Ar ais ar scoil...

Seán Fennell

Ar ais ar scoil. Éadaí scoile nua, bróga úra, pinn luaidhe nua, cás peann luaidhe nua, boscaí lóin, tairiscintí bia sna hollmhargaí le cur sna boscaí lóin céanna... an t-am sin den bhliain.

Ar ais ar scoil, na séasúir ag athrú, Fómhar ag teacht, de réir fheilire na gCeilteach, tá an Fómhar anseo, na laethe ag dul i ngiorracht, dorcha giota beag níos luaithe. An tsaoire thart. Deireadh ann, ach ré nua fosta. Ré gan choinne.

Ar ais ar scoil. Tá na tuismitheoirí agus caomhnóirí ar bís, struchtúr ag teastáil, gnáthlá, nósmhaireacht a chothú, páistí dúdoite, seo mar a bhíonn sa ghnáthshamhradh. Seacht nó ocht seachtaine de shaoirse do na múinteoirí, agus tuillte go maith acu.

Ar ais ar scoil, múinteoirí ag caoineadh uisce a gcinn ina ngloiní fíona agus ina bpiontaí Guinness!

Ach, ní mar a shíltear a bhítear. Seo caibidil úrnua agus tá gach rud athraithe, athraithe do pháistí scoile beaga agus móra agus do na tachráin óga sna naíscoileanna.

Áfach, tá sé beagán difriúil an iarraidh seo. De dheasca na paindéime agus na dianghlasála, druideadh na scoileanna in Éirinn roimh Lá Fhéile Pádraig. Ní raibh tromlach na bpáistí ar scoil le corradh is sé mhí, leathbhliain. Dochreidte.

Tharla cuid mhór le sé mhí anuas agus tá stór focal nua ag cur síos air agus téarmaíocht bhreá ag dul leis. Os a choinne sin, tá aird an phobail dírithe ar scoileanna agus ar chúrsaí oideachais ag an bhomaite.

I mo bharúil féin, má táimid ábalta mar shochaí, na bialanna, na hostáin, cuid de na tithe tábhairne, na cumainn CLG a oscailt agus neart eile, bhuel, ba chóir go mbeadh muid ábalta scoileanna a oscailt chomh maith.

Ach, tá sábháilteachas gach rannpháirtí le cur i gceist. An tiomanaí bus agus an múinteoir atá réidh le dul ar scór, nó an cúntóir óg ag toiseacht a céad phoist agus ar ndóighe, na páistí.

An fhadhb atá ag ceannairí agus cosmhuintir na scoileanna leis an chur chuige is déanaí ó Peter Weir agus an Roinn Oideachais ná gurb é seo arís an cur chuige is déanaí: athrú eile poirt.

Seans go n-athróidh sé arís roimh Mheán Fómhair.

Tá ceannairí, príomhoidí, gobhnóirí, múinteoirí, rúnaithe, mná lóin, fir aire, cúntóirí agus pobail na scoileanna ar bís go mbeidh páistí ar ais ar scoil ag foghlaim.

 

Tá rud éigin speisialta fá gach pobal scoile, bunscoil nó meánscoil, gaelscoil nó scoil Bhéarla. Tá mothú faoi leith a chuidíonn leis na daltaí, an mhuintir bheaga agus mhóra a bheith páirteach, bainteach, sábháilte agus ag forbairt mar dhaoine go mothúchanach, go fisiciúil agus go hacadúil.

Ar a bharr sin, tá sé doiligh ar chaomhnóirí agus ar thuismitheoirí iad féin dul ar obair má tá scoileanna druidte. Ámh, tá níos mó ná gogamanaíocht i gceist!

