An cheist chasta sin: tógáil páistí le Béarla agus na ‘ultras’ agus na ‘freaks’ a roghnaíonn bealach eile

Alt tuairimíochta le Ciarán Dunbar

Tá buntáiste agam agus mé ag scríobh an phíosa seo.

Sa chéad dul síos, is ar imeall phobal na Gaeilge atá mé, go fisiciúil, ó thaobh na hidé-eolaíochta de agus ó thaobh gairme de.

Thig liom mo rogha ruda a scríobh agus ní gá dom dul ag obair in earnáil na Gaeilge an lá dár gcionn.

Bainfidh mé leas as an deis sin.

Ó thosaigh mé mar iriseoir, chuir mé an-spéis sa dóigh a bhfuil an Ghaeilge ag saothrú a báis: go mall, go ciúin, gan mórán airde a thabhairt ar a cás.

Is iontach liom go bhfuil a fhios sin againn go léir faoi seo ach go dtugann muid neamhaird air.

Ar ndóigh, is ag fás atá sí, ar bhealach, mar dhara teanga, mar theanga chultúrtha, mar aguisín leis an Bhéarla, agus sea, mar chaitheamh aimsire.

Is dearfach an rud é sin.

Ach cé go bhfuil troid fhíochmhar ar siúl in áiteanna, is ag dul in olcas atá sí mar chéadteanga.

Faigheann teangacha bás nuair a stopann daoine á labhairt le páistí, tá sé chomh simplí sin. Sin a tharla in Éirinn, in Albain agus ar Oileán Mhanann.

Teipeann ar athbheochan teanga nuair nach n-éiríonn leo daoine (nua-chainteoirí) a spreagadh chun an teanga sin a sheachadadh chuig glúnta nua de chainteoirí. Sin a tharla le hAthbheochan na Gaeilge, go dtí seo cibé ar bith.

Anois, níl aon riail ann a deir, sa chás gur fhoghlaim duine teanga, go gcaithfidh siad páistí a thógáil léi.

Níl aon rud cearr le teanga a bheith agat mar gheall ar spéis acadúil, mar chaitheamh aimsire nó ar chúis fostaíochta.

Ach tá daoine ann a chreideann in athneartú na Gaeilge agus, de réir sin, is gá go mbeadh sí ag páistí agus ag daoine óga.

Is gá daoine a spreagadh chun an teanga a thabhairt don chéad ghlúin eile.

Tá sé deacair idirdhealú a dhéanamh idir spreagadh agus brú in amanna áfach.


‘Breithiúnas’

Aon uair a labhraítear nó a scríobhtar faoi cheist seo, cuirtear i leith an scríbhneora go bhfuil ‘breithiúnas á dhéanamh’ acu.

Séanaim sin go láidir ach aithním go bhfuil mothúcháin láidre i gceist.

Is oth liom go mothaíonn daoine gonta mar gheall ar an dioscúrsa seo. Tá mé sásta go bhfuil sé á chur i mbéal an phobail ó am go ham ach ní maith liom daoine a bheith cráite aige.

Ach is maith liom go mothaíonn daoine go bhfuil rogha, cinneadh, le déanamh acu. Glúin nó dhó ó shin, ní rithfeadh sé leis na ‘boic mhóra’ fiú go raibh aon chinneadh le déanamh, ní rithfeadh sé leo gur cheart dóibh Gaeilge a labhairt lena gclann. Ba thrua sin i mo thuairimse.

Ní impím agus ní iarraim ar éinne páistí a thógáil le Gaeilge, ní mholaim é fiú. Ach tá an ceart agus cead againn an cheist a phlé go hoscailte, ‘gan bhreithiúnas’.

Ach, feictear dom, beag beann ar cé chomh cúramach is atá scríbhneoir a thugann faoin ábhar seo, go mothóidh daoine faoi ionsaí.

Ní dóigh liom go bhfuil neart air sin, leis an fhírinne a dhéanamh.


Méim

Tháinig an scéal seo chun tosaigh arís ar na mallaibh tar éis do ‘Coiste na bhFocal Nua’ méim a fhoilsiú ar na meáin shóisialta a bhí ag magadh faoi dhaoine a oibríonn d’eagraíochta Gaeilge agus a bhíonn ag cáineadh an rialtais as easpa seirbhísí a chur ar fáil sa Ghaeilge nuair nach labhraíonn siad an teanga lena gcuid páistí féin.

Anois, níor thaitin an mhéim sin liom, ní stíl s’agamsa é, ach spreag sé díospóireacht gan dabht. Díospóireacht teasaí.

Mar sin féin, deir foinse ón ‘Choiste’ liom go raibh sé dírithe “ar na boic mhóra”, ní “ar an ghnáthdhuine”. Ach ní mar sin a oibríonn na meáin shóisialta, mhothaigh daoine faoi ionsaí.

