An Coróinvíreas agus an Eoraip – Gníomhú, Dlúthpháirtíocht, Comhoibriú, agus a n-éagmais

Lisa Nic an Bhreithimh, Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn

Fógraíodh i lár mhí Aibreáin go bhfuil breis is 100,000 duine tar éis bás a fháil den choróinvíreas san Eoraip – is é sin níos mó ná dhá thrian de na básanna ar fud na cruinne. Is léir go bhfuil an víreas tar éis an Eoraip a bhualadh go han-dona, agus tógfaidh sé tamall orainn teacht ‘ar ais chugainn féin’ – má tá a leithéid ann.

Tá súile go leor daoine ar an Aontas Eorpach faoi láthair – cad a rinneadh agus cad nach ndearnadh i rith na paindéime seo ar an leibhéal Eorpach. Léiríodh díomá faoi easpa gníomhaíochta ar bhealaí áirithe agus ar bhealaí eile is cinnte go raibh go leor den mhéid a bhí á dhéanamh ag Institiúidí an Aontais nach bhfacthas nó nach bhfeictear fós go soiléir.

Tacaíocht agus Eolas seachas Smacht

Bíonn polasaithe um chúrsaí sláinte faoi chúram na rialtas náisiúnta mar sin is ról tacaíochta den chuid is mó atá ag an AE ag am mar seo. Ní féidir ná ní ceart d'Institiúidí an Aontais cinntí móra a dhéanamh faoin bpandéim seo ar son na mBallstát – ní hé sin an ról atá acu. Ba cheart go mbeidís ag tacú leis na tíortha na rudaí cearta a dhéanamh dá dtíortha féin oiread agus is féidir.

Go stairiúil d’fhéadfaí a rá go ndearna an tAE iarracht géarchéimeanna a chur in oiriúnt dá gcuid próiséas maorlathais agus rialacháin – seachas é féin a chur in oiriúnt don ghéarchéim féin. Chun a chead a thabhairt dó, tá an tAontas tar éis sin a athrú an uair seo - mar shampla tá rialacha diana bainte ó thaobh caiteachas rialtas náisiúnta faoi láthair.

Chomh maith leis sin tá brú á chur ag an gCoimisiún Eorpach ar na Ballstáit fearas leighis a cheannach ar an mórchóir, tá sé ag coinneáil teorainneacha ar oscailt chun go ligfí do bhia agus fearas bogadh go héasca, agus tá cuid de bhuiséad an AE curtha ar fáil anois do thaigde chun teacht ar vacsaín.

Ó thaobh cúrsaí airgeadais de, leanann caint agus díospóireacht ar aghaidh faoi bhuiséad an AE, ‘bannaí corona’ agus roghanna éagsúla maidir le tarrtháil airgeadais – ní ceist shimplí é seo agus tá roinnt tíortha i gcoinne bearta áirithe atá á moladh le cuidiú le tíortha cosúil leis an Iodáil a mbeidh an-chúnamh de dhíth uirthi toisc an buile tromchúiseach atá faighte ag an tír – ach leanann an plé ar aghaidh agus is cinnte go mbeidh ról tábhachtach ag an AE teacht ar chomhréiteach le cuidiú leis na Ballstáit ar fad a oiread agus is féidir ó thaobh idirghabhála de.

Jab amháin a bheas ag an Aontas sa phlé seo ná cur i gcuimhne do gach tír cad is cúis leis an Aontas, leis an dlúthpháirtíocht ag am mar seo agus fiú, b’fhéidir, cuimhneamh ar ghéarchéimeanna eile inár stair, agus ar ghéarchéimeanna atá le teacht.

Tá an-chuid déanta ag an AE le gairid ó thaobh cúnamh aisdúichithe. Tá an Sásra um Chosaint Shibhialta tar éis cuidiú le breis is 300 saoránach de chuid na hÉireann agus 1,700 saoránach de chuid na Ríocht Aontaithe filleadh abhaile ó thit an ghéarchéim amach.

An meall mór ar deireadh dár ndóigh ná an fhíorthábhacht a bhaineann le measúnuithe an Lárionaid Eorpaigh um Ghalair a Chosc agus a Rialú i Stócólm. Bhí an t-eolas a thug an Lárionad i rith mhí Mhárta fíorthábhachtach i gcinntí rialtas na hÉireann i leith srianta agus scaradh sóisialta i lár agus deireadh na míosa.

