Jack Mac Íomhair
Seanscéal agus meirg air. Tá an chaint ar fad tosaithe arís thuas ar an Chnoc. Is iad Sinn Féin an páirtí is déanaí lena bplean a chur in iúl maidir le hathchóiriú a dhéanamh ar na hinstitiúidí parlaiminte sna sé chontae.
Ach cad iad na leasuithe atá á moladh ag Sinn Féin, agus an bhfuil aon seans ann go gcuirfear i bhfeidhm iad?
An chros a bhaint de cheapachán an Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire
Seo an chéad mholadh atá ag Sinn Féin. Dar ndóigh, má dhiúltaíonn an páirtí náisiúnach nó aontachtach is mó duine a chur chun tosaigh do na róil seo, ní féidir Feidhmeannas a chur le chéile. Chonacthas é seo in 2017 nuair a d’éirigh Martin McGuinness as. Is é an moladh atá ag Sinn Féin ná gur féidir leis an chéad pháirtí náisiúnach nó aontachtach is mó eile an Chéad nó LeasChéad Aire a mholadh.
An chros a bhaint de thoghchán an Chinn Comhairle
Arís eile is gníomh é seo atá ag iarraidh stop a chur le haon chosc ar fheidhmiú an Tionóil. Idir 2022 agus 2024 dhiúltaigh an DUP tacaíocht a thabhairt d’éinne a bheith ina Cheann Comhairle mar agóid ar an Phrótacal a bhain leis an Comhaontú um Tharraingt Siar. Tá Sinn Féin ag iarraidh go mbeidh níos mó soiléireachta leis an ról fosta ionas go mbeidh a fhios ag an phobal cad é a bhíonn ar bun ag an Cheann Comhairle.
Athchóiriú a dhéanamh ar cheapachán an Aire Dlí agus Cirt
Caithfear Aire Dlí agus Cirt a cheapadh ar bhonn trasphobail. Rinneadh é seo in 2008 chun achrann a réiteach idir an DUP agus Sinn Féin maidir le seilbh na haireachta. De ghnáth, bíonn Aire ó Pháirtí na Comhghuaillíochta sa ról, agus idir 2016 agus 2017 bhí Aire Aontachtach Neamhspleách, Claire Sugden, ann. Mar chuid den mholadh seo, bheadh an tAire Dlí agus Cirt tofa faoin chóras d’Hondt amhail na haireachtaí eile. Beagnach 30 bliain i ndiaidh Chomhaontú Aoine an Chéasta, bheadh sé deacair an DUP a shamhlú ag ligean do Shinn Féin an Aireacht Dlí agus Cirt a ghlacadh.
Tuilleadh Cumhachtaí Fioscacha a thabhairt don Tionól
Le fada an lá tá Sinn Féin, agus an SDLP, ag déanamh na hargóinte go bhfuil níos mó cumhachtaí fioscacha de dhíth ar an Tionól. Bíonn an DUP ag rá gur fiú comhaontú níos fearr a fháil le Rialtas na Breataine chun níos mó airgid a fháil do na sé chontae. Sin ráite, chonacthas an Rúnaí Stáit, Hilary Benn, ag rá go gcaithfidh páirtithe an Tionóil bearta a chur i bhfeidhm chun airgead a bhailiú. Tá sé soiléir go bhfuil na páirtithe sa Tionól aontaithe ar rud amháin agus is é sin bearta bailithe airgid a sheachaint. Tá airgead ag teastáil uathu dar ndóigh, ach níor mhaith le haon pháirtí sa Tionól a bheith ar na bithiúnaigh sa scéal, go háirithe agus é níos fusa an milleán a chur ar Rialtas na Breataine as an easpa airgid.
Tá Sinn Féin ag iarraidh a chinntiú nach mbeidh bearnaí sa rialtas arís, rud a tharla go minic thar na blianta sna sé chontae. Is léir fosta go bhfuil na hathchóirithe seo de dhíth. Níl Sinn Féin ag rá go bhfuil siad ag iarraidh deireadh a chur le roinnt na cumhachta in aon chor. Tá gach cuma ar an scéal go bhfuil an SDLP agus Páirtí na Comhghuaillíochta sásta na hathchóirithe seo a phlé. Tá sé anois faoin DUP agus faoin UUP. An mbeidh siadsan sásta an “tír bheag seo” a fhorbairt, nó an mbeidh an rialtas áitiúil anseo i gcónaí i mbaol agus ag brath ar chros?
Mar shochaí iar-choimhlinte, is toradh ar an phróiseas síochána é go bhfuil rialtas de chineál ar bith ag feidhmiú anseo. Ach tá an cheist ann: cá fhad eile a bheidh muid sásta a bheith inár sochaí iar-choimhlinte?
Caithfidh muid i gcónaí cuimhneamh ar an áit a raibh cúrsaí, agus an méid daoine a cailleadh le linn na coimhlinte - ní dhéanfar dearmad air sin riamh.
Ach beidh Comhaontú Aoine an Chéasta 30 bliain ar an fhód i gceann dhá bhliain, nach bhfuil sé in am dúinn súil a chaitheamh chun tosaigh ar an chéad 30 bliain eile?



