Ar bhuaigh mé?

Katie McGreal

Deirtear gur bhuaigh mé.

Ní bhfuair an gadaí mo mhála agus mar sin bhuaigh mé.

Ní mhothaím féin gur bhuaigh mé áfach.

Ní bhfuair sé aon rud fisiciúil uaim ach d’athraigh sé mé.

Ar an 23 Nollaig bhí mé ag siúl abhaile ón amharclann le mo mháthair.

Bhíomar ar Bhóthar na Rinne i mBaile Átha Cliath ag thart ar 10.30in.

Go tobann tharraing duine éigin ón gcúl mé.

Bhí mé ar an talamh agus é go fóill de mo tharraingt.

Lig mé béic amach agus chomh sciobtha is ar tharla sé bhí sé thart.

Chonaic mé duine tanaí ag rothaíocht uaim.

Bhí éadaí dorcha air agus níor tháinig fuaim ar bith uaidh. 

Shíl mo mháthair gur rothaigh sé isteach ionam agus go raibh mé ceangailte leis an rothair.

Mhothaigh sí ciontach toisc nach ndearna sí aon rud len é a stopadh.

Ní raibh rud ar bith le déanamh.

Sa bhaile dúirt Daid liom “Cén fáth nach raibh do mhála taobh istigh de do chóta?”

Chaill mé an bloc leis.

“Cén fáth go ndearna sé iarracht mo mhála a ghoid? Ná cuir an locht orm! Ní dhearna mé aon rud mícheart.”

Níor dúirt sé aon rud eile faoi.

Tháinig bean suas chugainn ina dhiaidh agus í ag siúl lena madra.

Ní fhaca sí céard a tharla dom ach thug sí faoi deara go raibh an duine seo ar rothar ag teacht an-chóngarach dí agus í ar an bhfón.

Sheas sí as an mbealach agus d’imigh sé leis.

Is léir gur seo ceann de na ‘phone grabbers’ atá ag dul thart ar chathair Bhaile Átha Cliath le tamall.

Dúirt na Gardaí liom go dtarlaíonn sé go rialta go gcailleann daoine a bhfón agus iad á úsáid ar Shráideanna Grafton agus Uí Chonaill toisc go mbíonn na daoine seo ag rothaíocht thart ag tógáil na bhfón uathu agus de bharr go bhfuil siad ar rothar, tá siad imithe sula mbíonn a fhios agat céard atá ag tarlú. 

Tá brú craicinn dona ar m’uillinn agus mo chromán agus bhí mo ghlúin ag cur fola. Ghortaigh mé mo mhéar.

Tá na gortaithe sin ag imeacht.

Tá siad ag tógáil ama agus tá pianta go fóill iontu ach imeoidh siad.

An rud nach bhfuil ag imeacht ná an gortú inmheánach. 

Tá eagla orm roimh an dorchadas agus bhí deacrachtaí codlala agam ó tharla sé.

Níl mé in ann siúl ar shráideanna Bhaile Átha Cliath, fiú le linn an lae.

Tá eagla orm nuair a labhraíonn daoine liom ar an tsráid.

Níor iompair mé mála ó tharla sé agus tá mé amhrasach ag siúl áit ar bith sa dorchadas. 

Níl a fhios agam an bhfuil níos mó feirge agam leis an duine a rinne é nó leis an tsochaí a chruthaigh suíomh inar chreid sé go raibh air sin a dhéanamh le maireachtáil.

Ní chreidim go bhfuil a leithéid de dhroch-dhuine ann ach, mar a dúirt cara liom aréir, tá daoine fásta in ann cinneadh a dhéanamh agus rinne an duine sin cinneadh rudaí a ghoid ó dhaoine.

Daoine atá ag maireachtáil sa tsochaí chéanna leis agus gach seans go bhfuil siad chomh bocht céanna is atá sé féin agus ina dhiaidh sin beidh siad níos boichte fós.

Ní bhfuair sé aon rud - bhuaigh mé féin, a deirtear - ach fuair sé mo mhuinín, mo neamhspleáchas agus mo chreidiúint sa chine daonna.

Close
Close