An dara ceann faighte...

Dónall Mac Giolla Chóill

Tá mé anois vacsaínithe, don dara huair.

Do dhuine ar bith eile in Éirinn, bheadh seo ina dhea-scéala. Domhsa, tá mé idir dhá chomhairle, agus mé i dhá cheann na meá.

Cinnte, tá mé sona sásta go bhfuil mé i mo chónaí faoi réimeas a thugann tosaíocht do chúrsaí sláinte agus do shláinte an phobail.

Ní bheinn i mo chónaí sna sé chontae d’oirthuaisceart Chúige Uladh, sa Chúigín beag seo, ach ab é mé a bheith sásta.

Tá rud amháin fíor faoi Bhéal Feirste, i mí Iúil is beag Feirsteach a mbuailfidh tú leo, agus dá mba rud é go raibh tú ag crochadh thart faoi Ghaoth Dobhair ar an dara lá déag, ní bheithfeá ábalta cloch a chaitheamh gan duine de bhunadh iarthar Bhéal Feirste a scoilteadh.

Ach ar ais go cúrsaí sláinte.

Bhí nós agam siar sna 1990í fuil a thabhairt ar bhonn rialta, agus mé i mo chónaí i lár Uladh, gach aon sé seachtaine nó mar sin, cibé seal a bhí ceadaithe.

Is cuma liom faoin tsnáthaid, fhad is nach bhfeicim iad agus nach mothaím iad.

Sin a dúirt mé leis an bheirt saighdiúirí óga de chuid na Sasana nuair a thug siad an chéad ‘jab’ dom.

Ansin dúirt Aire Sláinte de chuid na sé chontae seo nach raibh cead ag daoine aeracha fuil a thabhairt.

A luaithe is a thuig mé go raibh mé aerach, stad mé de bheith ag tabhairt fola.

Anois, ar na mallaibh tá sé fógartha ag an Aire Sláinte agus Vacsaínithe anseo san oirthuaisceart, Spideog Mac an Eala, go bhfuil cead ag fir aeracha, dhéghnéasach, aiteacha agus uile fuil a thabhairt, ach iad a bheith i gcaidreamh trí mhí - ó mo léan, cha raibh mise i gcaidreamh le blianta anois, beidh orm fear a fháil, ansin fanacht trí mhí sula dtig liom braon fola a thabhairt.

Anois agus mé vacsaínithe faoi dhó, mothaím fothoradh.

Tá go leor comhrá ar bun ag daoine ar na meáin shóisialta faoi na fothorthaí a thagann leis an vacsaín, agus tá daoine ann a bheadh den bharúil go bhfuil an micrisliseán úd a chuir Bill Gates ionainn ag imirt tionchar orainn, ach tá mise de bharúil eile, ní chreidim sna teoiricí comhcheilge seo uilig atá i mbéal an phobail.

Ach amháin ón uair a thug na saighdiúirí Sasanacha sin an chéad istealladh domh i mo sciathán san SSE Arena ar na mallaibh i mBéal Feirste, mothaím seort ait.

Ní thig liom ar bhealach ar bith, aon rud a scríobh faoi mhuintir Bhun an Leaca, nó tabhairt amach faoi dtaobh díobh.

Anois tá fonn millteanach orm tabhairt faoi mhuintir Ghlais Dhobhair Chú!

Close
Close