Athrú Aeráide: Na himpleachtaí dom & dúinn...

Maebh Ní Fhallúin

Níor smaoinigh mé go mion ar pháistí a bheith agam ariamh.

Ní hé nach raibh siad uaim, ach cosúil le go leor eile, chaith mé formhór na bhfichidí agus luath tríochaidí ag súil le Dia nach dtarlódh sé de thaisme.

Ag aois 34, bhí mé singil agus i mo chónaí i Londain.

Bhí dhá bhliain caite agam ag obair sa London School of Hygiene and Tropical Medicine agus, spreagtha ag an dea-obair agus paisean mórthimpeall orm, bheartaigh mé ar mháistreacht a dhéanamh sa tsláinte phoiblí.

Bhí rún agam bogadh abhaile uair éigin agus ar an bhonn sin dhírigh mé mo thaighde ar fhadhbanna sláinte phoiblí i dtíortha forbartha - murtall, alcól, meabhairshláinte srl.

De réir a chéile, mhúscail mo shuim i gceist an athruithe aeráide agus an tionchar a imríonn sé ar shláinte an phobail.

Bhí léacht amháin inar taispeánadh sleamhnán le dhá phláinéad go leith - sin atá ag teastáil chun daonra na cruinne a chothú má leanaimid linn ag ídiú acmhainní ag an ráta reatha.

Ní idé-eolaíocht ná hipitéis atá ann ach bunphrionsabal fisice.

Chuala mé go leor saineolaithe difriúla ag caint ar an ábhar, ó LSHTM, UCL, LSE, Oxford, Cambridge, Queen Mary, Ollscoil Chathair Londan agus Institiúid Tyndell.

Bhí siad uilig buartha faoin damáiste a bhí á dhéanamh don timpeallacht agus an bhagairt a chruthaigh sé do thodhchaí an chine dhaonna.

Ní scéalta diúltacha uilig a bhí le cloisteáil.

Bhí neart eolaithe ag rá go bhfeadfaí dul i ngleic le hathrú aeráide agus le fadhbanna móra sláinte phoiblí agus éagoithroime san aon dul, go raibh cuid den réiteach céanna ag baint leo.

Thug Comhaontú Pharás dóchas dom. Bhí bearnaí móra sa doiciméad, ach bhí gach tír ar domhan ag tarraingt lena chéile.

Go tobann, tharla Trump agus tharraing SAM siar ón gcomhaontú.

Tá SAM ar cheann de na tíortha is mó tomhaltais agus is mó asctaíochtaí carbóin ó bhreoslaí iontaise.

An rud nach gcloiseann an chluas ní chuireann sé buairt ar an gcroí.

Is minic na laethanta seo gurbh fhearr liom mura raibh an t-eolas agam, mura thuig mé na spriocanna atá imithe tharainn agus an riosca nach n-éireoidh linn spriocanna eile a bhaint amach chun téamh domhanda a choinneáil faoi bhun 2C.

Tá sé deacar an t-ábhar seo a phlé.

Tá an iomarca ábhair buartha ag daoine cheana féin agus fadhbanna níos práinní acu.

Ach tá dea-chomharthaí ann; tá an tAontas Eorpach agus an tSín ag glacadh ceannasaíochta ar an aistriú go foinsí fuinnimh inbhuanaithe.

Tá lucht gnó agus polaitíochta i ngach stát i Meiriceá ag déanamh neamhní den Uachtarán agus ag tabhairt geallúintí dá gcuid féin cloí le spriocanna Chomhaontú Pháras.

Tá na meáin ag tabhairt níos mó airde ar an gceist agus, ó tharla Ophelia, tá níos mó tuisceana ag Éireannaigh go mbaineann sé seo linn chomh maith.

Táim i gcaidreamh nua anois.

Níl a fhios agam céard a tharlóidh amach anseo, ach má éiríonn go maith linn, b’fhéidir go mbeidh comhrá againn faoin bhféidearthacht páistí a bheith againn.

Táim oscailte don bhféidearthacht sin ainneoin go bhfuil faitíos an domhain orm faoin bhagairt díreach amach romhainn.

Má tharlaíonn go mbeidh páiste againn, ní bheidh mé aineolach ar an bhfeagracht a bheas orm, ní hamháin cúram a dhéanamh dá bunriachtanais ach mo dhícheall a dhéanamh acmhainní nadúrtha saibhre na tíre seo - na haibhneacha, na foraoisí, an t-aer, na farraigí, an ithir - a chosaint ar a son.

Ceist dos na Gael - más tír gan teanga, tír gan anam, cad is tír gan acmhainní luachmhara nádúrtha ann?

Close
Close