Athbheochan na hEabhraise: Cad é atá le foghlaim uaithi?

Anailís le Ciarán Dunbar

“Thar rud ar bith eile, thaispeáin Ben Yehuda (i) agus an mhuintir a tháinig ina dhiaidh nach rud dodhéanta seanteanga a chur a labhairt arís. Rinne siad rud nár deineadh ariamh roimhe, ceart go leor, ach thug siad faoi chomh misniúil agus chomh dóchasach sin nár theip ar an iarracht...” - Tomás Ó Canainn (ii)

Bheadh go leor cainteoirí Gaeilge an-mhíchompordach le bheith ag baint mórán tairbhe as athbheochan na hEabhraise mar gheall ar an dóigh ar tháinig stát Iosrael ar an tsaol agus mar gheall ar an dóigh ar gabhadh tailte Phalastínigh dhúchais na dúiche sin ag an am agus ó shin i leith.

Ní féidir athbheochan na hEabhraise a scaradh ón dóigh ar bunaíodh Iosrael agus ón tionchar a bhí aige sin ar Phalaistínigh, agus atá i gcónaí. Ní shéanaim sin.

Mar sin féin, ní dóigh liom go bhfuil an t-alt seo chun dochar nó sochar a dhéanamh do dhream ar bith sa chomhthéacs áirithe sin. (iii)

Is i gcomhthéacs athbheochana teanga atá an Eabhrais á scrúdú agam. Ar an drochuair, is gann na samplaí atá ar fáil d'athbheochan teanga a raibh rath uirthi nó a bhfuil cuma ar chúrsaí go bhfuil ag iarraidh go maith léi go fiú. Agus fiú sna cásanna sin, seans go mbeadh sciar de phobal na Gaeilge ar an taobh eile den argóint faoin teanga áirithe atá i gceist cibé ar bith.

‘Athbheochan’

Is í athbheochan na hEabhraise an athbheochan teanga is rathúla riamh. Tá difríochtaí an-tábhachtach ann idir cás na Gaeilge agus cás na hEabhraise ar ndóigh: “after all, Irish — more than Hebrew — has never died.” (iv)

Tá idir chainteoirí dúchais agus dlúthphobal nádúrtha ag an Ghaeilge go fóill, mar sin de, mar a míneoidh cheana, is ag iarraidh teanga a chaomhnú in áiteanna agus a athbheochan in áiteanna eile atá Gaeilgeoirí.

Chomh maith leis sin, cé go raibh gá leis an Ghaeilge a thabhairt chun rialtachta, i. an Caighdeán Oifigiúil a chur le chéile agus foclóirí a fhorbairt, ní raibh aon mhórobair de dhíth chun í a atógáil mar theanga.

Teanga nua ar go leor bealaí í an Eabhrais (v). Níl lucht na Gaeilge sásta dul síos an bóithrín sin, i. an teanga a shimpliú ar mhaithe len í a dhéanamh níos éasca a fhoghlaim. Seans gurb é an criólú an toradh nádúrtha dosheachanta i gcás athbheochana teanga áfach – is maith an scéalaí an aimsir.

Ní nach ionadh sin, óir tá difear mór ann i gcás na Gaeilge. Ní bhfuair an Ghaeilge bás go fóill mar chéad teanga nó mar theanga phobail ach sa chuid sin d’Éirinn ina bhfuair sí bás, is é sin le rá, an chuid is mó di. Fuair sí bás go hiomlán taobh amuigh den Ghaeltacht (má fhágtar Béarla na hÉireann ar leataobh, canúint atá ag fágáil bháis cúpla glúin tar éis na Gaeilge cibé ar bith).

Níorbh amhlaidh cás na hEabhraise.  Fuair sí bás mar chéad teanga agus teanga phobail breis agus 2,000 ó shin, ar a laghad. Mar sin féin, ba í teanga an Tórá agus an chreidimh í. Dá bharr sin, ní bhfuair sí bás iomlán riamh, bhí eolas éigin ag Giúdaigh air agus úsáideadh í go pointe mar lingua franca idir Giúdaigh ó thíortha éagsúla. Dá réir sin ní athbheochan teanga a bhí iomlán marbh a bhí ann, mar a scríobh Muiris Ó Laoire:

