An dianghlasáil: Smaointe, moltaí agus brionglóidí

Dónall Mac Giolla Chóill

Tá Dia sna Flaithis, Mary Aggie ar an Pholl Dóite, tá A.J. Hughes agus Clann Mhic Corraidh, agus na céadta eile ag cur tionlacan ceoil leis an ghéarchéim seo.

Agus tá mise faoi dhianghlasáil i Londain, gan aon eitilt le fáil go Mín an Chladaigh go ceann tamaill.

Níor thiontaigh muintir Bhun an Leaca ar an chanablacht go fóill beag.

Le bheith iomlán ionraice, taobh amuigh d'iachall laethúil a bheith orm bolg le gréine a dhéanamh sa ghairdín cúil, is beag a chuireann an dianghlasáil seo isteach orm ó lá go lá.

Ach amháin an mhaidin faoi dheireadh nuair a chuir cara liom scairt ghutháin orm roimh an mheán lae - fagfaidh mé sin ansin ar feadh bomaite le go dtuigfidh tú chomh dáiríre leis an abairt sin. Roimh an mheán lae.

Tá riail fhadbhunaithe ann ag mo chairde agus lucht m’aitheantas, is é sin nach gcuirfear scairt ar DMGC roimh an mheán lae, ach amháin agus cúinsí áirithe i gceist, mar shampla muna bhfuil tú ábalta theacht ar an mheascthóir gan siúcra sa chuisneoir, nó go bhfuil marbhán ina luí i lár an tseomra suí agus uimhir mo dhuine de dhíth ort le réitigh a fháil de.

Chuir an duine seo, a dtugtar ‘B’ air/uirthi, chuir ‘B’ scairt orm ar 11:11rn an lá faoi dheireadh.

Is i ndiaidh an scairt a fhreagairt agus comhrá fada a bheith agam leis/léi, gur thuig mé nár bhain an scairt le ceachtar de na cuinsí thuasluaite, agus nach raibh ann ach scairt ar mhaithe le biadáin.

Tá an saol ina chiolar chiot, is cinnte sin, ní tharlódh a leithéid ach ab é an ghéarchéim, agus neamhiontas a dhéanamh, dá réir sin, de ghnáth-ghnásanna agus dea-chleachtais na normáltachta agus na sibhialtachta.

Is cinnte go bhfuil rudaí as riocht, ach tá rudaí ann a chuidíonn ciall agus céadfaí a choinneáil i nduine, ní hamháin na ceoltóirí agus lucht grinn a luaigh mé ag an tús - thig leis an léitheoir féin an t-idirdhealú a dhéanamh faoi cé hiad cé sa chás sin - agus go bhfuil daoine i dteagmháil rialta (i ndiaidh an mheán lae) trí na meáin shóisialta.

Tá daoine áirithe ann - agus tá a fhios acu cé iad féin - atá imithe ar mire leis na meáin shóisialta, ag baint mí-úsáid as a chruthaigh Dia an chéad lá ariamh, agus ag cur amach dúshláin, lá 1/7 de mo shaol i bpictiúir, mar shampla, nó Cat #1/7 srl., agus deirimse leo seo, cuirfear stad laithreach bonn leis an amaidí seo.

Is cuma liom cé chomh gleoite le do phuisín, gabhair, leanbh, níor éirigh siad pioc níos gleoite ón lá inné, nó athrú inné fiú, agus ní gá cuimhniúchán laethúil a fháil uait gur shnámh do shinsir i linn na ngéinte áirithe a bhí thar a bheith dóighiúil, cumasach, aclaí.

Bheadh comhairle amháin agam don té a bheadh amaideach go leor le héisteacht liom, agus seo é: uaireanta ní smaoineamh maith é an raidió a bheith a sheinm agat taobh na leapa agus tú i do chodladh, d’fhéadfadh sé cur isteach ar do bhrionglóidí.

An mhaidin lá faoi dheireadh bhí brionglóid shaoithiúil agam.

I mo bhriongloid, bhí Aire Talmhaíochta agus Caorach na Sé Chontae d’Oirthear Uladh, Edwin Poots, ag eagrú Aifreann Gaeilge  i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich.

Anois agus an abairt dheireannach sin léite in athuair agam, níl mé cinnte an bhrionglóid a bhí ann nó rud ar a dtugtar delirium tremens.

Close
Close