Eite Dheis na Gaeilge

An cás caomhach ar son na Gaeilge

Leis an eite dheis i dtreis san Eoraip agus i SAM, chuaigh Ciarán Dunbar i mbun comhrá le beirt chaomhach ghaelach le fáil amach – an bhfuil cás ar son na Gaeilge ar an eite dheis?

Is leor sracfhéachaint a chaitheamh ar chuntais Twitter agus Facebook go leor de na daoine a bhfuil dlúthpháirt acu i gcúis na Gaeilge chun a aithint gur daoine 'liobrálacha' 'forásacha' iad roinnt mhaith acu.

Lena chois, tá cás na Gaeilge á chur chun tosaigh mar ábhar cearta teanga, cearta daonna, le glúin anuas seachas mar chúis náisiúnach, thírghrách.

An bhfuil cás eile gur féidir a chur chun cinn ar son na Gaeilge áfach?

Chuir mé an cheist sin ar dhís Bhaile Átha Cliathach caomhach, Darragh Ó Náraigh agus Ciarán Ó Coigligh.

 An eite dheis?

“Thabharfainn 'coimeádach' orm féin, is dócha go bhféadfaí a rá go bhfuil mé ar an eite dheis,” a dúirt Daragh, cé gur chuir sé in iúl go bhfuil go leor éagsúlacht sa sciathán polaitíochta sin.

Ní thaitníonn an téarma 'eite dheis' leis an Dr Ciarán Ó Coigligh atá ina léachtóir ollscoile, áfach:  “Is caomhach radacach mé agus sin mar ab fhearr liom a chuirfí síos orm.

“Is contrárthacht bhréagach an chontrárthacht idir ‘deas’ agus ‘clé’ sa mhéid is go bhfuil glactha ag buanacht na meán, na polaitíochta parlaimintí, agus scothaicmí an oideachais agus na siamsaíochta leis an Marxachas cultúrtha,” a dúirt sé.

Seasann an Dr Ó Coigligh go láidir i gcoinne an Mharxachais agus i gcoinne smaointeoireacht an chumannaí Iodálaigh, Antonio Gramsci go háirithe. Tá polaitíocht Chiaráin fréamhaithe go láidir ina chreideamh Críostaí agus ina sheasamh i gcoinne an ghinmhillte.

“Creidim go láidir i bprionsabal na coimhdeachta a fhágas an chumhacht ar an leibhéal áitiúil agus i measc an phobail agus ní hea ar leibhéal na parlaiminte náisiúnta,” a dúirt sé.

“Tá mé glan in éadan an státachais. Dá laghad smacht dá mbeadh ag an stát ar shaol an ghnáthdhuine is ea is fearr,” a dúirt sé lena chois.

 

Cur chuige eagraíochtaí Gaeilge

“Tá ról ag an stát ach de réir prionsabail choimeádacha gach uair a fhágtar an stát i gceannas ar rud, déanann an stát praiseach de,” a dúirt Darragh.

“Dá bhrí sin, is ea is lú cumhacht atá ag an stát is ea is fearr. Tá sé níos fearr an tsaoirse a thabhairt don duine aonair smacht a bheith aige ar a shaol féin.

“Ó bunaíodh an stát, bhí ról mór cumhachta ag an stát ó thaobh na Gaeltachta agus na Gaeilge de. Rinne siad praiseach iomlán de, níor cuireadh stad leis an meath sa Ghaeltacht.

“In ionad a bheith ag iarraidh ar an stát airgead a thabhairt ar son na cúise, ba chóir do dhaoine seilbh a ghlacadh ar thodhchaí na teanga.

“Tá gluaiseacht na Gaeilge ag iarraidh ar an stát an iomarca a dhéanamh. Ba chóir dóibh díriú ar an dteanga a chur chun cinn is a úsáid go háitiúil ina bpobal féin, in ionad a bheith ag iarraidh ar an stát airgead a thabhairt dóibh is póilíneacht a dhéanamh ar ranna rialtais nach bhfuil sé ar a gcumas acu (nó nach bhfuil suim acu) gnó a dhéanamh leis an bpobal trí Ghaeilge,” a dúirt sé.

