An tábhacht a bhaineann le slán ceart a rá

Katie Saoidhbh McGreal

I mí Mheán Fómhair seo caite bheartaigh mé go raibh mé chun bogadh go dtí an Spáinn. Bhí a fhios agam nach raibh mé ag dul láithreach bonn - is ag tús 2025 a chuir mé eitilt in áirithe le haghaidh thús mhí an Mheithimh. Níor thuig mé ag an am cén fáth nach raibh mé réidh le dul níos luaithe, ach tuigim níos fearr anois é.

Trí bliana ó shin chuaigh mé trí thréimhse an-deacair inar stop mé ag labhairt le mo mhuintir ar chúiseanna éagsúla agus inar chaill mé go leor cairde liom ar fháthanna eile. Mheas mé go mbeadh na daoine seo ann le tacú liom in am an ghá ach ní raibh siad ar deireadh.

Bhí go leor mothúchán ag baint leis. Bhraith mé cuid de na mothúcháin sin ag an am ach ní raibh mé ábalta dul i ngleic leo ar fad ag aon am amháin.

Nuair a rinne mé an cinneadh bogadh go dtí an Spáinn i mí Mheán Fómhair, bhí a fhios agam nach mbeinn ábalta ach an méid a bhí mé in ann a iompar a thabhairt liom. Chomh maith leis na rudaí fisiciúla a bhí orm a chaitheamh amach nó a dhíol, bhí cuid mhór mothúchán a raibh orm aghaidh a thabhairt orthu freisin. D’úsáid mé aireachas, machnamh, aclaíocht, scríobh agus modhanna eile nach iad chun scaoileadh leis na mothúcháin a bhí go fóill ionam i ndiaidh na ndrochrudaí a ndeachaigh mé tríothu.

Tá deireadh ag teacht leis an tréimhse seo i mo shaol. Tá caibidil á críochnú agam agus tá mé ag tnúth go mór leis an gcéad chaibidil eile. Le sult ceart a bhaint as áfach agus le tús úr a chruthú, bhí orm scaoileadh leis na mothúcháin.

Bhí na míonna seo ag teastáil uaim leis sin a dhéanamh agus thug sé deis dom buíochas ceart a ghabhail leis an áit agus leis na daoine a choinnigh ag dul mé le linn na tréimhse dúshlánaí.

Le tamall anuas tá cónaí orm in árasán i measc na ndaoine is deise a casadh orm riamh. Thóg siad isteach mé amhail is gur cuid den teaghlach mé agus choinnigh siad sábháilte mé tráth nár mhothaigh mé go raibh aon rud sábháilte, tráth nach raibh muinín agam ach i bhfíorbheagán daoine.

Beidh sé deacair an t-árasán agus na daoine seo a fhágáil ach tá sé in am dom bogadh ar aghaidh, i ndiaidh dom slán ceart a rá.

Muna bhfágann muid slán le rudaí, le tréimhsí, le daoine, le háiteanna mar is ceart coinneoidh muid an fuinneamh sin linn. Beidh nasc ag an rud sin linn i gcónaí agus ní bheidh deireadh ceart bainte amach againn le gur féidir linn bogadh ar aghaidh sa saol.

Tá tábhacht ag baint le deireadh ceart a chur le rudaí, ach go minic déanann muid dearmad air sin. Bogann muid díreach ar aghaidh go sciobtha, ag súil leis an gcéad chéim eile. Ach is féidir leat suí leis an méid ata agat - áit, tréimhse, daoine - aird a bheith agat air, é a mhothú agus ligean dó a bheith ann. Lig do na mothúcháin a bhaineann leis an rud áirithe seo teacht chugat, mothaigh iad agus ligean dóibh imeacht uait arís.

Is cleachtadh cumhachtach é agus níl sé i gcónaí éasca ach tá sé riachtanach má táimid le bogadh ar aghaidh mar is ceart sa saol, le caibidil agus tréimhsí nua a thosú.

Close
Close