Go bhfios domh agus i mo thaithí féin, ní raibh saoire cheart ag an mhórchuid de na príomhoidí nó foirne ceannasaíochta i scoileanna. Chuaigh an t-oideachas, mar ba chóir, ar aghaidh mar chianfhoghlaim ó bhí lár mhí an Mhárta ann go deireadh mí an Mheithimh. Bhí múinteoirí ag tacú agus ag cur ceachtanna agus eolais in airde ar Google Classroom nó See Saw nó fóraim teagaisc eile agus cur i láthair ar fáil le Zoom mar shampla. Múineann gá seift. Bhí ullmhúchán, measúnú, marcáil agus aischothú le tabhairt ar ais agus tuairiscí dheireadh na bliana go fóill le scríobh. Bhí múinteoirí ar fáil i rith an lae le cuidiú le daltaí agus le tuismitheoirí a bhí ag treabhadh a n-iomaire féin leis an obair scoile.

Aontaím leis na rudaí seo ar fad, tá dualgais agus freagrachtaí ar mhúinteoirí seo a dhéanamh, a chomhlíonadh.

Ach, d'éirigh fadhb i ndiaidh faidhbe, nuair a d'athraigh an Roinn Oideachais a cuid moltaí agus leasuithe féin. Ag deireadh mhí an Mheithimh (19ú Meitheamh), dúradh le scoileanna a bheith ag pleanáil don Lá Nua Scoile Nua/New School Day (cuid a haon). Bhí na treoirlínte seo ag teacht leis an eolas atá i mbéal an phobail, maidir le scaradh sóisiálta, grúpaí beaga ag fanacht le chéile, "boilgeoga", mascanna aghaidhe, ag ní do lámha, díghalarú agus na gnéithe eile a bhfuil muid uilig cleachtaithe leo ar bhealach faoin am seo. Rinne scoileanna réidh agus d'ullmhaigh iad féin. Chaith scoileanna ar leith airgead ar an scaradh sóisiálta oifigiúil a chur i bhfeidhm mar a mhol an Roinn. Chaith ceannairí scoile cuid mhór ama ag oibriú rudaí amach ar bhonn praiticiúil.

Ar ndóighe, tá sé thar a bheith deacair na moltaí seo a chur i bhfeidhm le páistí agus daoine óga, go háirithe sa Bhonnchéim, sna luathbhlianta i scoileanna. Tá gach scoil difriúil lena chéile, scoil mhór, scoil bheag, scoil le ceithre ghrúpa de R5 agus scoil le R5 amháin, scoil le halla coirp oideachais, scoil gan halla, scoil le cuid mhór áiseanna nó fairsinge, nó, scoil i lár báire eastáit tithíochta nó faoin tuath.

Mar sin, bheartaigh ceannairí na scoileanna an bealach is fearr agus is sábháilte do scoil s'acu féin, pilleadh ar scoil go slán sábhailte. Ní hionann na socruithe, bheadh eisceachtaí ann, ach ghlac sé am, cur agus cúiteamh, plé agus caint.

Shocraigh roinnt príomhoidí agus foirne ceannasaíochta go mbeadh dhá lá sa tseachtain ag cuid de na daltaí Dé Luain agus Dé Máirt agus dhá lá ag grúpaí eile, Déardaoin agus Dé hAoine. Bheadh cianfhoghlaim ag titim amach ar na laethe eile. Mar sin de, d'fhág sin lá iomlán don ghlantachán idir an dá ghrúpa, an Chéadaoin mar shampla. Lean a lán scoileanna an leagan amach seo, ach dár ndóighe, níl sé foirfe. Dá mbeadh páiste tinn ar an Luan agus ar an Mháirt, mar shampla, chaillfeadh siad seachtain iomlán scoile, ar an ábhar, nach dtiocfadh leo meascadh leis an ghrúpa eile ar an Déardaoin ná ar an Aoine. Rinne scoileanna an-iarracht ag grúpáil na bpáistí de réir teaghlaigh fosta. Don mhórchuid, freastlaíonn deartháireacha agus deirfiúracha ar an bhunscoil chéanna. Bheadh sé amaideach gan na laethe céanna a thabhairt do na teaghlaigh sin.