Tá Ciarán níos cáintí arís: “Ní chreidim go bhfuil a leithéid de rud ann agus ‘gluaiseacht na Gaeilge’.

“An dream atá ag cur Acht Teanga, ginmhilleadh agus pósadh chomhghnéis chun cinn in aon phacáiste amháin, ní labhraíonn siad ar mo shonsa ná ar son go leor gaolta, cairde agus lucht aitheantais de mo chuid atá ar aon tuairim liom i dtaobh na gceisteanna sin.”

Bhain Ciarán úsáid as sampla clúiteach ó stair na teanga lena phointe a chur in iúl: “Nuair a tógadh raic i séipéal Gaeltachta faoi easpa Gaeilge a bheith ag sagart nua, d'fhiafraigh máthair mo mhná, Bríd Éamainn, cad chuige nach bhféadfadh an sagart an tAifreann a cheiliúradh i mBéarla?

“Thuig Bríd gurbh é an tAifreann an rud ba thábhachtaí agus go mba rud le cois teanga an Aifrinn.

“Ní raibh aon Bhéarla aici ach bhí sí in ann tairbhe spioradálta a fháil as an Aifreann Béarla ar nós a bhí sí in ann tairbhe spioradálta a bhaint as an Aifreann Laidine, teanga nár thuig sí ach a oiread ach gur thuig sí aisti.

“Caintítear ar ‘phobal na Gaeilge’ freisin. Níl a leithéid ann. Creidimse go bhfuil an Ghaeltacht ann agus go gciallaíonn an Ghaeltacht daoine a labhraíos an Ghaeilge agus a chleachtas gnásanna Gaelacha – sin uile,” a dúirt sé.

Dar le Ciarán go bhfuil sé tábhachtach pobail éagsúla nach suim leo an Ghaeilge go dtí seo a mhealladh chuici:

“Ní bheidh rath ar an nGaeilge sa tír go mbí sí dá labhairt ar Bhóthar Mhaigh Lón agus in Oirthear Bhéal Feirste, ar Thaobh an Uisce i nDoire /Londain-Doire, ar an mBaile Bocht agus ar Bhóthar Vico i gCill Iníon Léinín i nDuibhlinn agus in áiteanna eile nach iad idir shaibhir agus dhaibhir.

“Is iad an chosmhuintir ar lámh amháin, ina measc Dílseoirí agus iar-pharamíleataigh Thuaisceart Éireann, agus ar an lámh eile lucht rachmais Thuaisceart Éireann agus Phoblacht na hÉireann an dá aicme is práinní a theastaíos a thabhairt ar thaobh na Gaeilge.

“Cén teanga a labhraíos milliúnaithe agus billiúnaithe Thuaisceart Éireann agus Phoblacht na hÉireann?

“Ní heolas dom go ndearna Bord na Gaeilge ná Foras na Gaeilge ná Conradh na Gaeilge ná An Dream Dearg ná dream ar bith eile iarracht fhiúntach ar bith riamh leis na haicmí fíor-thábhachtacha seo a thabhairt ar thaobh na Gaeilge,” a dúirt sé.

Lucht cáinte na Gaeilge

Ní thaitníonn sé le Darragh an chaoi a mbíonn ag Gaeilgeoirí freagraí a thabhairt ar lucht cáinte na teanga:

“Gach uair a cháineann duine an Ghaeilge, tosaíonn siad ag ionsaí an duine sin, is a rá go bhfuil a gcuid mothúcháin gortaithe de dheasca an cháinte sin.

“Is cuma sa tsioc le Béarlóirí faoi mhothúcháin Ghaeilgeoirí, agus ní rachaidh a leithéid d'argóint i bhfeidhm ar mhóramh an phobail.

