Concubhar Ó Liatháin
Táim ar mo chapall ard (iarainn) ó tháinig sé chun solais go bhfuil sé in éadan an dlí bheith ag marcaíocht ar mo rothar leictreach i dTuaisceart Éireann mura bhfuil ceadúnas, árachas, uimhirphlátaí agus clogad gluaisrothair agam.
Le dhá bhliain anuas táim ag gabháil ar na bóithre anseo i mBéal Feirste ar an rothar seo, a cheannaigh mé a bhuíochas de scéim ‘Rothar Chun na hOibre’, scéim atá ag brath ar thacaíocht ó Bhailitheoirí Cánach Bhanríon Shasana.
Níor thug póilín an dara féachaint orm agus mé ar an tslí chun na hoibre agus abhaile.
Ach anois, ó theip ar an Fheidhmeannas Roinnte Cumhachta, is cosúil go bhfuil lúb ar lár sa dlí.
De réir reachtaíochta a fuair séala an dlí in 1955, is cosúil go n-áirítear mo rothar mar ghluaisrothar.
Níl seo fíor i bPoblacht na hÉireann ná, go deimhin, i Sasana, sa Bhreatain Bheag ná in Albain.
Aithnítear rothair leictreacha mar rothair - seachas mar ghluaisrothair - sna dlínsí sin ar fad.
Is cosúil go raibh sé ar an amchlár ag an dTionól an reachtaíocht seo a chur ina ceart agus a thabhairt suas chun dáta le go mbeadh sé ag teacht leis an reachtaíocht sna dlínsí eile, agus go mbeadh cead agam rothaíocht chomh saoráideach ó thuaidh is a bheadh sé ó dheas den teorainn nó ar an oileán mór ar an dtaobh thoir de Mhuir Éireann.
Ina áit sin, tá orm cúram sa bhreis a ghlacadh agus mé ag taisteal ar na bóithre ó thuaidh.
Ní leor bheith ag seachaint na gloine briste ar na bóithre i ndiaidh chlampar na dtinte cnámh thar an samhradh nó bheith ag cur an rothair sa ghléas is airde agus an chumhacht go barr nuair atáim ag rothaíocht ar Bhóthar na Seanchille - tarlaíonn sé go gcaithim é a thrasnú agus mé ar bhealach chun na hoibre.
Anois caithim bheith ag faire le haghaidh na bpóilíní ar eagla go dtógfadh duine acu ina c(h)eann m’ainm a chur i leabhar agus sé phointe pionóis a chur ar mo cheadúnas agus/nó fíneáil £1000 a chur orm as ucht bheith ag rothaíocht.
Ní dóigh liom, áfach, go bhfuil Seirbhís Poilíneachta Thuaisceart Éireann chun a bheith róbhuartha fúmsa.
Tá go leor le déanamh acu gan a bheith ag cur isteach ar rothaí fánach cosúil liomsa.
Tá an scéal i mbéal an phobail le tamall agus mar gheall ar chlampar a tógadh ar chlár Stephen Nolan ar BBC Raidió Uladh faoi, tá díolachán na rothar leictreach curtha ar ceal ag ollsiopa rothar amháin agus is dócha go bhfuil ceisteanna á gcur ag díoltóírí rothar eile.
An bhfuil gá le ceadúnas?
Anois, tá ceadúnas tiomána agam agus deirtear ann go bhfuil cead agam rothaíocht ar ghluaisrothar a bhfuil níos lú ná 50cc de chumhacht innill acu.
Ach ní féidir liom árachas a fháil mar níl mo rothar beag leictreach cláraithe agam le haghaidh uimhirphlátaí.
Nuair a théann tú chuig suíomh idirlín comhlacht árachais níl aon bhealach chun praghas a fháil gan uimhir chláraithe a thabhairt agus mar sin ní féidir liom árachas a fháil.
Níl aon drogall ar leith agam clogad gluaisrothair a fháil ach ós rud é go bhfuil mo cheann ana-mhór, ní fheadar an mbeadh sé róthrom dom.
Tá clogad rothaíochta agam agus creidim gur leor sin.
Táimse anois sa bhad chéanna leis an bpobal aerach ó thuaidh - tá cearta séanta orm atá ar fáil i ngach stát eile sa Ríocht Aontaithe agus, ar ndóigh, ar an taobh ó dheas den teorainn.
Tá comhaontú ann go bhfuil na cearta seo dlite dom - díreach is amhlaidh nach bhfuil an dlí cuí reachtaithe go fóill.
Níl aon cheist ann go mbeidh comhlachtaí árachais ag iarraidh córais a athrú chun polasaí a thairiscint dom i bhfianaise chomh soiléir is atá sé go mbeidh an reachtaíocht ann nuair a fhilleann an Tionól, má fhilleann.
Tá sé in am anois go léimfeadh na polaiteoirí ar a rothair.
Tá siad ag cur moill ar dhul chun cinn ar an oileán seo.
Níl sé maith go leor go bhfágfadh siad an pobal ar thaobh an bhóthair, an aer ligthe as ár mboinn, sinn sáinnithe gan a bheith ábalta gluaiseacht chun tosaigh...