Michaeline Donnelly
Cad é an Ghaeilge atá ar ‘people pleaser’?
Tháinig mé ar an fhrása iontach ‘niúdar neádar’, agus sa chomhthéacs ceart sílim go bhféadaí an chiall sin a bhaint as chun cur síos a dhéanamh ar mo mhacasamháil féin.
Ag tús na bliana agus mé ag tarraingt ar na tríochaidí, shamhlaigh mé go mbeinn níos fearr as dá dtarraingeoinn teorainneacha sláintiúla thart orm féin, le mo chuid ama, fuinnimh agus sláinte a chosaint.
Ach seo mé, ceithre mhí istigh agus níl ag éirí rómhaith liom go dtí seo.
Glacaim le chóir a bheith achan tairiscint a thugtar dom i gcónaí: cúrsaí oibre nuair atá barraíocht ar mo phlata cheana féin, imeachtaí nach bhfuil mórán spéise agam iontu, turais nuair ab fhearr liom fanacht sa bhaile, garanna do chlann agus cairde agus go leor eile.
Ní haon mhairtíreach mé - a mhalairt atá fíor.
Amharcaim le héad ar mo chuid cairde atá ábalta ‘níl’ a rá, go hoscailte agus go hionraic le daoine, agus ba bhreá liom a bheith in ann amhlaidh a dhéanamh.
Ach cén fáth nach maith linn 'níl' a rá ar an chéad dul síos?
Is oth liom é a rá, agus ní maith liom ginearálú a dhéanamh bunaithe ar inscne, ach i ndairíre, sílim go mbaineann sé go pointe le meon na mban.
Mar chailíní óga, deirtear linn a bheith ‘deas’, agus a bheith i dteagmháil lenár mothúcháin féin agus le mothúcháin daoine eile i bhfad níos mó ná mar a dhéantar le buachaillí óga.
‘Boys will be boys’ mar a deir siad.
Ciallaíonn seo go minic go dtugtar tosaíocht do mhianta agus riachtanais daoine eile thar ár mianta féin.
Cúis eile, is fuath le daoine daoine eile a ligint síos.
Mar Éireannaigh, is maith linn nuair is maith le daoine muid.
An fhadhb atá ann ná nuair a deir muid ‘tá’ le gach aon rud, ag cur brú orainn féin rudaí a dhéanamh nuair nach bhfuil an t-am againn, nó nuair nár mhaith linn, tiocfaidh pointe nuair nach bhfuil muid ábalta iad a dhéanamh níos mó.
Fásann fréamhacha an fhrustrachais agus an fhaltanais.
Ar ndóigh, cósúil le go leor eile na laethanta seo, tá ról ag na meáin shóisialta sa cheist seo chomh maith.
Amharcaimid ar bhuaicphointí saoil daoine eile ar líne, agus déanaimid síorchomparáid lenár saol ‘leadránach’ féin.
NASAA a deir siad – níl ach saol amháin agat.
Smaoinigh ar an ERCA (eagla roimh chailleadh amach) a bheidh ort maidin amárach má théann achan duine eile amach agus ní théann tú féin.
B’fhéidir go mbuailfidh tú le grá geal do chroí fiú!
Cinnte, níl seisean ag dul pléascadh isteach i do theach agus tú sna jammies ag amharc ar ollchlár Ros na Rún, ach smaoinigh ar an phleisiúr atá bainteach le hoíche os comhair na teilifíse!
Ach cén fáth ar cheart dúinn ‘níl’ a rá ar chor ar bith?
Creidim féin i ndlí na tarraingte.
Má líonann tú do shaol le rudaí nó imeachtaí nó daoine nach bhfuil dúil agat iontu, tá tú ag cur amú ama agus fuinnimh orthu.
Ach má bhíonn tú ábalta ‘níl’ a rá le cuid acu, tá tú ag cruthú spáis do rudaí níos fearr le teacht isteach i do shaol.
Chomh maith leis sin, nuair a shocraíonn tú smacht a ghlacadh ar ais ar do shaol féin, beidh níos mó measa agat ort féin, agus níos mó measa ag daoine ort nuair a bhíonn tú ionraic leo.
Tharla sampla amháin de seo cúpla seachtain ó shin nuair a bhí breithlá mo charad ann.
Bhí sí ag iarraidh orm teacht amach léi, ach ní raibh mo cheann san áit cheart le dul áit ar bith.
Ní raibh mé ag iarraidh í a ligint síos, agus ar ndóigh bhí mé ag iarraidh ceiliúradh léi, ach bhí achan rud sa mhullach orm, agus bhí a fhios agam nach mbeinn i mo chomhluadar rómhaith an oíche úd.
Ach d’ól mé deoch ar mo náire, mhínigh mé cad é mar a bhí mé ag mothú, agus thuig sí go hiomlán.
Shocraigh muid dáta beag dúinn féin i gcionn cúpla seachtain, agus mhothaigh mé i bhfad níos fearr.
Mar sin dóibh siúd ar ghráin leo ‘níl’ a rá (mo mhacasamháil féin), seo cúpla leid ar an dóigh lena dhéanamh go grástúil:
Ar an chéad dul síos, bí ionraic le daoine!
Ná hinis bréag faoin fháth nach bhfuil tú ábalta freastal ar an chóisir sin, nó glacadh leis an obair bhreise sin.
Gabh buíochas leis an duine as smaoineamh ort, agus dearbhaigh leis an duine go bhfuil an caidreamh leo tábhachtach duit (más amhlaidh go bhfuil).
Má bhíonn deacrachtaí agat le teorainneacha mar seo, cuidíonn sé le sos 10 soicind a thógáil le do mhachnamh a dhéanamh ar an tairiscint sula nglacann tú leis.
Ar an dóigh chéanna, ná fág é rófhada sula dtugann tú freagra don duine, bíodh sé dearfach nó diúltach.
Agus an chomhairle is úsáidí a fuair mise ar an cheist seo: smaoinigh ar na tosaíochtaí atá agat i do shaol; do chlann, do chairde, do chaitheamh aimsire féin, do chuid oibre.
Gach uair a deir tú ‘tá’ le rud nár mhaith leat a dhéanamh, beidh ort ‘níl’ a rá le rud éigin tábhachtach.
Cé acu is tábhachtaí duitse?