“Freisin, níl meas acu ar shaoirse cainte daoine eile. Tá lánchead ag daoine Gaeilgeoirí a cháineadh is a mhaslú, ba chóir do ghluaiseacht na Gaeilge glacadh leis seo.

“Má tá an ceart agat, ba chóir go mbeadh muinín ionat féin as do chuid tuairimí, muinín go bhfuil sé ar do chumas agat argóintí seafóideacha míloighciúla an fhreasúra a bhréagnú le fíricí is loighic.

Ach má tá cead ag daoine Gaeilgeoirí a cháineadh is a mhaslú - nach bhfuil an cead céanna ag Gaeilgeoirí iad a cháineadh is a mhaslú dá réir?

“Tá ar ndóigh,” a dúirt Darragh, “ach ní hé an bealach is fearr le do chuid tuairimí a chur i luí ar mhóramh an phobail. Is fearr fíricí is loighic ná Ad Hominem,” a dúirt sé.

Cearta teanga 

An féidir an coincheap 'cearta teanga' i ndearcadh na gcaomhach?

“Go pointe áirithe,” a dúirt Darragh.

“Tugann [Bunreacht na hÉireann] cearta áirithe dúinn ó thaobh na teanga de, agus tá freagracht orainne mar Éireannaigh an Bunreacht a chosaint agus gníomhú de réir an Bhunreachta.

“Ba chóir dúinn an rialtas a choimeád cuntasach as muna bhfuil siad ag cloí leis an mBunreacht.

“É sin ráite, nuair a théann daoine amach ag máirseáil ar son “cearta teanga” ní dóigh liom go bhfuil a fhios acu féin cad é go díreach atá siad ag feachtasaíocht ar a shon.

“Bheadh sé níos fearr máirseáil ar son rud sonrach ar leith in ionad a bheith ag máirseáil ar son rud chomh doiléir le 'cearta teanga'.

Tá Ciarán Ó Coigligh i bhfad níos daingne ar an cheist seo áfach: “Ní aontaím le coincheap na gceart teanga.

“Is léir go bhfuil soiscéal Marxach na ‘gceart’ tolgtha ag go leor de lucht páirte na Gaeilge.

“Níl cearta ann neamhspleách ar dhualgais ach ní airím lucht ‘ceart’ riamh sa saol ag trácht ar a gcuid dualgas.

“Tá meon na teidlíochta gaibhte in ainseal ar theoiriceoirí agus ghníomhaithe teanga.

“Is é an leagan amach atá acu go bhfuil daoine i dteideal rudaí agus gurb é dualgas an stáit freastal ar a gcuid ‘ceart’ agus a gcuid teidlíochta.

“Cothaíonn leagan amach den tsórt sin meon an sclábhaí, spleáchas an duine, an teaghlaigh agus an phobail ar an stát.

“B’fhearr liom féin dá laghad anáil agus tionchar a bheadh ag an stát ar shaol an duine aonair, an teaghlaigh agus an chomhluadair,” a dúirt sé.

Cad é an cás caomhach mar sin?

Cén chaoi a gcuirfeadh caomhaigh cás na Gaeilge chun tosaigh?

“Bheadh sé níos fearr a rá le daoine ar an eite dheis go bhfuil an tsaoirse agus an ceart acu gan tacú leis an nGaeilge nó gluaiseacht na Gaeilge a cháineadh dá dteastódh leo,” a dúirt Darragh.

“Ach ag an am céanna, déarfainn leo go bhfuil cás láidir bunreachtúil ann ar son na Gaeilge, agus gur gá cloí leis an mbunreacht.

“Déarfainn leo gur leag bunaitheoirí ár dtíre béim mhór ar an nGaeilge, agus gur chóir dúinn a bheith dílis d'fhís bhunaitheoirí an stáit.

