Louise Smith
Níor bhain mé an crannchur le linn dom a bheith ar thréimhse máithreachais.
Cé go mothaím ar bhealach gur bhain mar b’fhearr liom an cúpla atá agam ná cúpla milliún punt i bhfírinne.
Ach níor bhain, agus cosúil le go leor máithreacha eile fud fad an domhan, bhí orm pilleadh chun na hoibre. Back ar ais.
Nuair a rugadh an bheirt chailíní níor chreid mé go mbeinn ábalta iad a fhágáil choíche - nuair a bhí siad sé mhí bhí mé sásta giota beag ama a fháil dom féin. Agus nuair a bhí siad bliain d’aois, bhí mé réidh le pilleadh ar an obair.
Ach cad é a bhí chomh difriúil?
Bhuel ar an chéad dul síos, bhí an tréimhse máithreachais thart agus ní raibh an darna rogha agam.
Ach fosta... bhí na cailíní chóir a bheith ábalta siúl. Thuas seal thíos seal.
Bhí cúpla focal Gaeilge agus Béarla acu agus iad ag foghlaim de réir a chéile.
Bhí siad iontach sásta leis an ghogamán ag na seisiúin thriallacha.
Agus le bheith ionraic bhí sos de dhith orm ó na ranntaí, bloicíní agus ó bheith ag rá “Ah ah ah, ná déan sin!” go síoraí.
Sin uilig ráite bhí imní orm go dtitfinn as a chéile ar an chéad lá ar ais san oifig. D’fhág mé iad go luath ar maidin agus bhí a fhios agam go mbainfidís sult an an chraic leis an ghogamán. Bhí gach rud ullmhaithe agam dóibh sa mhála athraithe, buidéil, báinne, bia, éadaí breise, clúidíní, ceirtíní agus cúpla bréagán ón bhaile, cé go mbeadh go leor acu i dteach an ghogamáin féin.
An gogamán bocht. Fuair sí an iomarca teachtaireachtaí uaim le heolas nach raibh chomh práinneach agus a cheap mé ag an am.
“Tá bibeanna breise sa bhaile.”
“Is maith leo codladh beag ag an am seo.”
“Smailc bheag ag an am seo.”
“An bhfuil siad ceart go leor?”
“An bhfuil siad go fóill ag casacht?”
“Tá paraicéiteamól sa mhála dóibh.”
Seo uilig do bhean atá ag tabhairt aire do pháistí le níos mó ná daichead bliain anuas.
Mar a tharla sé, níor thit mé as a chéile ar an chéad lá ar ais. Bhí comhráite deasa agam le mo chomhghleacaithe a chuir fáilte mhór romham.
Anois, oibrím san oifig trí lá in aghaidh na seachtaine agus oibrím mar mháthair na ceithre lá eile.
An rud a rith liom go gasta ná go dtaitníonn sé liom a bheith in ann rudaí a fháil déanta. Agus mé ar ais san oifig, is féidir liom liosta dualgaisí a scríobh síos, agus cuspóirí an lae a chur i gcrích, a fhad is nach bhfaighim píosa breise oibre gan réamhfhógra.
Is cuma cé acu an t-athair nó an mháthair a bhíonn ag tabhairt aire do leanaí, bíonn lá fíor-ghnóthach acu.
Cheap mise i gcónaí go raibh mé gnóthach le linn mo shaoil oibre. Agus bhí. Ach tá léibheal eile ann nuair atá tú ag rith i ndiaidh na bpáistí.
Ag cócaireacht le lámh amháin agus tachrán sa lámh eile, ag déanamh sealadaíocht eatarthu agus súil ghéar ar an chailín eile.
Ag glanadh urláir a bheas salach arís i gcionn uaire.
Ag crochadh suas éadaí nuair a bhíonn deis bheag ann agus na páistí ag súgradh go sona sásta agus réidh le rith ar ais chucu nuair a chluineann tú an an scairt “mama!”
Mothaíonn tú ciontacht gur fhág tú iad ar feadh cúpla bomaite, cé go raibh siad sábháilte sa chruib shúgartha, agus tú ag déanamh cinnte de go mbeadh a gcuid éadaí glan agus tirim.
Bíonn daoine ag rá go minic go dtugann an obair neamhspleáchas do mháithair i ndiaidh tréimhse maithreachais.
Aithním an íoróin sa ráiteas seo.
Ag obair d’eagraíocht mhór = neamhspleáchas?!
Ach cé go bhfuil dualgaisí oibre ort, tá neamhspleáchas ann nach bhfuil ann sa bhaile.
Is féidir leat cupán caife a dhéanamh agus a ól agus é go fóill te.
Ní thosnaíonn duine ar bith ag caoineadh nuair a théann tú chuig an leithreas.
Is féidir lón a ithe ag am lóin.
Is féidir comhráite a bheith agat.
Is féidir cruth a chur ar do lá oibre féin.
Is féidir do mhalaí a fháil déanta ag am lóin gan stró.
Ach ní sé sin le rá nach mbíonn deacrachtaí ann fosta le bheith ag obair.
Gan oíche mhaith chodlata a bheith agat le níos mó na bliain, is cinnte go bhfuil damáiste déanta don inchinn.
Bíonn daoine ag caint faoi ‘baby brain’ mar rud sealadach. B’fhéidir go mbraitheann sé sin ar na leanaí agus an méid codlata a ligeann siad dá dtuismitheoirí a fháil. Ach tá mé measartha cinnte de go mbeidh orm suí síos leis na cailíní s’agamsa uair éigin lá éigin agus a rá leo:
“Uair den tsaol a chailíní, bhí do mhamaí in ann abairt a chríochnú gan focal a lorg ó dhuine éigin eile. Bhí sí in ann siúl isteach chuig seomra gan dearmad a bheith déanta cad chuige, agus an cuisneoir a oscailt agus í in ann an rud a bhí uaithi a fháil láithreach in áit a bheith ag stanadh isteach ar feadh deich soicind amhail is go raibh sí ag oibriú amach suim iontach casta.”
Ní miste liom a admháil nach raibh mé ar an duine is éifeachtaí san oifig ar an chéad chúpla lá ar ais ach d’éirigh mé níos gaiste agus níos fearr de réir ama agus anois bím ag fágáil na hoifige ag deireadh an lae ag mothú go bhfuil rud éigin curtha i gcrích agam agus ar bís leis na cailíní a phiocadh suas.
Deirfinn go bhfuil sé difriúil do gach duine ach cuidíonn an éagsúlacht liom, cuidíonn an t-airgead liom fosta ar ndóigh agus cuireann an obair i gcuimhne dom go raibh saol agam sula raibh páistí agam agus go bhfuil sé fíor-thábhachtach an duine eile sin a choinneáil beo.