“D'fhéadfaí a mhaíomh, mar sin, go raibh an gnáthfhoclóir seo ar eolas ag tuismitheoirí     agus gur úsáid siad an t-eolas sin chun cabhrú lena gcuid páisti nuair a thagaidís abhaile ón     scoil chucu sa tráthnóna. Bhí eolas Giúdaigh riamh anall ar an Eabhrais, mar sin.” (vi)

Bhí Izre'el ar aon fhocal le hÓ Laoire:

“However, although not used as an everyday, all-purpose vernacular, pre-twentieth century Hebrew must not be regarded a dead language. During the many centuries of Jewish existence in Diaspora, Hebrew was used as the language of liturgy and religious studies. It also served for writing secular literature, notably during the Middle Ages and the nineteenth century. Furthermore, Hebrew was used as the Jewish inter-communal language, also in the spoken medium, both in the Diaspora and in Palestine.” (vii)

Mar sin de, ar bhealach, bhí buntáiste ag an Eabhrais óir ní raibh na Giúdaigh ag iarraidh dearmad a dhéanamh uirthi agus níor cailleadh scríobh agus léamh na teanga mar a tharla i gcás na Gaeilge go bunúsach.

Teanga ‘riachtanach’

Difear ollmhór eile le cás na Gaeilge ná riachtanas – is ar éigean atá an Ghaeilge ‘riachtanach’ in áit ar bith. Ba léir d’Izre'el gur bhac ollmhór é sin d’athbheocha na Gaeilge i gcomparáid leis an Eabhrais:

“There is one major factor missing for the success of Irish revival, which is necessity, viz., the need for inter-communal communication. In Ireland, English is a powerful obstacle to the spread of Irish. Can nationalistic idealism, which was another major factor in the revival of Hebrew, be made a necessity in Ireland?” (viii)

Is é sin le rá, an féidir le hidé-eolaíocht agus dílseacht bearna an riachtanais a líonadh – nó an féidir cúinsí (i. dlúthphobail) a chruthú, ar bhonn idé-eolaíochta ag an tús, ina mbeadh an Ghaeilge riachtanach san fhadtéarma?

Bhí Izre'el den tuairim go raibh dhá dheacracht mhóra ag athbheochan na Gaeilge:

“In sum, I see two major obstacles for the revival of Irish at this time: one socio-cultural, another seems to be linguistic. On the socio-cultural side, the Irish case lacks the need for the shift from using English to using Irish. On the linguistic side, one may wish to impose changes on the language for easier acquisition as a second language. This may turn out to be an even more severe obstacle put on the part of linguistic purists. This, of course, is not a linguistic obstacle but yet another socio-cultural one. The history of Hebrew tells us that language per se is an innocent construct: it poses no obstacles on its own part.” (ix)

Uime sin, is í an cheist ná an féidir pobail a chruthú ina mbeadh sé riachtanach Gaeilge a bheith ag duine chun páirt iomlán a ghlacadh i saol an phobail agus in institiúid an phobail agus ina mbeadh fios ar an Ghaeilge riachtanach chun post a fháil?

Cén fáth ar éirigh leis?

Cén fáth mar sin de ar éirigh le hathbheochan na hEabhraise? Seo achoimre Izre'el ar an cheist:

“The socio-cultural factors that brought about this change can be summarized as follows: (1) Some prior Hebrew background, mainly as a written language, but also as a means for inter-communal communication; (2) Critical mass of immigrants; (3) Idealism, both nationalistic and linguistic: making Hebrew the only language of communication; (4) Popular enforcement of using Hebrew; (5) Necessity: the need for inter-communal communication on a large-scale basis; (6) The role of children at school — in and out of class — and at home.” (x)

Tá pointí 2, 3 ar na cinn is ábhartha do chás na Gaeilge. Seans go mbeadh pointí 4, 6 agus 6 ábhartha i ndlúthpobail úra, ach ní go dtí sin.

