fad in amhras fá chruinnis na bhfigiúrí.

Ó shin, tá mionanailís déanta ag Fachtna Ó Drisceoil ó RTÉ Raidió na Gaeltachta ar an ábhar.

Ar aon dul le Fachtna, tchítear dom go bhfuil fadhb ann leis na figiúirí anseo is ansiúd.

Is léir nár tuairiscíodh gach páiste a bhfuil an Ghaeilge acu mar theanga tí agus nach bhfuil an córas comhairimh ag feidhmiú i gceart.

Áibhéil

Mar sin féin, is léir don dall go bhfuil áibhéil ollmhór déanta i gcásanna áirithe.

Chuir an figiúr seafóideach ó Dhomhnach Mór (73) i dTír Eoghain go mór leis an ollmhéid.

Lena chois, tchítear dom go bhfuil áibhéil bheag déanta maidir le corrscoil eile a mbeadh eolas agam orthu.  

Bhí cuid scoileanna measartha flaithiúil maidir le coincheap ‘teanga an tí’, dar le mo chuid taithí féin.

Ní féidir liom easaontú le hoiread is focal a scríobh Fachtna Ó Drisceoil ina bhreithiúnas féin:

“Ní chreidim go raibh laghdú 50% in imeacht cúig bliana ar líon na bpáistí a bhfuil an Ghaeilge mar theanga theaghlaigh acu i dTuaisceart na hÉireann. Ach tá amhras orm freisin faoi cé chomh hard is atá na figiúirí oifigiúla i gcás roinnt scoileanna i dTuaisceart Éireann. Mar shampla, tá amhras orm go bhfuil 73 dalta arb í an Ghaeilge teanga an teaghlaigh acu ag freastal ar Scoil Chlochar Naomh Iosaef i nDomhach Mór, scoil Bhéarla ina bhfuil aonad Gaeilge i mbaile beag i gCo Thír Eoghain. Agus tá amhras orm faoi roinnt de na ráitis starógacha a dhéantar faoi staid na Gaeilge mar theanga theaghlaigh i measc phobal Thuaisceart na hÉireann.”

Tá sé inchreidte go mbeadh titim ann ach ní dócha gur thit sé chomh tubáisteach sin.

Déanta na fírinne, chuaigh mé sa tóir ar na figiúirí mar bhí leath-bharúil agam go mbeadh titim ann.

Seo ábhar a chuireann le mo thuairim ar an ábhar – de réir fhigiúirí na Roinne bhí 821 páiste ann a raibh Gaeilge mar theanga tí acu cúig bliana ó shin.

Creidim go bhfuil an líon sin inchreidte mar suíonn sé go compordach leis an líon a chuir mé féin chun tosaigh siar in 2009:

CARTLANN: Cá mhéad cainteoir Gaeilge atá ann ó thuaidh i 2009

 “Creidim go léiríonn na staitisticí a bhfuil ar fáil againn go labhraíonn tuairim ar 1,500 duine fásta an Ghaeilge sa teach ar bhonn laethúil agus go bhfuil idir 1,000-1,500 [páistí] a thógáil le Gaeilge sna Sé Chontae san am atá i láthair,” a scríobh mé an t-am sin.

Ionsaíodh mé as an taighde sin a fhoilsiú mar ní raibh sé “chun leas na Gaeilge” – ach níor bhac éinne le hiarracht é a bhréagnú.

Sách íseal 

Agus mura bhfuil an figiúr don bhliain anuraidh cruinn (481), cén dóigh ar féidir go raibh an figiúr do 2013/14 (821 cruinn)?

Rud atá cinnte, cé go bhfuil ardú suntasach ann maidir le líon na bpáistí atá á dtógáil le Gaeilge ó bhí, abair, na 1950í ann nuair a bhí seachtar de theaglaigh Ghaelacha i mBéal Feirste go bhfios dúinn, tá an líon sách íseal i dtólamh.

Ar ndóigh, tá muid ag caint ar ‘theanga tí’ anseo – glacaim leis go gciallaíonn sé sin go mbeadh Gaeilge ag an dá thuismitheoir, iad beirt ag caint i nGaeilge amháin agus na páistí aonteangach sa Ghaeilge tráth dá bharr.

Is é sin an tuiscint atá ag an Roinn Oideachais gan amhras – óir ní mar gheall ar an Ghaeilge a bhailítear na staitisticí seo ach ar mhaithe le heolas a bhailiú maidir le páistí nach mbeadh acu ach teangacha eachtrannacha agus iad in aois na scoile chun gur féidir cabhrú leo an Béarla a shealbhú.

Teanga an tí? 

Is léir go bhfuil cor á chur sa scéal agus trácht á dhéanamh ar an dátheangachas agus é a chur i gcomparáid le Gaeilge amháin a bheith ag daoine mar theanga an tí – ní mheasaim gur cóir an chomparáid é sin.

