An dúch agus an fhuil ina rith le chéile i gcogadh fuilteach idir an Úcráin agus an Rúis

Michelle Nic Pháidín

Feictear dom go bhfuil ról na hiriseoireachta níos tábhachtaí ná bhí sé ariamh agus uafáis an chogaidh san Úcráin á clúdach acu. Tá baol na hoibre chomh dainséarach agus go bhfuil comhairle tugtha do roinnt iriseoirí ainmneacha bréagacha a úsáid, ar a gcuid scéalta, ar eagla go mbeadh forghabháil gearrthréimhseach ar siúl san Úcráin, sa todhchaí. 

Níl amhras ar bith ann ach go bhfuil iriseoirí á gcur féin i mbaol go mór mór sa chogadh fuilteach seo.  Cé go bhfuil súile an domhain dírithe ar an chogadh a úsáideann piléir agus buamaí le tamall anuas - bhí an cogadh a bhain leis na meáin ar siúl idir an Úcráin agus an Rúis le thart ar scór go leith bliain. I dtuairisc, i 2021, ar líne, san EUobserver, scríobh David Kirichenko faoi na dainséir a bhain le bheith ag obair mar iriseoir san Úcráin. De réir na tuairisce, bhíothas ag iarraidh preas a bhunadh a bhí saor ó thionchar olagarcaí na Rúise. D’ainneoin sin, dúirt Kirichenko go raibh an Kyiv Post ag déanamh obair mhaith ag treabhadh an bhealaigh i dtreo tuairisceoireachta ionraice.

Ach, cé go ndeirtear, i gcuid de na meáin, go raibh ról an iriseora dainséarach le blianta san Úcráin - anois táthar i mbaol báis agus iad ag déanamh a seacht ndícheall an nuacht a scríobh, a thaifead agus a chraobhscaoileadh ar fud fad na cruinne. 

I dtús an chogaidh seo tugadh beirt iriseoirí díreach chun na hotharlainne i ndiaidh do Rúisigh scaoileadh ar an charr ina raibh siad ag taisteal. Is é an t-iriseoir Stefan Weichert agus a chomhghleacaí, an grianghrafadóir, Emil Filtenborg Mikkelsen a gortaíodh san ionsaí airithe sin. Bhí veist philéardhíonach á caitheamh acu - rud a léiríonn gur thuig siad go raibh siad i mbaol sa chaoi céanna agus go mbeadh a fhios ag saighdiúirí go raibh siad i mbaol. Bhí go leor cosúlachtaí agus difríochtaí idir muintir na hÚcráine a bhí i mbun troda agus na hiriseoirí ach bhí rud amháin i gcoiteann ag an dá dream agus is é sin go raibh siad á gcur féin i mbaol ar mhaithe leis an rud a chreid siad a bhí ceart.

Tá iriseoirí ann, gan dabht, atá ag iarraidh an ról seo a chomhlíonadh - a bheith i lár an aonaigh - cibé cad é atá ag titim amach, cé acu cogadh nó tubaiste domhanda atá i gceist. Tá dúil acu a bheith i mbaol agus i ndainséar ach sin fíorbheagán daofa seo a théann i mbun na scríbhneoireachta agus na meán craolta. 

D’ainneoin sin, tá iriseoiri ag obair as an Úcráin nach raibh ag súil leis an dúshlán atá rompu amach i láthair na huaire.  Déarfainnse gur beag a shíl na hiriseoirí céanna go mbeadh an ról a ghlac siad chomh trom agus chomh fabhtach agus atá sé agus obair na gcapall a déanamh acu. 

Tá níos mó  dúshlán amháin rompu amach. Tá siad i mbaol cibirionsaí chomh maith - cibirionsaí a chuirfeadh stop leis an fhírinne a thuairisc. Dar ndóigh, tá stáisiún teilifíse amháin san Úcráin a bhfuil áit rúnda réitithe acu ar eagla go ndéanann na Rúisigh an foirgneamh ina bhfuil siad a bhuamáil.

Feictear cuid mhór difríochtaí sa chogadh seo le taobh cogaí eile. Tá an cogadh ag léiriú na héabhlóide atá tagtha ar na meáin. I dtosach báire chonaic muid tagairt don bhréagnuacht agus an dóigh a raibh físeáin á n-úsáid ag na meáin a raibh dochtúireacht déanta orthu. Tá ceird ann ina mbíonn ar shaineolaithe anailís a dhéanamh ar a leithid agus tá sé rí-shuimiúil - rinne mé féin cúrsa dá mhacasamhail i mBaile Átha Cliath arú anuraidh ag d’fhoghlaim mé an iomarca - bhí sé ar nós cineál rang CSI.

I dtosach báire bhí go leor físeán ó TikTok ar na meáin shóisialta ach tháinig fadhbanna sa treo sin chomh maith - bhí baol ann de dhaoine a dhul róchóngarach den uafáis. Chonaic mé tuairsceoir amháin a dúirt gur chuir sé ceist ar shaighdiúirí na Rúise an raibh cead aige taifead a dhéanamh orthu sula ndearna sé tuairisc beo. Bhí uirlisí eile in úsáid ag na meáin, Google Maps, Youtube, Busyness agus Google ach de réir tuairisce ar CNN Business cuireadh srianta i bhfeidhm le muintir na hÚcráine a chosaint a dúradh. 

Thar na cianta, tá iriseoirí ag cur a méar i mbéal an mhadra, ag treabhadh bealaigh le heolas a sceitheadh ar fud fad an domhain nuair atá cogadh ar siúl agus is ról tábhachtach, uasal é seo. Tréaslaím leo an obair fhiúntach, uasal seo atá ar bun acu. 

 

Close
Close