Is cosúil go bhfuil roinnt mhaith ar siúl ag Institiúidí an Aontais, fiú nuair nach bhfeictear iad i gcónaí, nó má shíltear nár ghníomhaigh siad luath go leor – beidh go leor le foghlaim ag na hInstitiúidí ón ngéarchéim seo gan amhras ar bith.

Dlúthpháirtíocht i measc na dtíortha féin

Ceann de na nithe is díomaí a tharla san Eoraip ná an easpa dlúthpháirtíochta a léiríodh i measc na mBallstát nuair a bhí sé ag teastáil níos mó ná riamh. Ag labhairt os comhair Pharlaimint na hEorpa ar an 26 Márta 2020, dúirt Uachtarán an Chomisiúin Eorpaigh Ursula von der Leyen “When Europe really needed to be there for each other, too many initially looked out for themselves”. Nuair a bhí an Iodáil agus an Spáinn ag fulaingt go mór dul i ngléic leis an ráig, níor tugadh an tacaíocht ná an cuidiú dóibh agus a bhí de dhíth – fearas a chur chucu ó thíortha eile ná othair a thabhairt go tíortha eile san Aontas.

Tá sé sin á athrú de réir a chéile anois le cuid mhaith othar ón Iodáil in oispidéil na Gearmáine mar shampla agus fearas á roinnt i measc na mBallstát - thug an Ostair 1.5 milliún masc agus breis is 3,000 lítear don Iodáil le gairid. Tá go leor fós le déanamh le cuidiú le leithéid na hIodáile agus b’ábhar mór díomá do go leor againn an easpa dlúthpháirtíochta a léiríodh ag am mar seo ach dár ndóigh – dúinn ar fad, dár rialtais, d’institiúidí an AE – ba chás iomlán nua, gan fasach a bhí i gceist leis seo agus bhí ar thíortha a gcuid saoránach féin a chosaint freisin, rud atá intuigthe.

An Todhchaí

Ar an 30 Márta rith Parlaimind na hUngáire dlí éigeandála a thug cumhacht as cuimse don cheannaire Viktor Orbán chun ‘rule by decree’ a dhéanamh go dtí go ndéanann a rialtas féin cinneadh go bhfuil an ghéarchéim seo thart. Faigheann sé seo réidh le lucht freasúra agus cuireann sé bagairt príosiúnachta ar iriseoirí a thuairiscíonn ‘bréagscéalta’ faoi ghníomhaíochtaí rialtas Orbán. Is cás mór imní é seo don AE agus do na Ballstáit – go mbeadh cumhacht den chineál seo ag aon cheannaire amháin san Aontas. Labhair breis is 12 Bhallstát, Éire san áireamh, amach faoina leithéid seo de mhí-úsáid cumhachtaí éigeandála. Tá sé deacair ar Institiúidí an AE mórán a dhéanamh faoi ábhair imní don daonlathachas ag an bpointe seo gan tacaíocht na 26 Bhallstát eile – ach is cinnte go mbeidh obair dhian le déanamh nuair atá cúrsaí níos socraithe chun bheith cinnte de nach n-éiríonn leis an gcineál seo mí-úsáide cumhachta laistigh den AE.

Chomh maith leis seo, beidh le feiceáil conas a athraíonn an ghéarchéim seo an Eoraip agus Institiúidí an Aontais Eorpaigh féin – an mbeidh ‘tuilleadh den AE’ nó ‘níos lú den AE’ ag teastáil ó Bhallstáit? An mbeidh orainn smaoineamh faoinár ngaoil le chéile agus conas mar a léirimid dlúthpháirtíocht le chéile, nó an dtuigfimid dá chéile gur am an-deacair a bhí ann dúinn araon?

Níl aon chinnteacht ann ach amháin go bhfuil go leor le plé, agus go mbeidh athruithe ann – nuair a bheas rudaí socraithe agus nuair a bheas ár saoránaigh chomh slán agus is féidir.

Tá tuilleadh eolais le léamh faoi na hábhair seo ar shuíomh gréasáin 'Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn' ag https://www.europeanmovement.ie/resources/just-the-facts/ .

Close
Close