Ciarán Dunbar
‘Ní ann d'aon teagmháil idir teangacha gan coimhlint idir teangacha’ (i)
- Dlí Nelde
Déantar go leor staidéir ar ‘bhás teangacha’, is é sin conas a fhaigheann teanga bás, ach seans go mbeadh sé níos cruinne ceist eile a chur: conas a chuirtear teanga chun báis?
Óir, d’ainneoin na bolscaireachta atá acu siúd atá ar son bás teanga éigin, ní fhaigheann siad bás go nádúrtha, cé go mbíonn rogha éigin ag daoine idir dátheangachas a chothú nó a dteanga dhúchais a chailleadh go hiomlán.
Roghnaigh muintir na hÉireann, den chuid is mó, dearmad a dhéanamh ar a dteanga dhúchais agus is léir gur beag suim atá ag an mórchuid chun í a labhairt arís mar theanga laethúil. Toradh ba ea sin ar chogadh cultúir, a cailleadh.
Tá an scéal céanna ar fáil ar fud na dtíortha Ceilteacha agus ar fud na hEorpa. Mar a mhaígh Nelde ‘Ní ann d'aon teagmháil idir teangacha gan coimhlint idir teangacha’. Faigheann an teanga ‘is láidre’ (ó thaobh cúrsaí aicme agus rachmais de, ó thaobh líon na ndaoine a labhraíonn í agus an chumhacht pholaitiúil atá acu) an lámh in uachtar, luath nó mall. Nuair a thosaíonn an próiseas, tá sé deacair stop a chur leis, mar a mhínigh Edwards:
“Short of draconian and undesirable intervention, this is a difficult process to halt, for a simple if often disregarded reason: language shift is typically a symptom of contact between two unequal societies, contact in which the attractions and pressures of the stronger increasingly invade the domains of the weaker. This process is often abetted, grudging though the endorsement may be, by members of that latter group." (ii)
Ach cé go leor mionstaidéar déanta ar dheireadh an aistrithe teanga, ar conas a fhaigheann sí bás go hiomlán, feictear dom gur beag staidéar atá déanta ar conas a thosaíonn an próiseas sin mar is minic a thagann sé sin salach ar cheartasaíocht pholaitiúil agus, in amanna, ar an athmhuintearas.
Déanta na fírinne, tosaíonn bású teanga le cliseadh / bua míleata.
Leanann cliseadh an chórais pholaitiúil an cliseadh míleata, leanann cliseadh cultúrtha dá réir agus de réir a chéile cailltear teanga, agus uime sin, sa deireadh thiar thall, faigheann féiniúlachtaí féin bás.
Mar sin de, ní ghabhaim leithscéal as ceachtanna ó eolaíocht mhíleata a chur i bhfeidhm ar shocheolaíocht an aistrithe teanga. Dá bhrí sin ba mhaith liom ceacht ón teoiricí míleata Gearmánach Carl von Clausewitz a chur i bhfeidhm ar an téama seo.
Déanaimse amhlaidh óir tuigim aistriú teanga, agus iarrachtaí chun aisiompú ar theanga, mar chuid de streachailt chun mórcheannas a bhaint amach ar lámh amháin, agus mar throid in aghaidh an mhórcheannais sin ar an lámh eile. Feachtas cultúrtha, eacnamaíochta agus polaitíochta atá ann.
Ag an am céanna, aithním go measann daoine eile gur chaill an Ghaeilge an streachailt sin chomh dona sin faoin am seo nach féidir a bheith ag súil ach le spás teoranta éigin a bhaint amach sa tsochaí mar theanga chultúrtha. Teanga a bheadh teoranta ó thaobh úsáide de do na healaíona agus srianta ag an dátheangachas, caitheamh aimsire go bunúsach nó ‘coffee table language’ mar a thugaimse uirthi.
Ní thaitníonn an fhís sin liomsa ar chor ar bith, ach glacaim go bhfuil macántacht, agus loighic fiú, taobh thiar de. Is fearr é, seans, ná dearmad iomlán a dhéanamh ar theanga nó chun troid dhíreach a thosú le lucht labhartha na mórtheanga.
