Cárthach Bán Breathnach
“Tá an fhéadóg séidte agus is iad Gaillimh seaimpíní Iomána na hÉireann 2020, lá iontach an 16ú de mhí Lúnasa tá Liam Mac Cárthaigh ag dul siar aríst...”
Ar bhealach is rud nádúrtha a bheadh sa mbrionglóid sin, ach is aisteach anois í agus muid ag druidim le deireadh mhí Lúnasa gan Cluichí Ceannais na hÉireann. Ba cheart go mbeadh cluiche ceannais Iomána na hÉireann imeartha faoin am seo, an lá inné, agus is minic é ráite gur cheart lá saoire násiúnta a dhéanamh dó.
Tá an t-ádh liom go raibh sé mar phribhléid agam suí isteach ag na laethanta móra seo. Is cuimhin liom Cluiche Ceannais 1997 agus Eoin Mac Donnacha ag imirt le hóganaigh na Gaillimhe. Is cuimhin liom mo chairde féin Naoise Ó Lionáird agus Maidhc Ó Conghaile ag caitheamh gheansaí na Gaillimhe ar an lá mór. Is cuimhin liom a bheith croíbhriste ar Chnoc 16 agus Cill Chainnigh ag fáil an ceann is fearr ar Ghaillimh in 2012. Ní dhéanfaidh mé dearmad ar phuc saor Bubbles in 2014, fear as Cill Chainnigh pósta le bean as Tiobraid Aráinn agus mise idir an bheirt. “Sit between us or we won't talk for the week”. Drámaíocht!
Ní dhéanfaidh mé dearmad go deo ar 2017, Gaillimh agus Port Láirge, an teannas, grá agus faoiseamh. Faoiseamh tar éis na mblianta de bheith ag caoineadh agus ag fulaingt, bhí Gaillimh ina seaimpíní.
Tá an stair, an scil agus an scéalaíocht le brath ar lá mór lúbtha na fuinseoige.
Is rud dochreidte é agus ru dar leith d’aon chontae sa gCluiche Ceannais. Deireadh seachtaine lán le spraoi, bíonn chuile dhuine as an gcontae sin san Ardchathair oíche Dé Sathairn. Agus Gaillimh ag imirt, tá Baile Átha Cliath an Satharn sin ar nós bheith ag seasamh i dTigh Taafe i rith sheachtain na rásaí. Aithnaíonn tú gach duine agus níl ach rud amháin ar bharr a dteanga.
Bíonn Sráid Camden plódaithe agus muintir na Gailimhe ag bailiú thar a chéile agus cloiseann tú daoine ag rá i nglór Joe Connolly, “People of Galway, we love you”.
Is cuma más as Ros Muc nó Cealtrach thú, is mar chuid de phobal amhain thú, pobal do chontae. Bíonn néaróga, bíonn dóchas, bíonn ticéidí, bíonn ‘Up for the Match’, bíonn Coppers, bíonn geansaithe contae agus uaireanta, faraor, bíonn brón agus pian.
Faoi láthair ta cúrsaí club i lár an aonaigh agus gan Páirc an Chrocaigh ag cur isteach orainn ach Páirc Uí Fhearchair agus Páirc an Chathannaigh. Le beagnach sé seachtainí anois ta clubanna ag imirt, ta gasúir ag imirt, tá fir ag imirt, tá mná ag imirt. Ach b’fhéidir níos tábhachtaí ná sin tá croíthe ag imeacht. Tá croithe ghnáthphobal CLG ag preabadh arís, iad ag breathnú ar chluichí faoi aois, ag éisteacht le foirne an chlub ar an raidió, nó an bealach nua, an sruthú. Agus cosc ar níos mó ná 200 duine dul isteach chuig na cluichí, tá sé thar a bheith deacair ar chlubanna freastal ar an lucht leanúna dílis. Tá beagnach gach contae anois ag cur beoshruthú ar fáil. Nemeton, comhlacht na Rinne, atá i mbun go leor dó agus iad, ní den chéad uair, ag slánú lucht leanúna CLG. Ní féidir luach a chur ar chluichí club.
Ach, agus bíonn ach i gcónaí ann, níl aon dabht faoi ach go bhfuil dris chosáin amach romhainn. Tá ráta na gcásanna ar an oileán ag ardú faraor agus líon na cásanna i gclubanna CLG ag méadú chomh maith - an cheist mhór ná an mbeidh cluichí idirchontae ag tarlú amach anseo? An bhfuil sé réalaíoch go mbeadh cluichí idirchontae ar bun gan deoraí i láthair?
Labhair iar‑Uachtarán CLG, Liam Ó Néill, liomsa faoi ar chlár Spóirt an tSathairn ar RnaG an tseachtain seo caite agus luaigh sé gurbh fhiú an díospóireacht a thosú. Tá airgead agus costas i gceist, tá am agus dainséar i gceist, ach an féidir luach a chur ar bhród agus mórtas contae? An féidir dearmad a dhéanamh ar chluichí ceannais na hÉireann nó an mbeidh daoine sásta le craobhacha contae a bheith críochnaithe agus sin é? Níl freagraí na gceisteanna sin agamsa, ach faraor, b’fhéidir gur tromluí seachas brionglóid atá i ndán dúinn i mbliana.