An Ghaeilge sa teach: An dátheangachas, bagairt nó deis?

Ciarán Dunbar

“You take the blue pill, the story ends, you wake up in your bed and believe whatever you want to believe. You take the red pill, you stay in wonderland, and I show you how deep the rabbit hole goes.” (i) Morpheus (The Matrix)

I ndeireadh na dála, ar chúis amháin nó eile, nó ar chúiseanna go leor, táthar ann nach féidir a gclann a thógáil le Gaeilge – beag beann ar ghrá s’acu don teanga, an taifead gníomhaíochta atá acu nó an ról oibre atá acu.

Sin mar atá cúrsaí i láthair na huaire i gcuid mhaith den Ghaeltacht agus san iar-Ghaeltacht i gcoitinne agus ní athrófar an staid sin gan athrú mór ar chúinsí teanga ó thaobh pobail de.

Nuair a deirimse ‘nach féidir a gclann a thógáil le Gaeilge’ ní gá nach bhfuil aon Ghaeilge á labhairt sa teach áfach: is é atá i gceist agam nach féidir leis an tuismitheoir cloí leis an riail ‘tuismitheoir amháin, teanga amháin’.

Seans, mar sin féin, gur féidir leo labhairt ‘go dátheangach’, i. meascán idir Gaeilge agus Béarla (nó teanga eile). Sin an cineál dátheangachais atá i gceist agam san alt seo agus ní na teaghlaigh ina labhraíonn tuismitheoir amháin Béarla (ceal Gaeilge a bheith acu) agus ina labhraíonn tuismitheoir eile Gaeilge.

Is é an rud atá ann sna cásanna seo ná nach féidir leo GAN Béarla a labhairt. Ach go fóill féin, táthar toilteanach Gaeilge éigin a labhairt sa teach.

Tá sé deacair do chuid daoine diúltú do theanga an phobail s’acu féin, do theanga an teaghlaigh s’acu féin, don chéad teanga atá acu féin (cé go bhfuil sé ag tarlú i rith an ama sa Ghaeltacht fosta). Tá sé deacair do chuid daoine teanga nach í a gcead teanga féin í a labhairt le páistí chomh maith (ii).

Mar sin féin, do roinnt daoine eile, ní fadhb é seo ar chor ar bith óir sa rogha a mhothaigh siad a bhí os a gcomhair – rogha idir dhá theanga agus dhá chultúr – roghnaigh siad an Ghaeilge agus an saol Gaelach, de ghnáth sular tháinig aon pháiste ar an tsaol. Ach ní gach duine atá ábalta sin a dhéanamh.

Tá aithne againn go léir ar an Ghaeilgeoir ‘ar theip air’ an teanga a labhairt lena leanbh, nó ar an té a deir gach rud faoi dhó, who says everything twice, nó an duine a d’fhan go dtí ‘gur thosaigh na páistí ag caint’ (Béarla ar ndóigh) agus ansin bhí sé ‘ró-mhall’, nó ar an teaghlach a d’fhan go dtí go raibh na páistí níos sine, ina ndéagóirí fiú, go dtí gur thosaigh siad ag tiontú ar an Ghaeilge go pointe áirithe.

Is rogha agus próiseas pearsanta é an díchoilíniú (agus ní gá a bheith ar son an díchoilínithe chun Gaeilge a labhairt sa bhaile), agus tá sé deacair saol an Bhéarla a fhágáil ar bhealach chomh poiblí sin agus Gaeilge a labhairt le clann os comhair an phobail Ghalldaithe.

Cuirimis mar seo é, ar chúis amháin nó eile, ní bhíonn daoine ábalta an piolla dearg sin a ghlacadh, an saol Gallda a thréigean agus maireachtáil mar Ghael ó thaobh na teanga de.

Mar sin féin, ní gann iad na daoine nach bhfuil ábalta an piolla gorm sin a ghlacadh ach oiread agus an Gaelachas a thréigean go hiomlán. Feictear dom gur dream an-tábhachtach amach is amach iad seo.

Sa leabhar ‘An Chonair Chaoch’ (iii), pléann na húdair an chontúirt don Ghaeilge a bhaineann lena a bheith ag caint go dátheangach le páistí, i. ag meascadh Gaeilge agus Béarla. Is é sin le rá, nach bhfuil i gceist ach céim i dtreo aonteangachas Béarla. Is doiligh smaoineamh nach é sin an toradh a bheas ar an phróiseas áirithe sin ach bhí siad siúd ag plé leis an Ghaeltacht.

Ní hionann an cás san iar-Ghaeltacht – ní féidir Béarla a choinneáil amach, beidh Béarla chomh maith céanna le páiste ar bith eile ag an pháiste a tógadh le Gaeilge san iar-Ghaeltacht, níl aon éalú uaidh sin.

Mar sin de, is dearfach an rud é Gaeilge ar bith a labhairt le daoine óga, cé nach féidir seachadadh idirghlúine foirfe a thabhairt air, dátheangachas éigin atá i gceist. Beidh lámh in uachtar ag an Bhéarla go cinnte ach bheadh tuiscint éigin ar an Ghaeilge ar a laghad ag an pháiste atá á thógáil sa chomhthéacs sin.

Sa staid ina bhfuil an Ghaeilge, is fearr é sin ná dada. Déanta na fírinne, is é an t-aon spás fáis a fheicim don Ghaeilge san am i láthair.

Mar a tharlaíonn sé, féadaim a thuairisciú go bhfuil cuid mhaith Gaeilgeoirí ag labhairt go dátheangach lena gclann seachas i nGaeilge amháin AGUS de réir fhianaise mo chluaise, tá an nós seo ag iarraidh níos coitianta, go háirithe i mBéal Feirste.

Is í an cheist ná an gcuirfeadh iarrachtaí chun an cineál sin dhátheangachais a spreagadh isteach ar iarrachtaí chun tuismitheoirí a spreagadh chun Gaeilge amháin a labhairt lena gclann (i. tuismitheoir amháin, teanga amháin)?

Ar chóir iarracht a dhéanamh chun an nósmhaireacht seo a spreagadh nó an bagairt í?

An ionann í agus cliseadh ar an seachadadh idirghlúine nó an céim riachtanach í ar an bhealach ina threo?


i. Wachowski, L., & Wachowski, L. (1999)
ii. Dúirt teangeolaí liom tráth gur mheas sí féin go labhraíonn daoine ‘teanga a gcroí’ lena gcuid páistí seachas an ‘chéad teanga’ a bhí acu.
iii. Lenoach, C., Ó Giollagáin, C., & Ó Curnáin, B. (2015).

Close
Close