An Ghealach Lán

Le Katie Saoidhbh McGreal


Téann an ghealach trí thréimhsí éagsúla ó cheann ceann na míosa. An tréimhse is cáiliúla ná an ghealach lán, nuair a bhíonn an ghealach iomlán le feiceáil sa spéir. 

Idir thaighde agus seanscéalta, deirtear go mbíonn éifeacht ag an ngealach ar an saol agus orainne dá réir. Má bhíonn an ghealach lán, mar shampla, bíonn an taoide níos airde. Bíonn tionchar ag an ngealach ar an uisce. Is uisce atá in thart ar 60% de cholainn an duine dhaonna mar sin de luíonn sé le ciall go dtéann an ghealach i bhfeidhm ar dhaoine freisin. 

Go minic, cloiseann tú ó mhúinteoirí nó ó thuismitheoirí a bhfuil páistí beaga acu go mbíonn na páistí níos fiáine agus go mbíonn deacrachtaí codlata acu aimsir na lánghealaí. Tá seans ann go mothóidh tú níos mó le linn na tréimhse seo chomh maith: rudaí nach gcuireann isteach ort de ghnáth ach go tobann tá mothúcháin acu fúthu nach bhfuil tú cleachta leo. Is míchompordach an tréimhse é seo go minic, ach ag an am céanna is féidir leis a bheith an-chabhrach má úsáideann tú i gceart é. 

Nuair atá an ghealach lán, lasann solas na gealaí na rudaí istigh ionat féin nach bhfuil ag obair a thuilleadh. Má chuireann rud éigin isteach ort go tobann nó má mhothaíonn tú rud éigin as an ghnáth, gach seans go bhfuil siad ag teacht aníos anois mar go bhfuil sé in am duit scaoileadh leo. Níl siad ag cabhrú nó ag tacú le do shaol a thuilleadh agus cabhraíonn an ghealach lán chun sin a bheith ar eolas agat. 

Má thugann tú faoi deara go bhfuil a leithéid ag tarlú nó tar éis tarlú duit, suigh síos agus déan beagán dialannaíochta ar na nithe atá i do shaol nach bhfuil ag tacú leat a thuilleadh. Céard a bhfuil tú réidh scaoileadh leis ag an staid seo?

Go minic, tagann léargas chugainn má scríobhann muid ár smaointe síos, mar sin, molaim duit suí in áit chiúin le leabhar nótaí agus tosú ag scríobh. Ná cuir srian ort féin agus féach céard a thagann chun cinn. Cibé rud atá i do chloigeann, scríobh síos é. Níl aon rud ceart nó mícheart ann. Déan seo ar feadh 15 nóiméad nó mar sin agus bí aireach ar an tslí a mothaíonn tú ina dhiaidh. 

Nuair atá rud éigin agat ar mhaith leat scaoileadh leis, scríobh ar leathanach breise é agus ansin dóigh an leathanach sin. Is bealach cumhachtach é sin le rudaí a fhágáil i do dhiaidh. Is fearr díriú ar sprioc amháin ag aon am amháin seachas go leor rud a scaoileadh uait ag an am céanna. Beidh gealach lán eile ann gan mhoill chun díriú ar na rudaí eile.

Má chuireann an ghealach lán isteach ar do chodladh féin nó ar chodladh do pháistí, ní mhairfidh sé rófhada. Níl ann ach cúpla lá. Cleacht píosa aireachais ag am luí le d’intinn a shocrú agus scríobh amach do smaointe ar fad sula dtéann tú isteach sa leaba. Tá an dialannaíocht an-éifeachtach mar chleachtadh le fáil réidh le smaointe atá ag dul thart ar do chloigeann. 

Tóg anáil agus cuimhnigh - ní mhairfidh sé ach tréimhse ghairid. 

Close
Close