An chríochdheighilt tuarastal in earnáil na Gaeilge

Concubhar Ó Liatháin

Is iomaí slí a bhfuil críochdheighilt i bhfeidhm in Éirinn. Deirim sin mar d’fhéadfaí an dubh a chur ina gheal ar dhaoine a shamhlódh ná raibh i gceist leis an teorainn ach bac polaitiúil.

Tá éifeacht ag an teorainn san fhíorshaol chomh maith.

Tá a fhios againn mar gheall ar an gcraoltóireacht. Tá taithí againn go léir ar na teachtaireachtaí ar scáileáin ár ríomhairí nó ar ár dteilifíseáin, nach bhfuil a leithéid de chlár nó de chluiche ar fáil dúinn de bharr cúrsaí cearta. Ní hiad ár gcearta atá i gceist ar ndóigh ach cearta na gcraoltóirí agus n-eagras spóirt, margadh ina bhfuil go leor airgid i gceist.

Ait le rá, sara tháinig Comhaontú Aoine an Chéasta i bhfeidhm in 1998, ní raibh bac ar mhuintir an Tuaiscirt a bheith ag faire ar chluichí CLG chomh fada agus go raibh an aeróg cheart acu dá dteilifís. Is ón am sin a tháinig na bacanna i bhfeidhm gan oiread is gíoc ná míoc as na polaiteoirí náisiúnacha faoi choilleadh seo na gceart ar na saoránaigh thuaidh is theas.

Tá siad glórach anois gan amhras.

Áit eile ar thugas faoi ndeara an chríochdheighilt a bheith ag teacht i réim ná earnáil na Gaeilge.

Le fíordhéanaí tá dornán post fógartha le haghaidh Líonraí Gaeilge ar fuaid na tíre, thuaidh agus theas, agus iad ag lorg Comhordaitheoirí Pleanála Teanga chun gaoth a chur i seolta na líonraí.

Tá na poist fógartha ag trí cinn de na líonraí - Líonra Gaeilge Iarthar Bhéal Feirste, an Clár as Gaeilge agus Líonra Gaeilge Chluain Dolcáin.

Tá Líonra Gaeilge Iarthar Bhéal Feirste, atá á reáchtáil ag Glór na Móna, ag tairiscint tuarastal de idir £32,328 - £33,459 don gComhordnóir a fhostófar ansan i nGael-Ionad Mhic Goill.

Níl aon tuarastal luaite go sonrach ar an bhfógra don gComhordnóir a bheidh suite in Áras Chrónáin - bheadh sé ar fáil i bpacáiste eolais glacaim leis a sheolfar chugat ach iarratas a chur chuig an Áras.

Ach tá sonraí maidir leis an tuarastal atá á thairiscint ag An Clár As Gaeilge ar fáil ar a suíomh idirlín. Ansin deirtear go mbeidh ‘scála tuarastail Ardoifigeach Feidhmiúcháin ag gabháil leis an bpost, ag tosú ar €49,845 p.a.’.

Dá gcuirfeá tuarastal an Chomhordaitheora in iarthar Bhéal Feirste tríd an aistritheoir airgeadra, gheofá amach gurb ionann an bhuaicphointe den scála tuarastal, £33,459, agus €39,259, níos mó ná €10,000 níos ísle ná an pointe is ísle ar an scála don bpost céanna in Inis.

Táim cinnte go bhfuil daoine ann a dhéanfaidh an argóint go bhfuil costas maireachtála níos ísle i mBéal Feirste ná mar atá sé ó dheas den teorainn - nílim chomh cinnte go bhfuil sin fíor anois is a bhíodh sé tráth.

