Baol dár saoirse, dár bhféiniúlacht, dár ndaonlathas, dár sábháilteacht

Le Lisa Nic an Bhreithimh.

Dúirt an Taoiseach úr le gairid gur cheart dúinn bheith lándáiríre faoi na comharthaí rabhaidh ó thaobh an íde béil atá á tabhairt do pholaiteoirí “before the unthinkable happens”. Ar an 30 Márta i gCluain Dolcáin, Baile Átha Cliath, dhúnmharaigh beirt déagóirí fear Crótach 31 bliain d’aois, Josip Strok, as a theanga féin a labhairt. Tá an rud doshamhlaithe tarlaithe cheana féin.

Scríobh mé alt sé mhí ó shin faoi chíréibeacha Bhaile Átha Cliath 2023 agus alt eile sé mhí roimhe sin faoi ionsaithe ar dhaoine LADTA+. Tá comharthaí ollmhóra tugtha faoi deara ag go leor le fada. Tá cúrsaí anois ag éirí níos measa ná riamh ó thaobh ionsaithe, réamhchlaonta agus seineafóibe de.

Tá an eite i bhfad amach ar dheis ag éirí níos glórmhaire agus ag scaipeadh a gcuid fuatha, a mbréageolas agus a gclaonadh don fhoréigean níos forleithne gach lá. Ní hé go bhfuil an líon acu agus a shamhlóimis nuair a fheicimid díospóireachtaí ar líne. Tá cuid mhór bots agus lucht tacaíochta ó thíortha eile ina measc, ach tá baol ann fós féin.

Is eagraíocht é an Hope and Courage Collective a oibríonn chun cosc a chur ar eagrú fuatha sa tír. Dúirt Mark Malone ón eagraíocht le Harry McGee, “There is a playbook: to stoke up fears in communities, and to foment division and confrontation..Those that are doing it on a regular basis, and are significant content producers, the inner core, it’s probably about 25 to 30 people.” Déantar go leor den eagrúchán go ciúin ar ghrúpaí Telegram agus grúpaí príobháideacha Facebook. Cuma an líon áfach, caithfear níos mó a dhéanamh le cinntiú nach maraítear nó nach ndéantar ionsaí ar níos mó daoine.

Chualathas faoi ionsaithe ciníocha i Londain díreach i ndiaidh vóta an Bhreatimeachta agus sna Stáit Aontaithe i ndiaidh do Trump a bheith tofa. Cé nach bhfuil an eite i bhfad amach ar dheis in Éirinn chomh mór sin, bíonn iarmhairtí nuair a chloistear guthanna lán le fuath, ciníochas, homa/trasfóibe agus eile. Is leor duine amháin a bheith meallta ag a gcuid tuairimíochta chun go dtarlódh ionsaí. Is é sin an chúis, measaim, gur gá dúinn ár sochaí a chosaint ón mbréageolas, ón bhfuath agus ón eite i bhfad amach ar dheis.

Caithfear a bheith airdeallach ar scéalta faoi ‘concerned mothers’ nó a leithéid. Níl aon amhras go bhfuil daoine ann atá buartha faoi dhaoine a thagann isteach sa tír ar lorg tearmainn, go bhfuil an-obair de dhíth ar ár bpolasaithe inimirce sa tír agus gur cheart don rialtas cumarsáid cheart a dhéanamh leis an bpobal, ach tá rud straitéiseach, eagraithe, comhordaithe ar siúl chomh maith céanna.

Cuirtear carachtair ar nós ‘an mháthair bhuartha’ chun tosaigh d'aon ghnó ionas go dtugtar cluas éisteachta do leithéid an chiníochais. Caithfear fiosrú cé hiad na daoine seo – an bhfuil cúlra polaitiúil acu? Is féidir dallamullóg a chur ar dhaoine agus na meáin go héasca.

