An tUltach – Deireadh Ré

Seán Ó Farraigh

Rinneadh stangaire díom ar na mallaibh nuair a chuala mé an drochscéala nach mbeidh eagrán clóite eile arís den iris An tUltach, an dara hiris Ghaeilge is ársa dá bhfuil againn i saol na Gaeilge i ndiaidh An Timire.

Is iris í An tUltach atá ar maos i stair na teanga sna bólaí seo le beagnach céad bliain.

Is cinnte gur athraíodh saol iriseoireacht na Gaeilge ó Thuaidh go brách i mí Eanáir 1924 nuair a tháinig An tUltach ar an saol.

Is paiteanta gur cheannródaí é an tAthair Lorcán Ó Muireadhaigh (‘An Muireadhach Méith’) ós rud é gurbh é féin a sheas an fód do Ghaeilge Chúige Uladh le linn tréimhse chorrach do lucht labhartha na teanga san eang tíre seo.

Ba dhóigh leis go raibh faillí á déanamh inár gcanúint féin agus go raibh barraíocht béime á leagan ar na canúintí eile, go háirithe ar Ghaeilge Chúige Mumhan.

Is dócha gur tharla seo de dheasca na críochdheighilte a bheag nó a mhór agus bhí sé ar intinn aige Gaeilge Chúige Uladh a chaomhnú don chéad eile ghlúin.

Is dócha go raibh sé chomh díograiseach sin mar gheall ar a thógáil.

Ba de bhunadh Chairlinn ó dhúchais é a chiallaigh gur fhás sé aníos béal dorais le Gaeltacht Ó Méith agus ní bréag ar bith a rá go raibh sé faoi dhraíocht ag an cheantar chéanna.

Bhí an An tUltach lárnach san fhís seo agus is dócha go bhfágfaí litríocht na Cúige seo ar an trá fholamh murar bunaíodh í.

Tá cuma ar an scéal gur shíl an tAthair Ó Muireadhaigh go sábhálfadh canúint Chúige Uladh go príomha tríd an litríocht agus go mbeadh na hUltaigh féin freagrach aisti.

Tar éis an tsaoil, nach fóirsteanach an mana a bhí ag an iris leis na cianta ‘Cnámh Droma Ghaeilge Uladh’?

Murab ionann agus irisí eile Gaeilge ó dheas, d’fheidhmigh An tUltach faoi chóras rialtais a raibh gráin aige ar chur chun cinn na teanga i dtólamh.

Léirigh James Craig, an chéad phríomh-aire i dTuaisceart na hÉireann, an fuath sin go soiléir dúinn: “What use is it (Gaeilge) here in this busy part of the empire... is it not leading them along a road which has no practical value?”

Mealladh na scríbhneoirí ab iomráití agus ab éirimiúla i saol na Gaeilge i dtreo An tUltach ón fhíorthús, cuir i gcás; Muintir Mhic Grianna, Aindrias Ó Baoill, Seán Bán Mac Meanman, Peadar Mac Fionnlaoich, Seán Mac Maoláin, an tAthair Breandán Ó Doibhlin agus Diarmaid Ó Doibhlin.

B’iomaí píosa luachmhar a scríobh siad trí na blianta agus tá an t-ádh orainn go bhfuil na seoda seo againn go fóill.

Ina theannta sin, is fíor le maíomh gur spreag an iris cúpla ceann de na scríbhneoirí nua-aimseartha dul i mbun pinn ní ba mhinice fosta, daoine cosúil le Pádraig Ó Baoighill agus Seán Ó Muireagáin.

Thug an Dochtúir Seán Mac Corraidh an-léargas dúinn faoi chúrsaí tumoideachais agus cuireadh draíocht orainn le filíocht den chéad scoth ón iliomad filí maithe cosúil le Gréagóir Ó Dúill agus Cathal Ó Searcaigh.

Bíodh sin mar atá, tá mé ag déanamh gurbh é an rud ab fhearr faoin iris ná gur tugadh ardán agus áiméar do scríbhneoirí úra nach raibh taithí ar bith acu - JJ Ó Dochartaigh, Pádraig Mac Congáil agus Dubhán Ó Longáin mar shampla.

Is maith is cuimhin liom an chéad uair a foilsíodh alt de mo chuid, ba í An tUltach a d’fhoilsigh ceithre bliana ó shin é.

Bhí muinín ag an eagarthóir (Ciarán Ó Pronntaigh) asam agus is cinnte gur tugadh misneach dom ní ba mhó a scríobh ó shin i leith.

Tá mé go huile is go hiomlán faoi chomaoin aige agus ag an iris i gcoitinne as siocair gur cuireadh feabhas ar mo chuid scríbhneoireachta agus mé i mbun pinn di.

Cad chuige a bhfuil an iris san fhaopach mar sin má tá an dúrud rudaí dearfacha fúithi?

Ar an drochuair, is cosúil go bhfuil easpa maoinithe aici agus gurb é sin an fáth nach bhfeicfear ar an tseilf arís í.

B’uafásach an cinneadh é a rinne Foras na Gaeilge in 2014 maoiniú An tUltach a chur ar ceal agus leis an fhírinne a dhéanamh, b’éacht é an iris a chur ar fáil beagnach gach mí ó rinneadh an cinneadh sin.

Is saoithiúil an smaoineamh é nach mbeidh eagrán eile amuigh gan mhoill agus nach bhfaighidh muintir Chúige Uladh an fhaill leaganacha nua den iris stairiúil seo a léamh arís.

Maireann muid i ré teicneolaíochta gan amhras agus tá rochtain againn ar a lán suíomhanna maithe cuir i gcás; Meon Eile, Tuairisc.ie agus NÓS.

Bíodh sin mar atá, is dóigh liom go bhfuil rud éigin uathúil faoi An tUltach agus, ar bhealach, gurb ionann í agus tobar na litríochta ó Thuaidh.

Is cosúil go mbeidh an tobar sin le fáil ar líne amach anseo nó go bhfuil comhordaitheoir á lorg ag an iris le cartlannú a dhéanamh ar an ábhar atá foilsithe go dtí seo.

Scéal dearfach é seo go cinnte ach is saoithiúil an smaoineamh é nach mbeidh eagrán eile i gcló agus nach bhfaighidh muintir Chúige Uladh an fhaill leaganacha nua den iris stairiúil seo a léamh arís.

Close
Close