Shocraigh scoileanna eile seisiún maidine agus seisiún tráthnóna a sholáthar. An buntáiste anseo, i mo thuairimse, ná go bhfeicfeadh na múinteoirí na páistí go laethúil i ngrúpaí beaga. Tá an teagmháil rialta sin iontach tábhachtach do pháistí óga nach dtig leo dul ar ríomhaire go neamhspleách nó páistí nach bhfuil rochtain acu ar ipad nó ar an idirlíon ach oiread. 

Tá tionchar cúrsaí teanga sna gaelscoileanna agus modheolaíocht an tumoideachais ag brath go mór ar ról na n-oidí, maidir le sealbhú teanga agus cumarsáid sa sprioctheanga a fhorbairt, le béim ar an labhairt agus caidreamh idir an dalta agus an múinteoir. Tá dúshláin le sarú anseo nach mbeadh ag scoil Bhéarla.

Gan amhras, tá míbhuntáistí ann do na páistí féin agus do na tuismitheoirí / caomhnóirí leis an dá chur chuige seo. Ní féidir leo pilleadh ar a gcuid oibre mar is ceart agus caithfear gogamanaíocht a shocrú.

Crúthaíonn seo fadhb eile, má tá maimeo nó daideo ag clútharú? Páistí ag meascadh le teaghlaigh eile taobh amuigh den "bhoilgeog" s'acu nó ag taisteal ar iompar poiblí níos minice.

Tá níos mó ceisteanna ná freagraí ann. Seo cúpla ceist a tháinig aníos sa phlé a bhí agam le múinteoirí agus oideachasóirí eile.

An mbeadh dinnéar nó lón ar fáil don lá iomlán? An mbeadh cead lón pacáilte a thabhairt i mbosca lóin? An mbeadh sé réadúil éadaí scoile a ní do gach lá scoile? An mbeidh mála scoile de dhíth?

An mbeidh tacaíocht bhreise ann do dhaltaí le sainriachtanais foghlama? An mbeidh srian nó cosc ar ábhair áirithe; corp oideachas, cocaireacht, eolaíocht? An mbeidh bus scoile ar fáil? An mbeidh ar dhaltaí meánscoile masc aghaidhe a chaitheamh? An mbeidh Cumann Bricfeasta ar fáil? An mbeidh Cumainn Iarscoile ann? An mbeidh gach rang ag toiseacht agus ag críochnú ag an am céanna? An mbeidh cead ag páistí súgradh le chéile? An íosfaidh na daltaí i gcuideachta a chéile sa halla dinnéir? Cá mhéad tréimhsí lóin agus sosa a bheadh de dhíth muna bhfuil cead ag ranganna bheith le chéile? An gcuirfidh an scoil trealamh ar fáil? An mbeidh obair bhaile ann? An mbeidh leabhair scoile ag dul 'na bhaile leis na páistí? An mbeidh córas aonbhealach de dhíth i scoileanna? An mbeidh ranganna ag glacadh páirt i sacraimintí? An mbeidh aon turas ann? An mbeidh scoileanna ábalta teacht le chéile ag ócáidí? An mbeidh trealamh cosanta pearsanta de dhíth ar mhúinteoir? An mbeidh múinteoirí agus cúntóirí ábalta an seomra foirne a úsáid? An mbeidh cead ag múinteoirí dul isteach i seomraí ranga difriúla? An mbeidh srian ar cheantracha roinnte; leabharlanna, leithris, gníomhcheantracha srl?

Ceist mhór eile ná an Scrúdú Aistrithe, atá ag feidhmniú go neamhspleách ón Roinn Oideachais ach in úsáid go forleathan le háit a fháil i scoil ghramadaí.

An rachaidh sin ar aghaidh i gcomhair leis na scoileanna gramadaí?