Is é m’argóint ná, cé go bhfuil líon na gcainteoirí Gaeilge íseal (cainteoirí dúchais agus iad siúd a roghnaíonn í a labhairt araon) ina dhúshlán ollmhór, is é an fhadhb is mó ná nach bhfuil cónaí orthu san áit chéanna. Is féidir comparáid a dhéanamh idir an staid sin agus cúrsaí míleata.
Cuir i gcás an friotal seo ó Clausewitz, a léiríonn bunús a theachtaireachta, creidim:
“Níl le déanamh, mar sin, i gcásanna nach féidir barrchéimíocht iomlán a bhaint amach, ach ardchéimíocht choimhneasta a bhaint amach ag pointe cinntitheach trí úsáid oilte a bhaint as an mhéid atá againn.”
Is é sin a rá, úsáid a bhaint as a bhfuil agat go héifeachtach. Ní féidir leis an Ghaeilge a bheith láidir, uime sin, caithfidh lucht labhartha na teanga a bheith glic. Maím gurb é gliceas sa chás seo ná neart na teanga a dhíriú ar chroí-thionscadail chriticiúla (oideachas, saol sóisialta agus fostaíocht) agus iad a bhunadh, a fhad agus is féidir, in áit amháin agus in éineacht leis sin go ndéanfaí lucht labhartha na Gaeilge a chruinniú san áit chéanna.
Bhí Clausewitz den tuairim gur gá neart a dhíriú ar áit amháin, ‘an pointe cinntitheach’:
“Is é an straitéis is fearr i gcónaí ná a bheith an-láidir, go ginearálta ar dtús agus ansin ag an phointe chinntitheach. Uime sin, seachas an fuinneamh a chruthaíonn an tArm, obair nach ndéanann an Ginearál i gcónaí, níl aon rud níos tábhachtaí agus níl aon dlí níos simplí ann ó thaobh Straitéise de ná fórsaí a choinneáil dlúthchruinnithe.
Ach ar ndóigh, is é an rud is deacra ná an cinneadh sin atá le déanamh maidir leis an áit a bhfuil an pointe cinntitheach sin – is é sin le rá, cén áit chun dlúthú (iii):
“Is é bua an straitéisí ná an pointe cinntitheach a aimsiú agus chun gach rud a dhíriú air, ag baint fórsaí ar shiúl ó fhrontaí tánaisteacha agus ag déanamh neamhaird ar spriocanna nach bhfuil an tábhacht chéanna leo.
Mar sin de, cad iad na ceachtanna sna prionsabail sin don Ghaeilge?
Creidim go bhfuil sé soiléir. Más féidir leat, bog siar chun na Gaeltachta. Mura féidir leat sin a dhéanamh, cruthaigh dlúthphobal san áit a bhfuil tú. Mura féidir leat sin a dhéanamh, bog chuig ceantar ina bhfuil Gaeilgeoirí ag cruinniú go nádúrtha nó d’aon chúis.
I bhfocail eile, dírigh do neart ar phointe ar leith. Aimsigh an pointe cinntitheach agus dírigh gach rud air. Nó mar a dúradh liom i dteach i bPobal Feirste – “dírigh tú féin ar rud amháin”.
Roghnaigh do phointe cinntitheach go cúramach agus bíodh misneach agat do neart a chruinniú ann.
Ach cén áit an pointe cinntitheach? Is é roghnú na háite seo an eochair, ghlacfadh sé fuarchúiseachas agus loighic chun rud chomh bunúsach tábhachtach seo a shocrú.
Cad é an ceacht do na húdaráis?
Déarfainn gur gá an t-airgead agus acmhainní atá ar fáil a chaitheamh sna háiteanna seo a bhfuil an Ghaeilge láidir cheana – chan sna háiteanna a bhfuil sí lag.
___________________
(i) Nelde 1997, l, 292: “The statement that there can be no language contact without language conflict (“Nelde's Law”) – K. de Bot in his GAL (Gesellschaft für angewandte Linguistik) presentation in Göttingen on January 10, 1989) – may appear exaggerated, but there is in the realm of the European languages at present no imaginable contact situation which cannot also be described as language conflict.”
(ii) Edwards, J. (2013), l. 73.
(iii) Den chuid is mó againn, is ionann sin agus an áit a bhfuil muid inár gcónaí cheana féin.