An tIriseoir Fánach: Comhairle d'ógánaigh

Ciarán Dunbar

Fuair an t-iriseoir óg Meiriceánach, Michael Hastings, bás i dtimpiste bóthair ar 18 Meitheamh 2013.

Ní raibh ach 33 bliana aige ach bhí go leor bainte amach aige san am a raibh aige.

Níl mórán dá shaothar léite agam, caithfidh mé a admháil, ach tháinig mé ar an chomhairle seo a scríobh sé d’iriseoirí óga agus rith sé liom go raibh sé chóir a bheith foirfe agus gur fiú a aistriú:

Comhairle:

1.) Caithfidh tú a bheith toilteanach do shaol a thabhairt don iriseoireacht go bunúsach má tá tú ag iarraidh briseadh isteach.

2.) Agus tú faoi agallamh do phost, abair leis an eagarthóir go dtaitníonn sé leat go mór a bheith ag tuairisciú. Go bhfuil an-dúil agat i mbailiú eolais. Ná luaigh gur mhaith leat a bheith i do scríbhneoir, ná bain úsáid as an fhocal “prós”, agus ná luaigh gur dóigh leat i do chroí istigh gur tú an chéad Norman Mailer eile [scríbhneoir Meiriceánach ab ea é Mailer, admhaím gur ghá dom sin a ghoogláil].

3.) Bí réidh go leor rudaí a dhéanamh saor in aisce. Tá sé sin go holc, tá sé míchothrom, agus tugann sé buntáiste do dhaoine óga saibhre. Ach is é an réaltacht freisin.

4.) Agus tú ag scríobh don mhórphobal, cuir fíric i ngach abairt.

5.) Coinnigh na scéalta simplí agus ábhartha freisin, ag an tús ar a laghad.

6.) Ba chóir blag a bheith agat agus a bheith ag leanúint iriseoirí a thaitníonn leat ar Twitter.

7.) Má tá foilseachán ann ar mhaith leat scríobh dó, cuir scairt gan coinne ar na heagarthóirí agus/nó cuir r-phost chucu. Is féidir go mbeadh rath air seo.

8.) Faoin dara habairt i do chur i láthair, ba chóir go mbeadh an scéal ina iomláine mínithe. (I bhfocail eile, mura féidir leat ceannteideal garbh a chumadh do do smaoineamh scéil, beidh sé deacair é a fháil foilsithe).

9.) Go príomha, caithfidh an-dúil a bheith sa scríobh agus sa tuairisciú agat. Mar go bhfuil sé níos tábhachtaí duit ná a dhath eile i do shaolsa—teaghlach, cairde, saol sóisialta, cibé.

10.) Foghlaim conas diúltú a ghlacadh chugat féin mar chuid den ghig. Coinnigh ag scríobh/pitseáil/léamh.

Iriseoir fánach

Ní labhraím faoin iriseoireacht go minic.

Tá cúpla cúis leis sin.

Cé mise chun tuairim a thabhairt? Is ar éigean go bhfuil cáilíocht ar bith agam inti. Tháinig mise trí na rancanna, mar a déarfá.

Is iriseoir gairmiúil lánaimseartha mé ach mar sin féin is giurnálaí mé. Níl clú orm, ní aithnítear mé, níor bhain mé aon duais riamh agus ní bhainfidh.

Tá mé díreach cosúil le 90% de mo chuid comhghleacaithe – iriseoir fánach is ea mé, ag seasadh ar mo shláinte.

Lena chois, is iriseoir Béarla mé, is sa teanga sin a dhéanaim mo shaothar le bia a chur ar an bhord Ghaelach, áit nach mbíonn feidhm léi mar Bhéarla.

Ní labhraíonn iriseoirí Béarla faoin iriseoireacht Bhéarla, galar na hiriseoireachta Gaeilge é sin, a bheith ag caint fúithi féin.

Ceart ag Hastings

Tá an ceart iomlán ag Hastings agus tá an chomhairle sin thuas ábhartha i dteanga nó i gcultúr ar bith.

Mar sin féin, tá difríochtaí móra idir iriseoireacht an Bhéarla agus iriseoireacht na Gaeilge.

Glacaimis an teanga féin, tá Gaeilge scríofa bhocht ag go leor iriseoirí Gaeilge.

Baintear úsáid ag prof-léitheoirí chun sin a réiteach, nó sin a chur i bhfolach, d’fhéadfá a rá.

‘Area 51’ is ea an bunleagan, ní féidir ligean don phobal é a fheiceáil, ar an ábhar nach féidir leo an fhírinne shearbh a láimhseáil.

Ag an am céanna, tá an leibhéal cruinnis agus saibhris atá de dhíth in iriseoireacht na Gaeilge an-ard, chomh hard sin ná go mbrúnn sé iriseoirí, cainteoirí ó dhúchas san áireamh, i dtreo an Bhéarla.

Bíonn an gestapo gramadaí thart ar gach coirnéal.

