An tuismitheoir foirfe thú?

Cathal Ó Manacháin 

“Ní bhíonn saoi gan locht,” a deir an seanfhocal.

Más tuismitheoir thú, gach seans go mbíonn do pháiste nó do pháistí ag brath ort mar fhoinse gach eolais.

Tá cúpla dóigh le plé leis na hionchais sin: tig leat buille faoi thuairim a thabhairt ar an fhreagra agus seans 50% ann go mbeidh an ceart agat; tig leat cleas an mhúinteora fhalsa a úsáid, “Gheobhaidh mé amach duit” agus tú ag súil go ndéanfaidh an leanbh dearmad ar an cheist; nó tig leat a bheith macánta agus a rá leis an pháiste: “Níl a fhios agam, ach déanfaimid iarracht teacht ar an fhreagra le chéile.”

Uimhir a trí a mholfainnse, ar ndóigh, ach níl mé ag rá go nglacaimse an rogha sin i gcónaí. Ní bhíonn saoi gan locht.

Agus ní saoi ar bith mé, ach níl mé gan locht ach oiread.

“Is minic saoi ó dhaoi,” de réir seanfhocail eile, rud a chiallaíonn, dar liom féin, go dtig le tuismitheoir bómánta páiste siosmaideach a bhreith agus a thógáil. Nuair a deirim bómánta, ní ar intleacht atá mé ag trácht ach oiread. Tig le daoine cliste a bheith breá bómánta in amanna fosta.

Deirtear go bhfuil sé níos deacra anois ná riamh a bheith i do thuismitheoir maith – tá an oiread sin ábhar seachráin agus contúirtí thart, rud a chiallaíonn nach dtig leat do mhaidí a ligean le sruth in am ar bith, go háirithe má tá páistí óga agat.

Is minic a chluineann tú tuismitheoirí ag rá faoina bpáistí: “Ní mhaithfinn dom féin choíche é dá dtarlódh a dhath ar bith dó.”

Ach tarlaíonn drochrudaí mar aon le rudaí maithe. Éiríonn páistí tinn; bíonn aird na dtuismitheoirí ar rudaí eile go minic; tá drochdhaoine amuigh ansin atá ag iarraidh dochar a dhéanamh do leanaí soineanta.

Mar thuismitheoir, aontaím go bhfuil sé doiligh an rogha cheart a dhéanamh i dtólamh i dtaca le do leanbh de.

Bímid faoi dheifir ag am dinnéir agus ocras ar na páistí, mar sin de déanaimid neamhshuim de Jamie Oliver ag amharc anuas go breithiúnach orainn ón tseilf, agus caithfimid rud éigin sa mhicreathonnán arís.

Bímid tuirseach i ndiaidh lá fada oibre agus in ionad scéal a léamh dár bpeata beag, ligimid don iPad cúraimí tuismitheora a ghlacadh tamall.   

Is cuma más saoi nó daoi tú, déanfaidh tú meancóga mar thuismitheoir.

Ní fiú dúinn am a chur amú ag mothú ciontach faoi na meancóga atá déanta againn, áfach - caithfimid foghlaim ónár gcuid meancóga agus meancóga tuismitheoirí eile, ár dtuismitheoirí féin san áireamh, b’fhéidir.

Buíochas mór do Dhia, níl cead ag múinteoirí pionós corpartha a úsáid níos mó, agus níor chóir do thuismitheoirí é a úsáid ach oiread, i mo bharúilse.

De réir na síceolaithe, ba chóir atreisiú dearfach a úsáid le páistí, más mian linn a gcuid iompair a athrú.

Déan neamhshuim den drochiompar agus mol an óige sin nuair a dhéanann siad a ndícheall.

Níor chóir dúinn a thuirsiú ach oiread as bheith ag insint dár bpáistí go bhfuil grá neamhchoinníollach againn dóibh.

Ní hionann is go mbíonn grá againn dá gcuid iompair i gcónaí, ach caithfidh siad a thuiscint nach dtig leo aon rud a dhéanamh a gcaillfidh siad ár ngrá dá dheasca.

Mura dtig linn greadóg a bhualadh ar pháistí níos mó, níor chóir dúinn greadadh intinne a thabhairt dúinn féin ach oiread má theipeann orainn bonn óir an tuismitheora fhoirfe a bhaint.

Ní dhéanfaimid an rogha cheart i dtólamh mar thuismitheoirí.

Ní bheidh freagra gach ceiste againn ná fuascailt gach faidhbe.

Ní bheimid ábalta ár bpáistí a shábháil ó gach pian agus olc.

Ní bhíonn saoi gan locht.

Close
Close