An idé-eolaíocht

Sa deireadh thiar thall, is cinneadh é bású teanga agus is cinneadh é athbheochan teanga. Mar a scríobh Tomás Ó Canainn, duine de na daoine a bhunaigh Gaelphobal Ard Barra i nGleann Maighir (xi), Corcaigh:

“Mar sin a bhí ag na hIúdaigh. Shocraíodar go daingean nach labhróidís ach an Eabhrais agus bhí an lá leo.” (xii)

Creideamh agus idé-eolaíocht a bhí taobh thiar d’athbheochan na hEabhraise, cé go raibh gá cumarsáide leis sa deireadh:

“The conditions for the so-called revival of Hebrew in Palestine were most favorable. The new idealistic immigrants were impelled to make Hebrew their language not only as a means of inter-communal communication, but also as a matter of principle. By 1916-18 more than 75% of the young population in the new settlements in Palestine were using Hebrew as their main or only way of communication, and the number of native speakers of Hebrew steadily grew.” (xiii)

Gluaiseacht na ndaoine ba é sular bunaíodh stát Iosrael in 1948 ina “raibh an gnáthphobal sáite san ó thús deireadh” (xiv). Mar a scríobh Ó Laoire:

“Gluaiseacht phobail ón mbonn aníos a bhí inti. D' fhéadfaí a rá, mar sin, go rabhadar rannpháirteach san idé-eolaíocht ó thús deireadh sa mhéid gur mhúnlaigh siad gluaiseacht na hathbheochana ar ghluaiseacht phobail. Tharla athrú teanga sa teaghlach agus athrú teanga sa phobal le chéile.” (xv)

Níor tharla sé sin i gcás na Gaeilge agus is beag dul chun cinn atá déanta aici mar theanga teaghlaigh san iar-Ghaeltacht. D’éirigh le hAthbheochan na hEabhraise go huile agus go hiomlán, chlis ar athneartú na Gaeilge, go dtí seo cibé ar bith, d’ainneoin na gcosúlachtaí idir an dá chás.

“Ní fhéadfaí a rá gur tharla sé seo i gcás na Gaeilge, áit a raibh polasaí láidir tumoideachais i gceist chomh maith. D'éirigh leis an gcóras lánscolaíochta teanga Gaeilge cainteoirí ardchumais a chur ar fáil a bhí sásta an teanga a úsáid i ngnáth-chomhthéacsanna cumarsáide. Bhí, áfach, agus tá n a cainteoirí sin  róscáinte agus róscaipthe agus iad imeallaithe i gcónaí ag domhan an Bhéarla.” (xvi)

I bhfocail eile, theip ar athbheochan na Gaeilge mar gheall ar easpa dlúis go príomha agus mar gheall ar na cainteoirí a bheith báite sa Bhéarla.

Scoileanna agus teaghlaigh

Bhíodh athbheochan na Gaeilge ag brath ar na scoileanna ón tús ach ba dhoimhne athbheochan na hEabhraise óir d’éirigh léi briseadh isteach i dteaghlaigh Ghiúdacha agus ar aghaidh léi isteach sa phobal, cé gur tosaíodh sna scoileanna gan amhras:

“Mura raibh ach fíordhornán de theaghlaigh a raibh an Eabhrais mar theanga iontu faoin mbliain 1903... bhí méadú thar cuimse tagtha ar líon na gcainteoirí - suas go 40%, faoin mbliain 1921.” (xvii)

Bhí tuairim is 400 teaghlach ina raibh an Eabhrais á labhairt iontu in 1914 (xviii), thart ar an mhéid céanna ina bhfuil Gaeilge á labhairt i mBéal Feirste inniu (xix). Ach is sna lonnaíochtaí a bhí siad, dlúthphobailina raibh go leor Giúdach ina gcónaí le chéile, agus d’éirigh leo an t-aistriú a chur i gcrích dá réir. Nuair a bhí an pobal scaipthe, mar atá Gaeilgeoirí na hiar-Ghaeltachta, níor éirigh leo chomh maith céanna ar chor ar bith.

“Is diol suntais é chomh maith, dar ndóigh, go raibh formhór na dteaghlach Eabhraise sin lonnaithe, ar fad, ar na gabháltais agus sna bailte nua, mar Yafa. Sa chathair sin, bhí 75% de dhaonra na cathrach ag labhairt Eabhraise. A mhalairt de scéal a bhí i gcathair larúsailéim, áit nach raibh ach thart ar 5% de Ghiúdaigh á labhairt.” (xx)

I bhfocail eile, bhí dlús ann.

Na ceachtanna

Thar rud ar bith eile, is é an rud a chruthaíonn cás na hEabhraise ná GUR FÉIDIR TEANGA a athbheochan má tá daoine tiomanta don chúis sin agus má tá na cúinsí cearta ann.

