An seasamh ceart

Ciarán Ó Pronntaigh

Chuir na foilsitheoirí Beyond the Pale leagan PDF den leabhar ‘Garvaghy: A Community Under Seige’ ar fáil saor in aisce ag an deireadh seachtaine. Ba mhór an gar é don phobal i gcoitinne. Tá dream óg ag fás aníos nach bhfuil cuimhne acu ar cé chomh holc is a bhí rudaí thart faoi Phort an Dúnáin sna hochtóidí agus na nóchaidí. Fiú daoine den seandream cosúil liom féin, ní bheadh tuiscint againn murar labhair muid le daoine ó phobal Bhóthar Gharbhachaidh ag an am. Níl insint béil ar an sceimhle a bhí orthu an t-am sin agus na síor-ionsaithe a bhí ar an phobal le fada an lá roimhe sin.

Mhair an pobal le 28 mbliana gan an tráma bliantúil de mhórshiúl ag dul tríd an cheantar gach mí Iúil. Tháinig an scéala gur cheadaigh Coimisiún na Mórshiúlta do na Fir Bhuí dul síos Bóthar Gharbhachaidh aniar aduaidh orainn uilig agus chuir an tsraith cásanna cúirte ina dhiaidh leis an teannas a bhí sa cheantar. Tuigeann daoine nach gníomh athmhuintearais atá taobh thiar de na hiarrachtaí siúl síos an bóthar. Ba é an ról a bhí ag na mórshiúlta seicteacha seo a chur ina luí ar náisiúnaithe go raibh na cearta s’acu in áit na leathphingine sa stát. Ach tá rudaí athraithe ó shin.

Thuig daoine ón taobh amuigh go hinstinneach nach smaoineamh maith a bheadh ann an mórshiúl conspóideach a bhrú síos agus in am seo na meán sóisialta, b’fhurasta daoine a mhealladh go gasta le tacú leis an phobal a bhí faoi léigear. Is tógáil croí é gur léirigh na mílte duine as gach cearn den tír a dtacaíocht don phobal sin, ní ar dhóigh ar bith bagrach ach le ceol agus cairdeas.

Rud amháin a chuir olc ar dhaoine an dóigh a ndearna an DUP agus Jamie Bryson an líomhain gurb ionann tacú le pobal Bhóthar Gharbhachaidh agus gníomh neamhdhleathach a dhéanamh. Is é a mhaíonn na hOráistigh go bhfuil siadsan ag iarraidh críoch a chur le mórshiúl nach raibh ceadaithe le 28 mbliana. Is beag a deir siad faoi na bagairtí leanúnacha a bhí ann i ndiaidh don RUC an mórshiúl a stad sna nóchaidí. Ba iad na bagairtí céanna, a raibh lámh mhór ag paraimíleataigh dhílseacha leo, a chuir ar an RUC a n-intinn a athrú agus cead a thabhairt don mhórshiúl.

Cad é an ceacht a bhí le foghlaim as seo? Go raibh bagairt foréigin mar chuid den chothromóid nuair a dhéanfaí cinneadh ‘dleathach’? Cibé is féidir a rá faoin RUC, tá ról an PSNI doiléir sa chás seo. Ar lámh amháin, is cosúil gur mhaígh siad nach mbeadh trioblóid ann dá siúlfadh na Fir Bhuí síos an bóthar ach faoi láthair tá siad ag rá nach féidir leo an mórshiúl a bhrú cionn is go bhfuil daoine ar an bhóthar ag cur ina éadan. Bí ag caint faoi bheith ag labhairt as dhá thaobh do bhéil!

Beidh le feiceáil an bhfuil aon bhrí leis na líomhaintí amach anseo ach is scéal cinnte é go mbeadh cibé pionós a chuirfeadh cúirt ar dhaoine a thacaigh le pobal a bhí faoi ionsaí ag leibhéal an-íseal ar fad. Go deimhin, tá dualgas morálta orainn uilig seasamh in éadan dlíthe agus rialacha éagóracha. Tá traidisiún saibhir den easumhlaíocht shibhialta sa tír seo – is ar an dóigh seo a bhfuarthas cuid de na cearta atá againn sa lá inniu.

Bhí caint ann ag an deireadh seachtaine faoi shocrú – bheadh cead ag mórshiúl amháin deireanach a bheith ann. Ach cén dóigh a gcuidíonn sin le rudaí? Dé Domhnaigh, dúirt Helen McEntee, an tAire Gnóthaí Eachtracha, go raibh cúis ann nach raibh cead ag na Fir Bhuí siúl síos an bóthar. Tá gach guth ar an taobh náisiúnach ar an téad chéanna. Beidh cuimhne ag pobal Bhóthar Gharbhachaidh go raibh an socrú céanna ann thiar sna nóchaidí agus go ndeachthas siar ar an fhocal sin nuair a bhí bagairtí ó na paraimíleataigh ann.

Is é an pobal ar Bhóthar Ghabhachaidh is mó a thuigeann cad é an cineál réitigh atá de dhíth. Ní mór an deis a bheith acu anois a dtuairimí a thabhairt gan bagairtí ón taobh amuigh.

Grianghraf le Jake Campbell McLaughlin

Close
Close