Ní sa tuarastal amháin atá an t-idirdhealú idir an Comhordaitheoir Pleanála Teanga ó thuaidh seachas an CPT ó dheas. Tá na critéir riachtanacha don bpost ó thuaidh i bhfad Éireann níos déine is níos airde don bpost in Iarthar Bhéal Feirste ná mar atá sé don bpost céanna i gContae an Chláir. Ní mór, mar shampla, taithí trí bliana, ar a laghad, a bheith agat ar obair forbartha pobail agus taithí shonrach ar bhainistíocht tionscadail in earnáil na Gaeilge ó thuaidh ach, ó dheas níl ach taithí i bpleanáil agus obair in earnáil na Gaeilge ina critéir inmhianaithe. Níl aon chaint ar líon na mblianta ná taithí shonrach ar bhainistiú tionscadail.

Is deontas de €80,000 in aghaidh na bliana atá ar fáil do gach líonra agus, mar sin, airgead nach n-infheistítear i gcostais an phoist, cuirtear é ar fáil le haghaidh an togra. Níl a fhios agam an bhfuil solúbthacht ag gach líonra an tuarastal don bpost a shocrú ach, ós rud é go bhfuil na poist fógartha in aon fhógra amháin ag Foras na Gaeilge ar tuairisc.ie, shamhlófá go mbeadh na critéir agus an tuarastal mar an gcéanna ag gach post.

Nuair a chuirtear i gcomparáid post an Chomhordaitheora Líonra leis an bpost atá ag an Oifigeach Pleanála Teanga, tá a lán cosúlachtaí ann ach tá scála tuarastal de €35,000 go €50,000 ag post an OPT, scéim atá á riar ar fuaid na nGaeltachtaí ag Údarás na Gaeltachta, cé go bhfuil na comharchumainn Ghaeltachta ag bainistiú na dtograí áitiúla ar an dtalamh sna limistéir pleanála teanga éagsúla.  

Ar cheart d’Fhoras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta a bheith ag caint le chéile chun scála tuarastail ceart a shocrú do dhaoine atá ag obair san earnáil seo?

Ní mór a chur san áireamh go bhfuil tuarastal laghdaithe - ceithre lá na seachtaine - á thairiscint ag an bhForas d’oifigigh forbartha atá ag obair i Scéim Pobal na Gaeilge agus ní mó an tuarastal sin ná baol air ná an scála tuarastail atá ar fáil do Chomhordaitheoir Pleanála Teanga in iarthar Bhéal Feirste.

Anois níor mhaith liom tuarastal aon duine atá ag obair a laghdú - táim cinnte gur fiú gach pingin nó cent a fhaigheann siad gach mí an saothar a dhéanann siad.

Ach tá gá go mbeadh cothrom na Féinne ann agus nach mbeadh tuarastail éagsúla nach bhfuil cothrom i dtéarmaí luach saothair nó costas maireachtála á thairiscint don bpost céanna ag brath ar cén taobh den teorainn a bhfuil an t-oibrí ag feidhmiú.

Ba cheart go dtuigfeadh Foras na Gaeilge an méid sin mar is institiúid é le cos ar dhá thaobh na teorann.

B’fhéidir nár cheart go mbeadh iontas orm go mbeadh easpa tuisceana ar Fhoras na Gaeilge faoi na nithe seo. Bhí an dáta deiridh ann Dé hAoine le haghaidh iarratais do phost an Phríomhfheidhmeannaigh ar an bhForas. An tuarastal atá luaite leis an bhfolúntas sin ná €131,650. Tuarastal é sin atá ar phlainéad éagsúil seachas formhór na ndaoine atá ag obair in earnáil na Gaeilge.

Ó thaobh na gcritéar inmhianaithe de, ní na critéir riachtanacha, bheadh ‘taithí in earnáil na Gaeilge’ ina buntáiste. Beidh an té a cheapfar lonnaithe i gceannaras an Fhorais i mBaile Átha Cliath - bíodh is go bhfuil oifigí ag an bhForas i mBéal Feirste agus áiteanna eile. Ní fheadar an mbeadh tuarastal chomh hard ceadaithe dá mbeadh an Príomhfheidhmeannach lonnaithe i mBéal Feirste?

Is iomaí slí a bhfuil críochdheighilt i bhfeidhm ar oileán na hÉireann.

Close
Close