Is é an dara rud is tábhachtaí is féidir a fhoghlaim ón eiseamláir seo ná GUR FÉIDIR TEANGA A ATHBHEOCHAN GO TAPA, taobh istigh de ghlúin nó dhó. D’éirigh le Giúdaigh na Palaistíne Eabhrais a athbheochan taobh istigh de 40 bliain, ní 400 bliain.

Chomh maith leis sin, ba ar bhonn idé-eolach a tharla sé seachas ar bhonn praiticiúil, mar a scríobh Ó Laoire:

“Ach ní mór a mheabhrú gur thosaigh athbheochan na hEabhraise i gceart nuair nach raibh puinn gá cumarsáide léi. Tharla sé seo ar na nuaghabháltais agus sna sráidbhailte le linn na tréimhse 1880-1930. Bhí an Ghiúdais ag formhór na n-inimirceach seo a lonnaigh ar na nuaghabháltais, agus ní raibh aon chúis phraiticiúil ná chumarsáideach acu len í a fhoghlaim...” (xxi)

Ní réitíonn anailís Uí Laoire go hiomlán le scoláire eile áfach. Seo a bhí le rá ag Shlomo Izre'el ar an gceist áirithe sin:

“So, it was in Palestine where Jews of various communities and from different linguistic backgrounds came into contact, that the need for a common language of interaction was especially felt. This inter-communal language could only be Hebrew, the common language shared by the dispersed Jewish people all over the world.” (xxii)

Dála an scéil, tá sé ráite ag Shlomo Izre'el nár shíl sé go mbeadh rath ar athbheochan na Gaeilge ar chúis eile: is é sin go bhfacthas dó gur shéan Gaeilgeoirí an náisiúnachas, dar leis.

Cad atá le foghlaim?

Mar sin de, cé go gcreidim go bhfuil go leor le foghlaim ó shampla na hEabhraise (xxiii), beag beann ar thuairim duine ar an tSíonachas, mar a bhíodh nó mar atá. Is é sin:

- Is féidir teanga a athbheochan.

- Is féidir teanga a athbheochan go tapa, taobh istigh de dhá ghlúin.

- Is féidir teanga a athbheochan ar bhonn idé-eolaíoch.

- Is féidir teanga a athbheochan gan tacaíocht stáit.

- Is féidir leis an tumoideachas a bheith ina bhunchloch d’athbheochan teanga má tá an toil sa phobal í a labhairt taobh amuigh den seomra ranga agus sa teaghlach go háirithe.

- Caithfidh dlús(anna) cainteoirí a bheith ann chun athbheochan ghinearálta a ghiniúint.

__________________________


i. Eliezer Ben-Yehuda (1858 – 1922), athair athbheochan na hEabhraise, an chéad-dhuine a thóg clann le hEabhrais.

ii. Ó Canainn, T. (1963).

iii. Mar a tharlaíonn sé, ní dóigh liom go dtagann aon rud a scríobhtar anseo salach ar aon treoir atá leagtha síos ag an ghluaiseacht BDS, cé nach ndearnadh é faoi na coinníollacha sin. Féach: https://bdsmovement.net/academic-boycott

iv. Izre'el, S. (2005).

v. “The emergence of Hebrew as a spoken language was not a revival of a dead language, but a creation of a new language.” Izre'el, S. (2005).

vi. Ó Laoire, M. (2002).

vii / vii / ix / x. Izre'el, S. (2005).

xi. Féach Dunbar (2021).

xii. Ó Canainn, T. (1963).

xii. Izre'el, S. (2005).

xiv / xv. Ó Laoire, M. (2002).

xvi. Izre'el, S. (2005).

xvii / xviii. Ó Laoire, M. (2002).

xix. Féach: https://www.meoneile.ie/nuacht/laghdu-ar-lion-na-ndaltai-scoile-o-thuaidh-a-bhfuil-an-ghaeilge-mar-theanga-teaghlaigh-acu

xx / xxi. Ó Laoire, M. (2002).

xii. Izre'el, S. (2005).

xxiii. Seans go mbeadh níos mó le foghlaim ó athbheochan na Seicise, teanga a bhí sa phonc céanna leis an Ghaeilge thart ar 1800, athbheochan ar éirigh léi go huile is go hiomlán. Ach is tearc an t-eolas atá ar fáil fá dtaobh de sna teangacha atá ar eolas agam féin.

Close
Close