An t-iomas: an glór beag sin istigh

Katie Saoidhbh McGreal

Bíonn glór beag ionainn ar fad, glór beag nach n-éisteann muid leis go minic. Iomas - nó intuition - is ainm dó.

An cur síos is fearr atá agamsa air ná nuair atá rud éigin ar eolas agat ach níl a fhios agat conas atá sé ar eolas agat. Tá sé ar eolas agat mar sin féin.

D’inis cara dom go raibh sí ag siúl lena céad pháiste cúpla bliain ó shin agus bhí a fhios agam roimh ré go raibh sí len é sin a rá liom. Ní raibh a fhios agam conas a bhí a fhios agam, ach bhí a fhios agam.

Bíonn an t-iomas ag feidhmiú i ngan fhios dúinn féin go minic, bíonn rudaí ar eolas aige nach mbíonn ar eolas ag an intinn.

Seacht nó ocht mbliana ó shin, dúirt m’iomas liomsa gur cheart dom bogadh go Gaillimh. Ag an am, bhí mé ag obair agus i mo chónaí i mBéal Feirste. Bhí mé ag múineadh aireachais in dhá bhunscoil agus bhí mé ag déanamh roinnt scríbhneoireachta. Níor thuig mé cén fáth a raibh m’iomas ag iarraidh orm aistriú go Gaillimh ach, tamall ina dhiaidh sin, bhog mé ann.

Bhí mé ann dhá mhí agus cheana féin bhí mé ag múineadh aireachais i sé scoil i gConamara. Taobh istigh de thrí mhí bhí mé ag obair go hiomlán i nGaeilge (rud a bhí uaim) agus ag obair le níos mó páistí agus múinteoirí ná mar a bhí le linn na gceithre bliana a chaith mé ag teagasc i mBéal Feirste. Bhí a fhios ag an iomas céard a bhí uaim agus bhí a fhios aige an bealach is fusa len é a bhaint amach.

Anuas air sin, bhí mé ag iarraidh a bheith i mo chónaí faoin tuath ar feadh na mblianta. Anois, le trí bliana, tá cónaí orm liom féin, in árasán álainn sa Spidéal i gConamara agus is breá liom é!

Ach, tá m’iomas ag obair arís agus ag insint dom go bhfuil sé in am dom bogadh ar aghaidh. An uair seo, tá mé le bogadh go dtí an Spáinn. Rinne mé an cinneadh seo i mí Lúnasa agus anois tá eitleán curtha in áirithe agam do mhí an Mheithimh. Mothaím gur mó an cinneadh seo ná an ceann a thóg mé le bogadh go Gaillimh. Is go tír eile atá mé ag dul an uair seo ach i ndiaidh an dea-eispéiris a bhí agam i nGaillimh, tá a fhios agam gur cheart dom éisteacht leis an nglór beag agus go mbeidh rudaí níos fearr ag fanacht orm sa Spáinn.

Ní bhíonn sé éasca d’iomas a leanúint, nó fiú a aithint nuair atá sé ag labhairt leat, ach is fiú go mór na noda beaga a thugann sé duit a leanúint.

Toisc gur lean mé m’iomas leis an traenáil Relax Kids a dhéanamh i mBéal Feirste, bhí deis agam obair le cuid mhór páistí, tuismitheoirí agus múinteoirí le scileanna suaimhnis a mhúineadh dóibh ar fud na tíre.

D’úsáid mé an taithí sin le dialann aireachais a scríobh do pháistí le gur féidir leo na scileanna suaimhnis sin a úsáid sa bhaile le go mbeidh saol níos deise acu. Tá cairde áille agam anois, nach mbeadh agam muna raibh mé ag leanúint m’iomais agus mar sin mholfainn go mór do dhaoine an t-iomas a aimsiú agus na noda beaga a thugann sé a leanúint.

Tá moladh agam duit, muna bhfuil a fhios agat conas d’iomas a aithint: scríbhneoireacht. Tóg amach leabhar nótaí agus peann nó oscail doiciméad nua ar do ríomhaire agus scríobh ‘céard atá tú ag iarraidh orm déanamh?’ nó cibé ceist eile a thagann chugat i gcibé teanga is mhaith leat agus ansin tóg anáil agus tosaigh ag scríobh.

Ar dtús b’fhéidir go mbeidh tú ag scríobh ‘tá seo sách aisteach. Ní thuigim céard atá mé ag déanamh’ ach lean ar aghaidh leis, fiú leis na smaointe sin, agus beidh iontas ort céard a tharlaíonn. Má thrialaíonn tú é, ba bhreá liom cloisteáil conas a éiríonn leat!

Close
Close