An fuilaistriú mór atá ag teastáil ón nGaeltacht

Concubhar Ó Liatháin

Agus sinn go léir faoi ghlas ag galar, is beag leithscéal a bheadh ag éinne gan bheith ag amharc ar an tsraith cláracha faoin nGaeltacht, Gaeltacht 2020, agus Saol Trí Ghaeilge, a craoladh ar TG4 le seachtainí beaga anuas.

Níor ghá duit a bheith ag amharc go rófhada ar an tsraith dhá chlár faoin nGaeltacht ina raibh Eibhlín Ní Chonghaile ag iarraidh léas dóchais a aimsiú don Ghaeltacht go dtí go dtitfeadh do chroí le héadóchas. Níorbh é seo an misean a bhí ag an láithreoir ach bhí gach duine nach mór a labhair sí leis nó léi níos éadóchasaí ná a chéile.

A mhalairt glan a bheadh le baint ón gclár a raibh Ciara Ní É ag láithriú, Saol Trí Ghaeilge. Ar nós amhrán Rihanna, 'We Found Love in a Hopeless Place’, d'éirigh léi údar dóchais a aimsiú in áiteanna nach mbeifeá ag súil leis - tithe tabhairne i mBaile Átha Cliath, pobal tuaithe i gContae Dhoire agus tacsaí dubh i mBéal Feirste.

Tá rudaí ba mhaith liom a lua faoin gcur chuige a bhí sna cláracha seo, ní mar cháineadh ach mar léargas a bhain mé astu, ach ar mhaithe le díriú ar an ábhar, fágfaidh mé sin go dtí lá níos faide anonn.

Na rudaí a mhothaigh mé ag bhí ar iarraidh ón tsraith Gaeltacht 2020 - óige, dóchas agus muinín - bhí Saol Trí Ghaeilge ar maos leo. Ní nach ionadh, áfach, mar is é an tráchtaireacht choitianta a bhfuil glactha léi go bhfuil dhá phróiseas éagsúla ag titim amach sa Ghaeltacht agus taobh amuigh di – imeallú agus meath sa Ghaeltacht, fás agus forbairt i bpobail Ghaeilge eile.

Anois ní lia mé ach tá tuairim agam a d'fhéadfadh téarnamh a thabhairt chomh fada leis an nGaeltacht agus a d'fhéadfadh a bheith mar chuid den 'saol normálta nua' a bheidh againn ag deireadh na paindéime seo.

An mó duine atá cloiste agat agus iad ag caint faoin athrú ó bhonn atá i ndán dár saol nuair a bheidh stoirm COVID-19 gafa tharainn? Sa saol nua seo is gnáthrud a bheidh ann a bheith ag obair ón mbaile. Beidh bunioncam ag gach duine agus beidh díon os ár gcionn go léir. Beidh córas sláinte a bheidh bunaithe ar an ngá atá le cóir leighis seachas ar an gcumas íoc as. Agus beimid go léir ag obair chun drochéifeachtaí an athraithe aeráide a mhaolú an oiread agus is féidir.

Tá moladh agam a chuirfeadh 'tic' in go leor boscaí - agus a bhfuil féidearthachtaí iontacha aige don nGaeltacht. Is fánach an áit a bhfaighfeá gliomach.

Más ag obair ón mbaile a bheidh gach éinne - nó an oiread is nach bhfuil a gcuid oibre ceangailte le háit ar leith - cén fath nach mbogann gach éinne atá ábalta go dtí an Ghaeltacht?

D'fhéadfadh siad obair ón mbaile sa Ghaeltacht an oiread is a d'fhéadfadh siad obair ón mbaile sa Bhruiséil, i mBaile Átha Cliath, Gaillimh, Béal Feirste, Londain, Nua Eabharc, pé áit é.

Táim ag smaoineamh ar aistritheoirí, scribhneoirí scripte, comhairleoirí... tá an iliomad post ann atá á ndéanamh in áit éigin eile ach a d'fhéadfadh a dhéanamh in áit ar bith. Agus más amhlaidh an scéal, nach fearr dóibh a bheith ag obair sa Ghaeltacht?

Bheadh seo cosúil le fuilaistriú mór d'othar a bhí lag ar feadh na mblianta agus an chuid is fearr dá óige ag imeacht óna cheantair dhúchais ar thóir postanna níos fearr sna cnoic ghlasa i bhfad i gcéin. Saol compordach, saibhreas de shórt, deiseanna na cathrach. Cupán deas caife.

Mhaithfeá a seanaislingí do dhaoine - mar sin an rud a bhí uainn go léir uair amháin. Ach anois tá rudaí athraithe go mór ag an gcoróinvíreas. Saol níos simplí atá uainn. Saol a mbeimis sásta clann páistí a thogáint ann. Saol sábháilte.

Tá sin ar fad ar fáil sa Ghaeltacht - agus, níos fearr ná sin, a bhuí d'fhadradharc an Údaráis, tá gréasán G-Teiceanna ar fud na nGaeltachtaí éagsúla le ceangal idirlín ardluais, fearais oifige atá ar comhchéim nó níos fearr ná pé áit ina raibh tú ag obair roimhe. Maith go leor, níl an oiread caiféanna deasa anseo, fós, is atá sna cathracha ach má thagann daoine, tiocfaidh siad. Agus idir an dá linn, tá teacht ar phónairí den phór is fearr anseo freisin.

Bítear ag caint ar an nGaeltacht uirbeach - agus bhí sé go mór sa treis in Saol Trí Ghaeilge - ach is rogha saoil é sin sa chathair - freastalaíonn tú air uair sa mhí, uair sa tseachtain nó uair sa lá fiú - ach ní rud 24/7 é, taobh amuigh de Bhéal Feirste, mar a shamhlaítear leis an nGaeltacht thraidisiúnta.

Anseo is cuid dár saol í an Ghaeilge. Tá labhairt na Gaeilge cosúil le hanáil a tharraingt.

Anois tuigim go rímhaith go bhfuil fadhbanna againn sa Ghaeltacht de bharr go ndeir na staitisticí linn go bhfuil líon na ndaoine atá ag labhairt na Gaeilge gach lá ag dul i laghad.

Ní shéanaim réaltacht na Gaeltachta. Tá cónaí orm ann. Tuigim go bhfuil go leor sa cheantar maguaird nach bhfuil an Ghaeilge lárnach ina saol. Ach tá sí acu. Tá féidearthacht ann anois beatha nua a thabhairt don Ghaeltacht mar gheall ar an athrú saoil atá oscailte dúinn de bharr na paindéime agus is peaca a bheadh ann mura bhféadfaimis greim dhá lámh a bhreith ar an ndeis seo.

Cad is fiú a bheith ag gearán ón dtaobhlíne, ón gcoigríoch nó níos gaire don bhaile, nuair is tusa féin an t-athrú atá de dhíth?

Close
Close