Ciarán Ó Pronntaigh
Dá mbeifeá le héisteacht le cuid de na tráchtairí, shílfeá go raibh crosáid ar son an daonlathais ar siúl i Veiniséala. Fiú nuair a mharaigh Trump féin an bhréag seo go beo ar an teilifís, tráthnóna Dé Sathairn, agus é ag maíomh as na buntáistí ola a shruthódh i dtreo na Stát Aontaithe, lean siad ar an téad sin.
Sílim go bhfuil go leor scannáin de chuid an Mafia feicthe agam anois le go dtiocfadh liom labhairt go measartha údarásach ar an chur chuige atá acu. An sprioc a bhíonn ann laige a aithint sa té a n-imreofar leatrom air agus teacht i dtír air ar an dóigh sin. Mura mbíonn laige shoiléir ag an íospartach nua, is gá laige a chruthú. Caithfidh sé go bhfuil na scannáin chéanna feicthe ag Donald Trump nó sin an cineál tromaíochta idirnáisiúnta atá ar siúl aige faoi láthair.
‘Tá pobal Veiniséala beo bocht mar gheall ar rialtas Maduro agus is é ról na Stát Aontaithe cuidiú leis an phobal’, sin an mana atá ag Trump. ‘Déanfaimid gar don phobal… agus íocfaidh muid muid féin as chomh maith’. Ach an rud nach luaitear go minic ná cad chuige a bhfuil an pobal beo bocht. Is annamh a luaitear go bhfuil polasaí leanúnach ag na Stáit Aontaithe smachtbhannaí a chur ar Veiniséala le go mbeidh siad beo bocht. Dar leo, níl cead ag Veiniséala a chuid ola a dhíol cionn is gur shocraigh na Stáit Aontaithe nach mbeadh cead acu. Rinne tíortha an iarthair aithris ar an pholasaí seo ach níl aon bhunús dlíthiúil ag baint leis.
Tá riail seo an drongadóra i bhfeidhm leis na scórtha bliain anois maidir le Cúba agus an Iaráin agus roinnt tíortha eile agus leathnaíonn siad amach é nuair is gá. Nuair a d’fhuadaigh an t-arm is láidre ar domhan Uachtarán Veiniséala, Nicolás Maduro, i ndoimhneacht na hoíche, ní raibh aon dlí idirnáisiúnta i gceist; cloíonn neart ceart.
Tá cúlra leis an scéal seo, ar ndóigh. Theith muintir an Aire Stáit, Marco Rubio, ó Chúba agus chuir siad fúthu in Florida. Tá pobal glórach frithchumannach sa stát agus Rubio mar dhuine acu. Bhí Veiniséala, cara mór Chúba, mar thargaid ag na daoine seo le fada agus ní dhéanfadh céim síos do rialtas Veiniséala dochar ar bith do lucht Trump.
In amanna, ligeann Trump é féin síos nuair a bhíonn sé ag caint – faigheann an sotal an lámh in uachtar ar an fhocal neamhráite. Dar leis, níl an dlí idirnáisiúnta de dhíth air, tá a mhoráltacht féin aige. Is ceacht é seo atá á fhoghlaim ag go leor tíortha i ndeisceart an domhain – ní raibh sa dlí idirnáisiúnta ach dóigh eile le smacht a choinneáil orthu. Nuair a dúirt Trump gur chóir go mbeadh Marco Rubio ina uachtarán ar Chúba, b’fhéidir go raibh magadh ann, b’fhéidir nach raibh…
Cá bhfágann sin tíortha eile an domhain, mar sin? I ré seo na dtaraifí, tá foirmle ag Trump ollsmacht a fháil orainn uilig. Mura seasann tíortha i líne le bagairt taraifí, cuirfear smachtbhannaí orthu agus, sa deireadh thiar, déanfar ionsaí ar an tír, más gá. Tá an smacht sin le sonrú ar thíortha an iarthair chomh maith. Ba shuntasach nach raibh Príomh-Aire na Breataine, Keir Starmer, sásta fuadach Maduro a cháineadh cé go raibh sé soiléir gur sáraíodh an dlí idirnáisiúnta. Tá praghas ar an mhoráltacht na laethanta seo, is cosúil.
Thiocfadh linn neamhaird a thabhairt ar a bhfuil ag tarlú i Veiniséala dá mba mhian linn. Níl ann ach tír i bhfad i gcéin agus b’fhéidir go gcuideodh Trump leo bealach amháin nó bealach eile. Nó thiocfadh linn a aithint nach bhfuil sa ghníomh ghránna in Caracas ach comhartha sóirt den domhan nua atá á thógáil ag Trump ina mbeidh dhá rannóg, SAM agus Iosrael agus gach tír eile.
Tuigeann tíortha BRICS (An Bhrasaíl, an Rúis, an India, an tSín agus an Afraic Theas) an méid sin agus leanann na hiarrachtaí s’acu teacht ar dhomhan eile ina mbeidh guth níos mó ag deisceart an domhain. Ceann de na spriocanna atá acu go mbeadh córas meáin mhalartaithe nach mbeadh ag brath ar an dollar i bhfeidhm do chúrsaí gnó sa dóigh nach mbeadh an domhan i dtuilleamaí na Stát Aontaithe an oiread sin. Ceann de na tíortha a rinne iarracht sin a dhéanamh ná Veiniséala. Beidh le feiceáil cad é an chéad chéim eile a bheas ag lucht BRICS.