Tá gluaiseacht chomhordaithe smaointeach phleanáilte ar siúl chun an idé-eolaíocht fhíordheise a chur chun cinn. Tagann frásaí ar nós ‘close the borders’, ‘unvetted men of military age’, ‘Ireland is full’ ó thíortha eile. Scaiptear iad go forleathan trí algartaim ar na meáin shóisialta, athrá ar fhíseáin ar líne agus eile. De réir a chéile cloistear iad i gcaint na ndaoine. Níl fianaise nó fíricí leis na rudaí a mbagraítear ina gcoinne go mion minic ach tugann siad ábhar cainte agus manaí do ghrúpaí chun gur féidir leo eagla agus fuath a scaipeadh.

Mar a dúirt comhairleoir SDLP, Lilian Seenoi Barr, “It is an organised, terrorist group of people who want to harm immigrants…radicalising young people and encouraging them to go and harm others.” Caithfear smaoineamh faoin gcomhthéacs forleathan leis seo. Tá rudaí den chineál céanna ag tarlú timpeall na cruinne. Feictear na hiarrachtaí eagraithe céanna fud na hEorpa. Tá gríosóirí ag teacht i dtír ar bhuairteanna agus eagla daoine áitiúla.

Ar an 18 Aibreán, bhailigh slua ag baile an Aire Roderic O’Gorman agus balaclávaí orthu. Bhreac siad fógraí ar gheataí a thí le manaí amhail ‘close the borders’ agus trácht ar ‘phlandáil’ – frása in úsáid ag náisiúnaithe geala a deir go bhfuil tíortha le daonraí geala den chuid is mó i mbaol toisc na hinimirce. Níor gabhadh oiread is duine amháin ar an oíche.

D'éirigh Leo Varadkar as a ról mar Thaoiseach toisc ‘cúiseanna pearsanta agus proifisiúnta’ ag aois 45 bliana. Níl amhras ach go raibh cúiseanna éagsúla dá chinneadh, ach shamhlófá gur deacair an rud é bheith i do Thaoiseach mar fhear aerach inniu. Is minic a chloistear maslaí homafóibeacha á rá leis ar fhíseáin ar líne.

Caithfidh polaiteoirí a bheith freagrach as a gcuid cinntí. Caithfidh an pobal agus lucht an fhreasúra iad a cheistiú agus a imscrúdú. An gá, áfach, ‘faggot’ a screadaíl orthu? - nó agóid a dhéanamh ag a dtithe agus a bpáirtithe/gclanna laistigh? Ní léirsiú é agóid i spás príobháideach duine mar seo. Ní ‘léirsiú’ maslaí homafóibeacha a bhéiceadh.

Tá iompar mar seo fíorbhaolach dár sochaí, cuma ár dtuairimí polaitiúla. Ní cuntasacht é seo ach drochbhail agus fuath. Ba cheart creideamh na ngríosóirí a cheistiú chomh maith. Is cosúil gur ionsaithe níos measa agus níos pearsanta iad na cinn i gcoinne na mban agus daoine aiteacha. Tá an fuath agus an homafóibe ag croílár a gcuid creideamh go rómhinic. Cén todhchaí atá amach romhainn má tá daoine, go háirithe mná is mionlaigh, scanraithe roimh shaol an pholaiteora inniu?

Ar an 25 Aibreán, bhailigh 2000 duine ag agóid i mBaile an Chinnéidigh, Co Chill Mhantáin ag Trudder House, áit a bhí folamh le 10 mbliana roimhe sin agus inar cuireadh teifigh le gairid. Tuairiscíodh nach as an áit cuid mhór den 2000 duine. Lasadh tinte, caitheadh clocha agus bhí tua sa slua. Tháinig Aonad an Oird Phoiblí den Gharda Síochána isteach, bhí coimhlint fhoréigneach idir na Gardaí agus an lucht agóide agus gabhadh seisear.