“Sílim gur argóint thar a bheith oibiachtúil é a lua go bhfuil buntáistí leis an ilteangachas, seans maith go rachadh sé seo i bhfeidhm ar dhaoine coimeádacha chomh maith,” a dúirt sé.

Is léir nach bhfuil tuairimí Darragh agus Chiaráin ag teacht le chéile ar an phointe seo áfach.

“Deirimse leo gur de dhlúth agus d’inneach na hÉireann chomh fada siar is atá siar ann an Ghaeilge,” a dúirt Ciarán.

“Deirimse go bhfuil an Ghaeilge acmhainneach ar gach uile mhothú, gach uile smaoineamh agus gach uile mhian a chur i bhfocal.

“Deirimse leo gur de dhlúth agus d’inneach na Gaeilge an Creideamh Críostaí agus nach fiú an Ghaeilge a athbheochan ná a chothú d’uireasa na gné spioradálta seo.

“Deirimse go bhfuil teacht ar ghaois na nGael le míle go leith bliain ach an teanga a bheith againn.

“Deirimse leo gan bacadh leis an mbolscaireacht mheán-aicmeach faoin nGaeilge a bheith ina cúnamh leis an tríú teanga a fhoghlaim, le torthaí acadúla níos fearr a bhaint amach, le post níos fearr a bhaint amach.

“Is iad gramadach agus modh smaointe na Gaeilge a chleacht na daoine a chónaigh ar oileán na hÉireann le 1,500 bliain.

“Tá saibhreas as cuimse sa teanga is fiú do dhuine ar bith a shealbhú, duine atá ina chónaí ar an oileán go háirithe nó duine ar de bhunadh an oileáin é,” a dúirt sé.

Identity Ireland 


 Mar sin de, cén fáth a bhfuil grúpaí ar nós Identity Ireland measartha fuarchúiseach i leith na Gaeilge de?

“N'fheadar.” a dúirt Darragh.

“Seans go bhfuil a fhios acu go bhfuil ceist na Gaeilge sách cigilteach, is go mbíonn tuairimí difriúla ag daoine ina taobh.

“Dá mbeadh seasamh láidir acu i dtaobh na Gaeilge, is cuma cé acu ina fabhar nó ina coinne, seans go gcuirfeadh sé sin daoine ó dhoras.

“Chomh maith leis sin, seans gur féiniúlacht bunaithe ar dhath craicinn nó sinsearacht an chloch is mó ar an bpaidrín acu, agus nach bhfuil an Ghaeilge chomh tábhachtach sin dóibh,” a dúirt sé.

An Tuaisceart

Cad é an dearcadh atá ag Darragh agus Ciarán i leith cás na teanga sna Sé Chontae mar sin?

“Nílim cinnte an ndéanfadh acht teanga ó thuaidh leas ollmhór ar son na teanga, is iad na heagraíochtaí is mó a bhainfeadh leas as, bheadh airgead ann dóibh,” dar le Darragh.

“Tá an baol ann go dtógfadh sé todhchaí na teanga amach as lámha an phobail agus isteach i lámha an rialtais.

“Nílim i gcoinne acht teanga per se, ach is iad na daoine féin is mó is féidir leo an teanga a chur chun cinn.

“Rinne [Gaeilgeoirí an tuaiscirt] míorúiltí gan aon acht teanga, agus táim cinnte go leanfaidh siad ar aghaidh ag obair go crua, fiú gan acht teanga.

Ní chuireann Ciarán fiacail ann áfach, tá sé dubh i gcoinne Acht Teanga don Tuaisceart:

“Is cáiníocóirí lucht labhartha gach uile theanga agus dá réir is mó ar fad an t-éileamh a bheadh ag lucht labhartha na Polainnise,” a dúirt sé.

“Ar ndóigh is cás ar leith cás na Gaeilge i ngeall ar gurbh í teanga dhúchasach mhuintir oileán na hÉireann í le os cionn míle go leith bliain,” a dúirt sé lena chois áfach.

