Ag déanamh cairde agus tú i do dhuine fásta

Tá cúpla leid ag Katie Saoidhbh McGreal faoin dóigh le cairdeas a chothú agus tú níos sine

Katie Saoidhbh McGreal

Deirtear go bhfuil sé deacair cairde nua a dhéanamh agus tú i do dhuine fásta, ach ní sin an taithí atá agamsa. 

Dfhás mé aníos i mBaile Átha Cliath, agus nuair a bhí mé 20 chaith mé bliain sa Chóiré Theas. Ina dhiaidh sin bhí bliain amháin agam i nGaillimh, seacht mbliana i mBéal Feirste, sé bliana i nGaillimh arís agus anois tá mé bliain amháin caite agam sa Ghailís dtuaisceart na Spáinne. Mar sin, tá go leor taithí agam ar bheith ag bogadh agus ag buaileadh le daoine nua in áiteanna nuaagus cairde nua a dhéanamh.

Sa bhaile ina bhfuil mé anois, A Coruña, deirtear go bhfuil sé an-deacair buaileadh le daoine áitiúla. Deirtear go mbíonn siad an-druidte agus nach mbíonn siad ag iarraidh cairde nua a dhéanamh mar go bhfuil cairde acu ón gcliabhán agus níl níos mó uathu.

Ní gá gur fíor sin áfach. Tá cúpla cara agam anseo ar eachtrannaigh iad freisin, agus cinnte tá sé níos éasca cairdeas a chothú le heachtrannaigh eile mar bíonn siad ag iarraidh bualadh le daoine nua agus ceangal a dhéanamh leis an áit. Ach chomh maith leis sin, tá roinnt cairde eile áitiúla agam agus tá neart daoine a bhfuil aithne agam orthu freisin. 

Rinne mé na nascanna sin nuair a thosaigh mé ag freastal ar ionad ga agus ag imirt badmantain. Níor thosaigh mé ceachtar den dá rud sin díreach le cairde a dhéanamh ach anois, nuair a théim chuig na himeachtaí seo, tá aithne agam ar dhaoine, tá daoine ann a labhraím leo agus a bhfuil mé mór leo.

Tógann an cairdeas seo níos mó ama. Caithfidh foighne a bheith agat leis an gcineál seo cairdis ach más féidir leat caitheamh aimsire nó ranganna srl. a dhéanamh agus a bheith i gcomhluadar daoine ar an gcaoi sin, ní bheidh deacracht ar bith agat a bheith foighneach. 

Is breá liom na ranganna mantra agus ga a dhéanaim agus dá réir sin tá mé breá sásta freastal ar na rudaí seo agus gan a bheith buartha faoi dhaoine eile. Bím ann, fiú muna bhfuil cairde agam ann, agus, iontas na n-iontas, toisc go mbíonn ann chomh minic sin, cuirim aithnear dhaoine agus buailim leo ar an tsráid nó sa pháirc anois agus bíonn muid ag caint linn.

Deacracht amháin a bhíonn ag go leor daoine agus iad compordach ina saol, measaim, ná go mbíonn sé beagáinín míchompordach dóibh dul amach le rud éigin difriúil nó nua a dhéanamh. Má tá tú ag iarraidh cairde nua a dhéanamh áfach, caithfidh tú iarracht a dhéanamh agus tabhairt faoi rud éigin nua. Sin mar atá sé, níl aon dul as agus ní mór duit a bheith sásta tabhairt faoin dúshlán.

Rud a dhéanaim féin ná ní smaoiním air mórán. Déanaim iarracht a bheith gnóthach ag teacht suas go dtí an ócáid. mar a dúirt mé, roghnaím rudaí a bhfuil spéis mhór agam iontu. Is breá liom badmantan! Is cuimhin liom sular thosaigh mé ag imirt anseo go raibh mé an-neirbhíseach ar fad. Bhí mé neirbhíseach faoin teanga, faoin gcaighdeán imeartha, faoi na daoine, cibé rud a bhféadfainn a bheith neirbhíseach faoi, bhí! Ach bhí an dúil a bhí agam badmantan a imirt níos mó ná an imní sin agus mar sin de, chuaigh mé, bhain mé an-sult as agus bhí na daoine an-lách go deo!

Mar sin, más mian leat cairde nua a dhéanamh agus tú i do dhuine fásta, aimsigh caitheamh aimsire a bhfuil grá agat dó agus téigh go rang nó go himeacht éigin. Beidh iontas ort cé chomh deas is atá daoine eile nuair a chuireann tú aithne orthu. Is strainséirí iad gach duine sula gcuireann tú aithne orthu!

Close
Close