Agus mé ag siúl i mBaile Munna le gairid, chonaic mé léirsiú ‘Ireland for the Irish’ gar d’ionad Soláthar Díreach. Bhí an léirsiú ar siúl san áit chéanna le léirsiú seachtainiúil ar son na Palaistíne. Seachas smaoineamh faoin lucht agóide, smaoinigh mé faoi na páistí agus na daoine fásta san ionad féin. Cé hiad na mothúcháin a bhí orthu – scéin? Brón? Uafás? D’éalaigh siad óna dtíortha féin toisc na mothúcháin chéanna. Is gá smaoineamh faoi na mionlaigh sa tír seo, daoine de dhath go háirithe, faoi láthair agus na himpleachtaí ar a saolta, seachas díriú ar an lucht agóide amháin. Conas is féidir linn cuidiú leosan nó taispeáint dóibh go bhfuil Éire sábháilte?

Úsáidtear brat na hÉireann – brat bunaithe ar an ionchuimsiú agus ar shíochán – ag léirsithe mar seo. Ní minic a chloistear focal Gaeilge ina measc. Ní fheadar an dtuigeann na gríosóirí ár gcultúr nó ár stair? Ní fada uainne leithéid No blacks, No dogs, No Irish.

Mar a scríobh Leon Diop do The Journal, “In Ireland, we were once immigrants who had to travel to avoid death, famine and oppression. We were not always treated well where we landed. Now our media talks about these human beings like they are a swarm of bees and a nuisance. For us to treat refugees like this. For our media and government to talk about them in this manner is us failing asylum seekers, forgetting our history and forgoing the values of what it means to be Irish.” Tá freagrachtaí ar an rialtas, ar na meáin agus orainn go léir.

Caithfear aithne a chur ar na páirtithe polaitiúla atá ag scaipeadh bréageolais, ag cur fuath chun cinn agus a gcuid nathanna cainte a aithint – ar bhileoga toghcháin, ar fhíseáin ar líne ionas nach scaiptear an fuath níos leithne arís.

Caithfear bheith cúramach faoi mheáin chumarsáide i bhfad amach ar an eite dheis freisin agus ceisteanna a chur – cé atá ag scríobh ar a son agus cé hiad? Cé atá ag íoc astu? Tráth dá raibh bhí muid in ann meáin mar seo a aithint go héasca ach tá siad ag éirí níos fearr iad féin a cheilt. Caithfimid a bheith níos airdeallaí ná riamh faoina bhfuil á léamh againn.

Deir taighdeoirí bréageolais nach leor an bréageolas a ‘cheartú’ ach gur gá an fhírinne a scaipeadh go luath agus fud fad na háite. Caithfear bheith cinnte go bhfuil fíricí agus fíorscéalta amuigh ansin sula roinntear an bréageolas. Is féidir linn an t-eolas cruinn seo a roinnt leis na daoine is ansa linn, labhairt leo ag an mbord cistine mar a rinneamar faoi ábhair ar nós an chomhionannais pósta. Tá sé níos tábhachtaí ná riamh go roinnimid eolas cruinn agus go leanaimid orainn i mbun comhráite. Ní féidir ligean do ghríosóirí na rialacha imeartha a leagadh amach. Tá Factchecker úr ag The Journal, tá The Beacon ann atá ‘frithchiníoch agus frithfhaisisteach’ agus tá foinsí éagsúla taighde ar an mbréageolas.

I ndiaidh an ionsaithe ar a theach, dúirt an tAire O’Gorman, “Threats and intimidation towards publicly elected representatives and those seeking election will undermine those essential qualities of Irish democracy. If we were to lose those, we would lose something very dear, and not easily recovered.”

 Tá go leor le cailleadh againn. Tá baol ann go mbeidh dul siar ar dhul chun cinn ár staire is déanaí, ar na rudaí a vótálamar ar a son nó go mbainfear cearta a dtroideamar dóibh. Tá ár gcuid airde, gníomhaíochais agus dlúthpháirtíochta fíorthábhachtach chun an tír a bhfuil aithne againne uirthi agus ár gcuid luachanna a chosaint. Seo am na cinniúna.


Close
Close