Ar an lámh eile, dúradh rudaí le linn na díospóireachta sin, rudaí a bhí maslach go mór do dhaoine a thógann páistí le Gaeilge.


‘Ultras’ agus ‘freaks’

Cuir i gcás:

“Ní hionainn muid agus ár bpáistí. Ní ceart Gaeilge a éileamh uathu, mar is daoine neamhspléacha iad agus ní mhaireann siad faoi scáil daorsmachta a dtuistí. Caithfimid Gaeilge a chothú agus a ghríosadh ach leath den fhadhb a bhaineann le meath na Gaeilge ná na hultras antoisceacha Gaeilgeoirí a bhrúann an Ghaeilge ar a muintir agus a gcairde.”

Mar sin de, is iad siúd a thugann an Ghaeilge dá gcuid páístí nach bhfuil an ceart againn mar sin?

Ní aontaím, óir is ionann an dearcadh sin agus bású na Gaeilge.

Bíonn daoine ag caint liom ar an ábhar seo go minic. Cé nach mbím ag iarraidh labhairt faoi go sóisialta, míníonn siad gur chaith siad a saol ag troid ar son na Gaeilge ach nuair a tháinig an leanbh, rinneadh ‘an cinneadh’.

Ní gá rudaí mar sin a mhíniú domsa, ná do dhuine ar bith eile, áfach.

Ach tá taobh eile den scéal seo ann, taobh nach ritheann le daoine a labhraíonn Béarla amháin sa teach. Is sinne a labhraíonn Gaeilge sa teach an mionlach bídeach, fiú taobh istigh de shaol na Gaeilge.

Mar dhuine de chuid an mhionlaigh bhídigh seo a labhraíonn Gaeilge lena gclann féadaim a rá libh nach mothaíonn muidne go bhfuil fáilte romhainn i saol na Gaeilge ach oiread - mar mothaíonn muid go mothaíonn cuid de na daoine míchompordach agus sinne thart.

Bíonn muid gonta, míchompordach agus cráite chomh maith. Ní féidir glacadh leis go bhfuil duine éigin eile ag tógáil a gcuid páistí le Gaeilge nó nach bhfuil. Is doiligh fios a bheith agat. Caithfidh muid a bheith cúramach nach ndéanfaí duine a mhaslú. Seachnaítear an cheist seo ar ais nó ar éigean.

Ní bhíonn iontas orm riamh má luaitear nach bhfuil Gaeilge ag páiste duine éigin, beag beann ar phearsantacht phoiblí s'acu nó ar ról gairmiúil s'acu. Ní féidir é a thuar. Caithfear a bheith cáiréiseach. Mar sin de, ní féidir leat a rá le duine go labhraíonn tú Gaeilge le do pháiste óir gach seans gur botún sóisialta é.

Is sinne atá faoi choim.

Ní thuigeann teaghlaigh Ghaelacha Gaeil nach labhraíonn Gaeilge sa teach. Déarfainn go bhfuil a mhalairt fíor freisin.

Tuigeann muid áfach nach bhfuil mórán againn ann, na céadta seachas na mílte, agus in amanna sílim nach mbíonn ann ach na scórtha (an Ghaeltacht as an áireamh).

Mothaíonn muid nach bhfuil fáilte romhainn, fiú ag ócáidí Gaeilge, go bhfuil muid díreach ag cur isteach ar Ghaeilgeoirí eile, go bhfuil muid ag maslú daoine as bheith ann fiú.

Mar a dúirt fear amháin liom, “An taithí shonrach atá agam ná gur muidne na freaks i gcónaí....”

Sin mo thaithí féin fosta.

Níl tearmann againn.

In amanna, mothaíonn teaghlaigh Ghaelacha as áit ag ócáidí do theaghlaigh Ghaelacha fiú – nuair a thuigeann do pháistí gurb iad amháin a labhraíonn Gaeilge sa teaghlach.

Deir daoine a labhraíonn Béarla lena gcuid páistí go mothaíonn siad anois nach bhfuil fáilte rompu i saol na Gaeilge anois. Mothaíonn siad faoi bhrú.

Is trua liom sin, is iomaí cara atá agam nach labhraíonn Gaeilge lena gclann agus déanann muid neamhaird ar an cheist agus bogann muid ar aghaidh.

Tá brón orm go mothaíonn daoine míchompordach, brónach agus feargach fiú faoin cheist seo.

Is iriseoir mé áfach agus caithfidh mise an rud a fheicimse is a chluinimse a rá os ard.

Tá an Ghaeilge ag fáil bháis de bhrí nach bhfuil sí á labhairt (mórán) le páistí.

Tá a fhios agam go mbeadh daoine gonta na focail sin a léamh ach níl siad dírithe ar dhuine nó ar dhream ar leith.