An mbeidh cead ag páistí bunscoile an scrúdú a dhéanamh i halla meánscoile i mí na Samhna?

An mbeidh daltaí R7 ullmhaithe don teist chonspóideach?

Beidh tuilleadh le cluinsint fá seo amach uaidh seo, gan amhras. Athrú eile poirt le teacht…

Le déanaí, ar an 6/8/20, d'fhógair Peter Weir, an tAire Oideachais, go mbeidh na scoileanna uilig i dTuaisceart na hÉireann oscailte do dhaltaí i mí Mheán an Fhómhair go lánaimseartha. Athrú eile poirt.

Níl feidhm le pleananna gearrthéarmacha na scoileanna, a chaith foirne ceannasaíochta cuid mhór ama ag socrú, ag eagrú agus ag pleanáil fána gcoinne. Beidh na páistí scoile ar ais go lánaimseartha. Mairfidh na pleananna a rinneadh i mí Iúil ag príomhoidí diográiseacha don chuid is mó, seachtain nó dhó. Obair in aisce, caite i dtraipísí.

New School Day, an cuimhin leat an cháipéis sin? Ná bí buartha, tá New School Day, cuid a dó ann anois, seachtó a dó leathanach ina iomlán. Neart eolais, neart moltaí, ach mar a luaigh mé ní hionann gach scoil.

Mar mhúinteoir agus mar thuismitheoir, tá lúchair orm. Ba mhaith liom na páistí a fheiceáil ar ais ar scoil, ag súgradh, ag forbairt, ag foghlaim agus ag fás.

Mol an óige agus tiocfaidh sí. Mol na páistí, na tuismitheoirí agus na caomhnóirí agus gach oibrí sna scoileanna agus, feicfidh muid. Tá ceist na scoileanna anois ar an ghad is giorra don scornach, ar an chloch is mó ar ár bpaidrín. Tá ar na scoileanna pleananna praiticiúla a chur i bhfeidhm bunaithe ar na foclaí sna caipéisí, ciall a bhaint astu a oireann do scoil s'acu féin. Scagadh agus cíoradh.

Tá muinín agam féin as múinteoirí, príomhoidí agus foirne ceannasaíochta na hÉireann riar ar riachtanais a scoileanna féin agus fáilte mhór a chur roimh dhaltaí i mí Mheán Fómhair.

Tá muinín agam féin as tuismitheoirí agus caomhnóirí na bpáistí le bheith ag comhoibriú agus ag tacú le scoileanna.

Agus gan amhras, tá muinín agam féin as páistí iontacha ár linne, a bheith sólubtha, láidir agus réidh do na dúshláin agus do na fadhbanna don scoilbhliain 2020/21.

Is féidir go mbeidh fuascailt na bhfadhbanna ag Peter Weir agus an Roinn Oideachais, sula dtosóidh na daltaí ar fad ar ais, nó athrú eile poirt.

Áfach, tuigim go bhfuil siad faoi bhrú le torthaí, freagraí agus fiosrúcháin a bhaineann le GCSE agus Ardleibhéal. Beidh Algartam Weir/Algorithm Weir in úsáid le scagadh a dhéanamh ar ghraid na mac léinn a chaighdeánú agus nach mbeidh na graid bunaithe ar bharúlacha na múinteoirí gairmiúla a theagasc is a d'ullmhaigh na daltaí agus a thug graid thuartha dóibh, faraor.

Ach fan, gabh mo leithscéal, tá sé sin athraithe anois, athrú eile poirt! Theip ar an algartam, níor réitigh na treoracha céimithe nuachumtha an fhadhb. Beidh barúil ghairmiúil an mhúinteora san áireamh le torthaí GCSE agus Ardleibhéil a mheas.

Ar ais ar scoil, ádh mór orainn ar fad, ar aghaidh linn... is féidir go gcaithfidh cúpla duine eile dul ar ais ar scoil chomh maith.

Close
Close