Ar ais ar mo bhealach, arís

Dónall Mac Giolla Chóill

Ma chloisim uair amháin eile duine ag cur síos ar an lorg a d’fhág an dianghlasáil ar a meabhairshláinte, bhuel, rachaidh mé as mo mheabhair!

Leis an fhírinne a rá, bhain mé féin sult as an dianghlasáil, agus mé ag amharc siar air.

Léigh mé níos mó, scríobh mé drochfhilíocht - cosúil le gach aon duine eile amuigh ansin - agus d’ith mé barraíocht - cosúil le gach aon duine eile amuigh ansin.

Níl duine ar bith a thig a chur i mo leith gur duine díograiseach mé, nó dírithe, nó róthugtha le bheith gnóthach.

Tá falsacht ar leith á cleachtadh agam, ach tá an cineál falsachta a chleachtaím iontach tuirsiúil, déanta na fírinne.

Tógann sé iarracht a bheith chomh falsa liomsa, tá mé a rá leat.

Níl aithne agam ar an dara duine a bhriseann an t-allas leo ag machnamh cé acu síneadh trasna chuig an tábla leis an gaireas cianrialaithe a thógáil, nó fanacht go dtiocfaidh duine inteacht i m’araicis lena thabhairt dom.

Tá mé chomh falsa sin go bhfuil mé ag clóscríobh an cholúin seo le dhá mhéar agus ordóg, anois sin falsacht duit.

Mar sin de, shásaigh an dianghlasáil an taobh falsa díom, cosc ar taisteal, cosc ar chaidreamh sóisialta, cosc ar chruinnithe, agus thar rud ar bith eile, cosc ar obair.

Faraor, tá deireadh á chur de réir a chéile leis na ciorruithe, agus na srianta sóisialta, a bheag ná a mhór.

Ach amháin i Leitir Ceanainn, áit a bhfuil mé agus mé á scríobh seo, tá mé ag ithe lóin agus ag ól pionta, ach tháinig beirt isteach i mo dhiaidh agus tugadh bata agus bóthar dóibh mar gheall ar nach raibh an teastas vacsaínithe acu.

Beidh siad ocrach inniu.

Bheinn ábalta trua a mhothú dóibh ach amháin go dtógfadh sin barraíocht d’iarracht agus mar gheall ar m’fhalsacht féin - agus ar fhalsacht shoiléir s’acusan nach dtiocfadh a bheith gaibhte le bheith vacsaínithe – tá cead acu dul ar ocras, b’fhéidir go spreagfadh a leithéid seo de chóras atá i bhfeidhm in Iarthuaisceart agus Oirdheisceart na hÉireann na leathdhaoine atá ag rith thart fá Oirthuaisceart an oileáin chéanna a gcuid vacsaíní a fháil.

Nach mé atá gan trócaire.

Tá mé i Leitir Ceanainn mar gheall ar mhionchomhdháil atá á reáchtáil faoi Bhreandán Ó Beacháin agus an Ghaeilge, áit theibí d’ábhar teibí, d’fhéadfá a rá.

Is mé atá i mbun aistriúchán comhuainneach a bhuíochas do lucht Líonra Leitir Ceanainn.

Ciallaíonn ócáidí mar seo go gcaithfidh mé éirí luath maidin Shathairn agus cúpla uair an chloig a chaitheamh ar busanna.

Hmmm!

Bhí mé ar na mallaibh ar an bhóthar arís eile le Compántas Amharclainne Aisling Ghéar, don chéad uair ó bhí an chéad dianghlasáil bheannaithe ann.

Bhí muid in Aonach Mhacha leis an dráma Is Iomaí Rud a Tharla le Nuala Ní Néíll, á stiúradh arís eile ag Bríd Ó Gallchóir agus Tony Devlin.

Seo scéal faoi bunú Ghaeltacht Bhóthar Seoighe agus cuid mhaith den mhéid a tharla le breis agus leathchéad bliain anuas.

D’éirigh go maith leis an dráma agus bhí an líon is mó b’fhéidir againn i ngach áit – le cuidiú na nDéithe, beidh sé ar ais ar an bhliain seo chugainn.

Coinnigh súil ghéar ar na meáin, agus coinneoidh mise ar an eolas sibh chomh maith.

Léiríodh an dráma seo sa bhliain 2019, agus gan mhoill i ndiaidh an chéad léirithe, thoisigh daoine ar fud na cruinne ag casachtaí, agus ní raibh blas nó boladh acu.

The rest - mar a deireann siad - is stair.

Anois rud amháin a bhfuil ain-chleachtadh agam air ná glaochanna gutháin go luath ar maidin, ach ó tharla go raibh mé ag plé le scoileanna, agus muna miste le múinteoir a bheith ina shuí/suí ar a seacht a chlog ar maidin, cad chuige nach mbeadh sé ceart go leor scairt a chur ar DMGC ag a naoi ar maidin?

Agus ná labhair liom faoi mhuintir Ard Mhacha, nach dtabharfadh an darna smaoineamh de scairt a chur ort thart ar a deich a chlog ar maidin.

Níl mé chun faic a rá faoi eagarthóir an tsuímh seo, a d’fhág teachtaireacht agam ar 9:36 r.n., ar maidin, san a.m. maidin inniu, mar atá luaite agam céanna (muna bhfuil, ba chóir go mbeadh) an Satharn.

Tá uchtach aici, agus acu go léir gur ligeadh na fóralacha áirithe i gConradh Síochána Idirnáisiúnta idir mé agus muintir Ghlais Dobhar Chú i léig thar na blianta, na cinn a bhaineann le pionós an bháis a ghearradh ar dhuine ar bith a chuireann scairt ar DMGC roimh an mheán lae.

Caithfidh mé maithiúnas a thabhairt do na daoine seo go léir, ó dhiúltaigh muintir Bhun an Leaca páirt a ghlacadh sa chomhghuaillíocht idirnáisiúnta a bhí beartaithe agam i gcoinne Ghlais Dobhar Chú, agus gan agat mar thaca ach an Rúis agus iadsan ar deireadh seachtaine saoire bainc, mar dheá, cén rogha atá agam?

Rinne mé clár teilifíse ar na mallaibh do Macha Media don BBC, clár dar teideal Willie John - Rogaire Mór Dhoire.

Tá mé a rá leat go raibh cuid mhór mochéirí i gceist leis an cheann sin, agus duine ar bith le súil ghéar acu, aithneoidh siad an difear idir na radharcanna a rinneadh a scannánú ag a naoi a chlog ar maidin, agus iad siúd a rinneadh i ndiaidh am lóin, níl na cinn um thráthnóna chomh fíochmhar céanna leis na cinn luatha.

Ba mhaith liom a chreidbheáil, go domhain ionam féin, go bhfuil áthas orm go bhfuil na srianta a scaoileadh de réir a chéile, agus gur deas an rud é a bheith ar ais sa phobal arís, ach ar an drochuair, tá mé róchleachtaithe leis an fhalsacht, agus cuireann fuaim mo ghutháin póca iteach ar chodladh na maidine.

Close
Close