Ní ceart breithiúnas a dhéanamh ar éinne as na roghanna cultúrtha, teanga agus polaitiúla a dhéanann siad.

Ach ní ceart breithiúnas a dhéanamh orainne a dhéanann anailís fhuarchúiseach ar na roghanna sin.

Ní ceart éinne a ionsaí as na roghanna pearsanta a dhéanann siad, ach ní féidir an dioscúrsa a dhruidim síos díreach chun daoine a choinneáil compordach.


An tsean-fhadhb

Tá Gaeilgeoirí, mar a bhíodh i gcónaí, ag díriú ar 1% den fhadhb, agus ag déanamh neamhaird ar 99% de.

Táthar ann, Tuismitheoirí na Gaeilge, Glór na Móna, Tús Maith agus go leor eile nach iad atá ag streachailt go mór in aghaidh an easa.

Deir Glór na nGael “nach bhfuil sé ar a gcumas féin ach €27,000 a chaitheamh sa bhliain ar sheirbhísí díreacha do theaghlaigh”.

€14,782,911 a bhí le caitheamh ag an Fhoras in 2020.

Is furasta a aithint nach tosaíocht é seo don Fhoras (mar sin féin, úsáideann Glór na nGael maoiniú s’acu chun daoine a fhostú agus tá foinsí airgid eile ann.

Go bunúsach, is í aidhm Fhoras na Gaeilge ná caitheamh aimsire inghlactha a dhéanamh den teanga.

Ní aontaím leis sin. Is é an céatadán de bhuiséad an Foras is ceart a chaitheamh ar cheist sheachadadh na Gaeilge ná 99%.

Ach bímis soiléir agus ionraic. B’fhéidir na billiúin a chaitheamh ar an cheist áirithe seo, agus difear ar bith ní dhéanfadh sé.

Ceist é seo a bhaineann le mothúcháin, le caidrimh, le creideamh, agus le croíthe.  

Ní dóigh liom gur féidir le dioscúrsa mórán difir a dhéanamh maidir leis na gnéithe sin ach an oiread.

Dá mbeadh sé ar mo chumas rud éigin a scríobh a spreagfadh daoine chun Gaeilge a thabhairt dá gclann, bheadh sé scríofa agam faoin am seo.

Is gá cúinsí nua a chruthú ar an talamh chun aon athrú a dhéanamh:

•    Cúinsí a thabharfaí tearmann don Ghaeilge a bheith ina gnáththeanga.

•    Cúinsí a dhéanfadh norm di mar theanga tí, ní rogha phearsanta aonair amháin.

•    Cúinsí ina labharfadh daoine fásta le gach páiste sa Ghaeilge, ní le páistí s’acu féin amháin.


Focal scoir

Chun lom na fírinne a rá faoin cheist chiotach seo:

Níl aon mhíbhuntáistí ann a bhaineann le Gaeilge a labhairt le páistí agus níl sé deacair.

Deirtear liom go bhfuil dearcadh simplí agam ar fhadhb ‘chasta’ agus nach dtuigim na mothúcháin atá i gceist ná an bac a mhothaíonn daoine a bheith orthu. Ní shéanaim é sin ar chor ar bith.

Nuair a bhí mise 20 bliain d'aois shíl mé go raibh muid ar tí réabhlóid teanga a fheiceáil, le linn ár saol féin. Sa deireadh, as na scortha Gael a raibh aithne agam orthu ag an am sin, níl ann ach mé féin a thóg páiste leis an teanga.

Roghnaigh an chuid is mó de mo chuid dllúthchairde a bhfuil Gaeilge acu gan í a thabhairt ar aghaidh chuig an chéad ghlúin eile.

Ní thuigim í mar rogha, le bheith ionraic.

Ach is cairde sinn go fóill, tá súil agam, agus déanann na daoine sin an saol níos Gaelaí dúinne go léir, agus don mhionlach bídeach, a thugann Gaeilge dá gclann.

An rud atá le déanamh ar ndóigh, mar a luaigh mé thuas, ná cúinsí a chruthú a dhéanfadh an ‘cinneadh’ níos éasca do dhaoine.

Agus, sa deireadh, pobail a chruthú iontu siúd nach mbeadh cinneadh le déanamh ag muintir na háite, ina labhródh daoine Gaeilge lena gcuid páistí gan smaoineamh faoi.

Idir an dá linn, bí cinnte go mbeidh daoine ann a bheas ag iarraidh seachadadh idirghlúine a spreagadh oiread is féidir.

Taobh amuigh de Ghaelphobail úra agus an Ghaeltacht a chosaint, níl a fhios agam aon dóigh níos suntasaí leis sin a dhéanamh, ach tá a fhios agam go gcaithfear an tabú a bhaineann le tógáil páistí le Gaeilge a chur ar ceal.

Agus arís, ní hionann sin agus breithiúnas a thabhairt ar dhuine ar bith.

Close
Close