Bíonn ’ch’aon duine ag iarra’ saoirse canúna dóib fhéin, ach má úsáidtear canúint eile i gcló, amach leis an pheann dhearg.

Dá scríobhfadh Woodward agus Bernstein sa Ghaeilge, ar an ghramadach a bheadh súil an phobail thar aon rud eile, ní ar an scéal.

“’Watergate?’, sea, cinnte ach cad faoin tuiseal ginideach i líne a trí?”

Ach glac leis sin, sin mar atá agus níl tú dul é a athrú.

Déan staidéar ar an teanga de ló is d’oíche, níl réiteach ar bith eile ar an scéal.

Tá caighdeán do chuid Gaeilge níos tábhachtaí ná do chumas iriseoireachta.

Simplíocht an príomh-rud in iriseoireacht an Bhéarla ach tá ‘saibhreas’ ó Ghaeilgeoirí go príomha, faraor.

Tá sé sin éasca a thuigbheáil áfach.

Ní léann éinne suíomh idirlín RTÉ, cuir i gcás, chun Béarla a fhoghlaim.

Ach is foghlaimeoirí den chuid is mó Gaeilgeoirí a amharcann ar na meáin Ghaeilge mar áis fhoghlamtha thar aon rud eile, ní mar fhoinse eolais.

Briseadh isteach

Tá sé an-éasca, nó bhíodh agus mise ag teacht fríd, briseadh isteach in iriseoireacht na Gaeilge.

Tá na hirisí ann, tá na suíomhanna ann, tá Raidió Fáilte agus Raidió na Life ann agus tá siad ar fad ag santú ábhar agus oibrithe i gcónaí.

Ach fainic, is minic nach fiú faic an taithí seo i saol an Bhéarla.

Bí ag feidhmiú sa Bhéarla chomh maith. Beidh sé de dhíth ort ar do CV luath nó mall.

Tá sé go breá a bheith chomh Gaelach le Fionn agus Goll ach má dhéantar thú a dhíchoimisiúnú mar iriseoir Gaeilge, beidh ort tosú as an nua.

Is ionann portfolio sa Ghaeilge agus portfolio folamh.

Ar an lámh eile, tá Gaeilgeoirí óga nach mbacann le Gaeilge, a athraíonn a n-ainmneacha go Béarla, nach n-úsáideann go poiblí í ar Twitter agus srl. agus a roghnaíonn gan an acmhainn seo luachmhar acu a úsáid.

Fágfaidh mé do dhaoine eile é sin a mhíniú.

Ach tá líofacht sa Ghaeilge iontach coitianta i measc iriseoirí Béarla i mo thaithí féin – cé nach mbaineann an tromlach acu sin aon úsáid aisti, nó b’fhéidir gur fearr a rá, ní bhaineann sí aon úsáid astu.

Iriseoireacht na Gaeilge

Thiocfadh le duine fiosrúchán ollmhór a dhéanamh ar ábhar éigin ach tá gach seans ann nach léifear é ar chor ar bith mura bhfuil baint aige leis an teanga féin.

Mar sin, cad is fiú é nuair gur féidir leat tuairim sheafóideach a scríobh taobh istigh de leathuair ar an íocaíocht chéanna agus go léifidh níos mó daoine cibé é ar bith?

Níl freagra na ceiste sin agam.

Ach tá an chomhairle seo agam, ná glac go pearsanta é, sin mar atá.

Téagar

Agus duine ag éisteacht le daoine ag déanamh léirmheasanna ar iriseoireacht Ghaeilge úsáideann siad an focal ‘téagar’ go minic.

Is annamh a smaoiníonn iriseoir Béarla faoi ‘substance’ áfach, tá scéal maith nó nach bhfuil, thaitneodh sé le d’eagarthóir nó nach dtaitneodh.

Tá téagar go breá i mo thuarimse ach bíonn muid gann ar shiamsa agus ar ghreann i saol na Gaeilge go ró-mhinic.

B’fhearr liom scéal maith a scríobh faoi chat thuas crann i mBéarla a léifeas daoine ná a bheith ag dul don téagar leadránach seo le saoi éigin a shásamh.

Cumas scríbhneoireachta

Labhraíodh daoine liomsa ó am go ham faoina gcumas scríbhneoireachta. Smaoineoinn féin, ‘sea ach an féidir leat scríobh go maith agus tú ag obair, abair in McDonalds ag an am céanna? – óir is mar sin a bhíonn seomraí nuachta’.

Sprioc-amanna, sin an rud tábhachtach, déan dearmad faoin mhiotas seo dena bheith ag scríobh leat ó Doheny and Nesbitts.

Is minic a chaill daoine deiseanna iontacha sna meáin mar gheall ar dhúil san ól.

Comhairle Chiaráin

Tá a fhios agam agus duine óg ar an Ollscoil go mbíonn sé deacair smaoineamh ar do shlí bheatha sa todhchaí agus tú ag ól agus suirí.

Ach tá dian-chomórtas ann san iriseoireacht, caithfidh tú a bheith ag scríobh, ag blagáil, ag obair le nuachtán an choláiste agus leis an raidió pobail áitiúil má tá tú ag iarraidh seans a bheith agat.