Mar a scríobh Fachtna, áfach, is tabú é an t-abhar seo i saol na Gaeilge.

Ach is féidir scéal difriúil a fháil “as an taifead” ach dul sa tóir air.

Níor mhaígh éinne ar labhair mise leo go raibh líon na bpáistí á thógáil le Gaeilge mórán níos airde ná mar a léirigh na figiúirí oifigiúla – nó go bhfuil sé ag ardú go suntasach ach an oiread.

Dúirt Gaeilgeoir mór le rá liom, cuir i gcas, go mbeadh an-iontas air dá mbeadh 481 páiste ó thuaidh a bhfuil Gaeilge mar chéad teanga acu.

Réalaíochas

Dúirt an duine seo, agus dúirt daoine eile liom féin é fosta, gur réalaíche labhairt i dtéarmaí dátheangachais.

Arís is arís eile, dúradh liom go bhfuil fás mór tagtha ar nósmhaireacht an dátheangachais le tamall de bhlianta agus gurb é sin an áit a bhfuil an dóchas – go háirithe in Iarthar Bhéal Feirste.

Níl aon fhianaise neamhspleách ann a dhearbhaíonn sin áfach.

Féadaim a thuairisciú go sleamhnaíonn an dátheangachas i dtreo aonteangachas Béarla – sin atá ráite ag cuid de na tuismitheoirí iad féin liom.

Arís as an taifead, dúirt ceannaire i ngluaiseacht na Gaeilge liom:

“Éist, ní thuigim cén fáth a mbíonn daoine, a bhfuil scoith na Gaeilge acu, ag caint Béarla amháin lena gcuid páistí – bíonn Gaeilge níos fearr ag cuid acu ná mar a bhíonn agam féin.”

Tionchar na Gaelscolaíochta

Dúirt fear a oibríonn ar an talamh ar son na Gaeilge liom gur shíl sé go raibh fás na Gaelscolaíochta - an t-ábhar dóchais is mó ó thuaidh, a deirtear go minic - ag cur isteach ar líon na dteaghlach a labhraíonn Gaeilge sa bhaile.

Is é sin le rá go bhfuil daoine falsa agus gurbh fhearr leo sealbhú na Gaeilge a fhágáil ag na múinteoirí.

Arís eile, ba mhaith liom focail chróga Uí Dhrisceoil a úsáid chun an pointe a dhéanamh níos fearr ná mar is féidir liom féin:

Faraor, tá an ceangal idir Gaeilge a bheith ag daoine agus na daoine sin a bheith ag tógáil a bpáistí le Gaeilge níos laige ná mar ba mhaith linn. Roinnt de na Gaeil is Gaelaí dá bhfuil ann – de réir gach cosúlacht eile – níor thóg siad a bpáistí féin le Gaeilge, ina measc scríbhneoirí Gaeilge mór le rá, scoláirí Gaeilge, craoltóirí Gaeilge, iriseoirí Gaeilge, daoine atá ag tuilleamh a slí bheatha ón nGaeilge, daoine mór le rá a bhíonn ag freastal ar Oireachtas na Gaeilge srl. Tá an feiniméan seo ar cheann de na driseacha cosáin is mó roimh fhás na Gaeilge mar theanga dhúchais. Má ligeann muid orainn nach ann don fhadhb, ní féidir linn dul i ngleic léi.”

Cuireann an ráiteas seo ceann clúiteach eile ar an ábhar céanna i gcuimhne dom:

People were just stirring; the donkeys were being loaded with the bardogs, and the children were driving out the cows. Everywhere the Black Fact confronted us. Every mother was an Irish speaker, but not a single word could be heard but English. Somehow, the people of Omeath have mostly the idea that, to speak Irish and English, they would need two heads...8 

Focal scoir

Thiocfadh leis an daonáireamh scoile a dhéantar ó thuaidh a bheith fíor-úsáideach maidir le tomhas a dhéanamh ar neart na Gaeilge, ach é a úsáid go cruinn is go curámach agus gan aon áibhéil a dhéanamh ar mhaithe le scéal dearfach a scaipeadh.

Ceann de na ráitis is léargasaí dár gcuala mé maidir leis an chomhrá seo, tháinig sé ón scríbhneoir Feirsteach Seán Ó Muireagáin ar Twitter:

Tá sár-obair déanta ag lucht na Gaeilge, sa Ghaelscolaíocht ach go háirithe, ach tá ceo an chogaidh dár ndalladh go minic. Tá uainn an dea-scéal fá fhás na Gaeilge ach tá uainn an fhírinne fán chogadh fada atá roimh an Ghaeilge mar theanga.”

Sin agat é.

Close
Close