Dhá fhís den daonlathas
Ciarán Ó Pronntaigh
Níl aon amhras ach gur mhaith leis an rialtas sa Chatalóin ráiteas neamhspleáchais a fhógairt. Ar 27 Meán Fómhair, 2015, vótáil 77% de na vótálaithe ar son páirtithe a gheall go gcuirfeadh siad léarscáil bhóthair le chéile i dtreo neamhspleáchais don Chatalóin. Níl aon dóigh a n-imeodh an cheist as an chlár polaitíochta go luath.
Ach an cleas a bheadh ann an deis is fearr a fháil, deis a thabharfadh móiminteam agus údarás don éileamh. Rinneadh iarracht thomhaiste roinnt blianta ó shin le reifreann comhairleach a reáchtáil ach thug an stát Spáinneach a dhúshlán sna cúirteanna. Bhí an ceacht foghlamtha – mura n-iarrtar cearta neamhspleáchais go láidir ní fiú iad a iarraidh ar chor ar bith.
Thabharfadh an reifreann Dé Domhnaigh an lámh in uachtar do na náisiúnaithe Catalónacha agus deis, dar leo, don idirbheartaíocht i dtreo neamhspleáchais.
Ní miste a lua go bhfuil dhá chúis mhóra ag tiomáint an fheachtais neamhspleáchais. Sa chéad dul síos tá an ghné chultúrtha. Tá teanga dá gcuid féin ag na Catalónaigh agus traidisiún éagsúil sóisialta ná mar atá i Maidrid. Ar a bharr sin, tá an ghné gheilleagrach. Tá drochmheas ag an phobal ar an pholaitíocht ‘náisiúnta’ i Maidrid – luaitear caimiléireacht leis an bhunaíocht láir, gearán a bhíonn go minic, ar ndóigh, ag pobail atá ar an imeall. Ach tá cás na Catalóine difriúil ar a lán dóigheanna. Tá pobal mór ann, thart ar 7.5 milliún acu. Agus is ceantar thar a bheith saibhir atá ann, chomh maith. Ní maith leo an dóigh a n-íoctar i bhfad níos mó isteach sa chiste láir ná mar a thagann ar ais.
Ag an leibhéal is bunúsaí tá coimhlint caidreamh poiblí ar siúl idir an Chatalóin agus an stát Spáinneach. Maíonn Maidrid nach bhfuil bunús bunreachtúil ag baint leis an vóta Dé Domhnaigh agus go bhfuil an Guardia Civil, an péas paraimíleatach, agus na péas náisiúnta, ar cuireadh na céadta acu isteach sa Chatalóin le déanaí, ag seasamh an fhóid ar son an bhunreachta agus an daonlathais. ‘Scigaithris ar an daonlathas’ a bhí sa reifreann arsa Mariano Rajoy, Príomh-Aire na Spáinne ón Partido Popular. Níor tharla reifreann ar chor ar bith, dar leis. