Katie Saoidhbh McGreal
Tá trí leabhar foilsithe agam féin anois agus ní bheadh siad ar an saol mura raibh féinfhoilsiú trí Amazon ar fáil.
Tuigim go maith go bhfuil go leor drochghnéithe ag baint le hAmazon. Tá siad ag cur comhlachtaí eile as gnó, siopaí leabhar san áireamh, ach tá rudaí dearfacha ag baint leo freisin. Is é an rud is fearr, dar liom, ná go dtugann siad deis do scríbhneoirí a saothar a chur amach ar bhealach i bhfad níos éasca ná mar a bhíodh sé.
An buntáiste is mó le hAmazon mar scríbhneoir ná go gcuireann siad seirbhís ‘print-on-demand’ ar fáil. Ciallaíonn sin gur féidir liom lámhscríbhinn a uaslódáil go dtí an suíomh agus é a chur ar fáil don phobal. Is féidir le héinne atá ag iarraidh é a cheannach agus ní gá domsa mar scríbhneoir méid mór airgid a chaitheamh ar leabhair a chur i gcló. Má tá sé ar Amazon, ní rachaidh sé as cló go dtí nach mbeidh Amazon é féin ann.
Anuas air sin, is próiseas níos tapúla é, an féinfhoilsiú. Sula raibh a leithéid de Amazon agus ‘print-on-demand’ ann, dá má rud é go raibh tú ag iarraidh leabhar a fhoilsiú bhí ort dul chuig comhlachtaí foilseoireachta nó gníomhaire liteartha agus iarraidh orthu do shaothar a mheas agus a chur i gcló duit. Próiseas fadálach atá ann agus ní éiríonn le gach scríbhneoir deireadh an bhóthair a bhaint amach. Agus, fiú má éiríonn leat foilsitheoir a fháil, is iondúil go mbíonn smaointe acu féin faoin rud a oibróidh dóibh, ón ábhar go dtí an clúdach.
Ach más tú féin a chuireann amach do shaothar, is agatsa atá iomlán an smachta: rud atá go maith agus go holc! Bíonn ort féin freagra a aimsiú ar na ceisteanna móra ar nós céard a bheidh ar an gclúdach agus cén cineál páipéir agus dearaidh a bheidh ann. Ach is féidir leat daoine a fháil ar bord le cabhrú leat sin ar fad a dhéanamh.
Má tá smaoineamh agat maidir le leabhar nó saothar de shaghas éigin a chur i gcló tú féin tá cúpla moltadh agus smaoineadh agam duit:
Cuir aithne ar dhaoine a bhfuil seo déanta acu féin. Níl sé riachtanach ach is taca mór a bheidh iontu duit. Má tá tú i ngrúpa scríbhneoireachta cuir ceist ar na daoine ansin, nó aimsigh grúpa ar na meáin shóisialta agus labhair leo faoi.
Beidh eagarthóir agus profléitheoir uait. Faigh moltaí do dhaoine atá go maith ó scríbhneoirí eile, ó ghrúpaí Facebook nó ar X nó fiú glaoigh ar chomhlachtaí foilsitheoireachta agus iarraidh orthu cúpla ainm a thabhairt duit. Tá tú ag lorg daoine a bhíonn ag obair le saothar i do sheánra. Cuir sampla den saothar go triúr nó ceathrar agus déan cinneadh cén duine is fearr duit bunaithe air sin. Níl sé chomh tábhachtach céanna agus tú ag lorg proifléitheora ach b’fhiú sampla a fháil ó bheirt acu díreach lena chinntiú go bhfuil a gcuid oibre ag teacht le d’fhís féin.
Ansin, beidh ort clúdach a fháil de do shaothar. Dearthóir grafaicí atá uait agus mholfainn duit duine a dhéanann clúdaigh do leabhair a aimsiú go háirithe.
Bhí mé féin i ngrúpa The Creative Writing Corner le Wingfield Designs agus bhí go leor scríbhneoirí sa ghrúpa sin a bhí agus atá ag úsáid Amazon Print on Demand lena saothar a chur os comhair an tsaoil mhóir. Bhí neart moltaí acu dom ó thaobh daoine oiriúnacha agus poiblíochta de. Mholfainn an grúpa sin mar thúsphointe. Ní gá go mbeadh an próiseas róchostasach ach an oiread.
Go n-éirí leat!