Luíonn Ciarán deacrachtaí le cur i bhfeidhm an achta teanga ó dheas mar chuid dá chás: “D’éirigh an Coimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin as a phost le teann míshásaimh le hAcht na dTeangacha Oifigiúla.

“Is ar éigean is féidir gnó ar bith a dhéanamh leis an Stát ná leis na forais phoiblí i bPoblacht na hÉireann.

“Dá réir sin, ní fiú an tairbhe an trioblóid Acht Teanga agus is é an trioblóid go gcuirfeadh a leithéid olc as cuimse ar go leor den phobal nach toil leo cothú na Gaeilge agus léireodh an easpa úsáide a bhainfí as aon deiseanna a chuirfí ar fáil laige na Gaeilge go fiú i measc an chuid sin den phobal ar feasach iad gur cuid dá n-oidhreacht an teanga.

“B’fhearr cúnamh a thabhairt ar bhonn úsáide sa gcéad áit do dhaoine aonair, do ghrúpaí agus do phobail ar mian leo an Ghaeilge a chur chun cinn.

“Ina theannta sin, ba cheart tosú ar bhealach neamh-bhagrach ag soláthar réimse seirbhísí san earnáil phoiblí. Dá mba léir go raibh úsáid dá baint as seirbhísí d’fhéadfaí cur leo de réir a chéile.

“Is é dúshlán lucht páirte na Gaeilge dílseoirí, aontachtaithe agus náisiúnaithe agus daoine eile nach bhfuil Gaeilge ar bith acu, a bhfuil col acu leis an nGaeilge nó nach spéis leo an Ghaeilge a mhealladh ar thaobh na teanga.

“Is é a mhalairt a dhéanfadh Acht Teanga agus ar fhianaise na Poblachta ní chuirfeadh sé tada ann don Ghaeilge ná don Ghaeltacht atá ag fáil bháis,” a dúirt sé.

An DUP 


Tá clú ar Chiarán Ó Coigligh mar gheall ar an tacaíocht a thugann sé don DUP: “Tá an Ghaeilge an-tábhachtach go deo domsa – ach tá nithe áirithe níos tábhachtaí ná í: an Creideamh agus cuartú na fírinne, na háille agus na maithe, is é sin cuartú Dé, sa gCreideamh Críostaí.

“Fáisceadh polasaithe an Pháirtí Aontachtaigh Dhaonlathaigh (PAD) as Creideamh Críostaí an bhunaitheora an tUrramach Ian Paisley, na mball agus a lucht tacaíochta.

“Tá an páirtí ar son na beatha ó nóiméad na giniúna go dtí nóiméad an bháis nádúrtha. Sin é an príomh-fháth a dtugaimse tacaíocht don Pháirtí.

“Tá £2.7 milliún punt Sasanach ceadaithe ag an PAD don Ghaeilge agus tá os cionn £70 milliún ceadaithe do Chumann Lúthchleas Gael.

“Dúirt Paul Givan agus Gregory Campbell le fíor-dheireanas nach le poblachtánaigh amháin an Ghaeilge ach le gach uile dhuine agus go dtacaíonn siad le cur chun cinn na Gaeilge.

“Níor thug na meáin Ghaeilge aird ar bith ar na ráitis thábhachtacha seo. Tá fáilte roimh Ghaeilgeoirí sa bPáirtí Aontachtach Daonlathach.

“Beidh deis ag Gaeilgeoirí polasaí i dtaobh na Gaeilge go háirithe agus an chultúir Ghaelaigh trí chéile a chur chun cinn sa bPáirtí – le neart-teann ómóis don Bhéarla agus do chultúr Briotanach fhormhór phobal Thuaisceart Éireann, ar ndóigh, ní áirím an Ultais agus teangacha eile a labhraítear i dTuaisceart Éireann,” a dúirt sé.

Is maith an scéalaí an aimsir.

Close
Close