Beidh sé ró-mhall nuair a fhágfas tú an ollscoil, agus bheifeá blianta taobh thiar de na daoine eile atá ag iarraidh poist.

Síos leis an phionta, suas leis an pheann.

Agus bhí an ceart ag Hastings – caithfidh tú a bheith sásta rudaí a dhéanamh saor in aisce.

Más féidir, cuir airgead i dtaisce a ligfeas duit a bheith ag obair go deonach thar an samhradh do pháipéar nó do stáisiún raidió. Fiú dá mbeadh ocras ort, b’fhiú sa deireadh é.

Má éiríonn leat samhradh nó dhó a chaitheamh i mbun iriseoireachta beidh tú blianta chun tosaigh ar gach duine eile atá ag teacht amach ón Ollscoil.

Thar aon rud eile, tá gréasánú níos tábhachtaí ná oideachas, ábaltacht, taithí nó dathúlacht féin fiú.

Dála an scéil, má tá tú ag iarraidh a bheith ar thaithí oibre sna meáin Ghaeilge, caithfidh litir agus CV i nGaeilge fhoirfe a bheith agat – téann na cinn Bhéarla sa bhruscar.

Agus scríobh litir ar leith do gach dream – téann na cinn dar teideal ‘Dear Galway Bay FM’, ach curtha sa phost chuig Tipp Fm sa bhosca bruscair chomh maith.

Do thuairim?

Léirigh ‘dearcadh’ agus tabhair anailís más riachtanach ach ná léirigh d’fhíor-thuairim in am ar bith, ní fiú é, go háirithe taobh amuigh de mheáin Bhaile Átha Cliath.

Tá obair ar fáil do thuairisceoirí, foghlaim cén dóigh tuairisciú – caith uait na tuairimí sin, tá siad gan úsáid.

Gráin agus cáineadh

Beidh gráin ag daoine áirithe duit mar iriseoir.

Glac leis. Bain sult as fiú, is féidir amharc air mar léiriú ar d’fhiúntas.

Déanfar tú a ionsaí – fiú má bhí an scéal iomlán cruinn agus féaráilte.

Cuirfear bréagadóir ort, fiú má thagann sé chun solais go raibh an scéal iomlán ceart.

Déan dearmad fúthu sin. Ba bhreá le roinnt mhaith acu a bheith ina n-iriseoirí iad féin.

Ach cinnte, ná déan botúin más féidir.

Tá meancóga iontach dáiríre san iriseoireacht, níl mé ag caint faoin tuiseal ginideach. Níl mé ag caint faoi chúrsaí dlí fiú.

Tá mé ag caint ar scéal a bheith míchothrom nó díreach mícheart.

Ní dhéanann daoine dearmad faoi rudaí mar sin agus is féidir leis an smál fanacht leat i bhfad – i saol na Gaeilge cibé ar bith.

Ní hamhlaidh an cás sa Bhéarla mar ní amharcann Béarlóirí ar cé scríobh an scéal go minic, níl sé chomh pearsanta céanna.

An bhfuil tú cinnte?

Is d’aicme an lucht oibre mórchuid d’iriseoirí.

Is féidir le daoine a bheith ag déanamh post deacair dian ar feadh i bhfad ar airgead an-íseal amach.

Chomh maith leis sin, tá an t-oideachas céanna de dhíth chun a bheith i do státseirbhíseach sinsearach, i do mhúinteoir nó i do dhlíodóir fiú.

Cén fáth a roghnódh duine ar bith a bheith ina iriseoir?

Freagra: An brú, aidréanailín, an fonn chun spéis a bheith agat i do chuid saothair i gcónaí, sceitimíní na seilge agus an tsástacht leis an chreach.

Mar sin, mo chomhairle dheireanach don té atá fós ag léamh:

Ná fan le cuireadh. Más iriseoir tú, bí i d’iriseoir.

Cuireann eagarthóirí fáilte roimh scéalta i gcónaí.

Ná fan le scéal – faigh ceann. Oscail do shúile is do chluasa.

Tosaigh, Tweet, scríobh – gabh!

Leabhair riachtanacha d’ábhair iriseoireachta Gaeilge

Ar an drochuair níl mórán téacsleabhar ar fáil ar iriseoireacht na Gaeilge, is trua sin mar is minic nach ábhartha téacsleabhair Bhéarla do shaol na Gaeilge. Mar sin féin, más tearc iad, is maith iad na cinn atá ar fáil.

Breandán Delap : Scéal Scéil, Rúndiamhra na Meán (Cois Life)

Breandán Delap : Ar an Taifead: Fís, Fuaim, Focal (Cois Life)

Antain Mac Lochlainn : In Ord is in Eagar (Cois Life)

Antain Mac Lochlainn : Cruinneas (Cois Life)

Philip Cummings (Eag.): Ár Nuachtán laethúil: Fiche Bliain De Lá (Coiscéim)

Close
Close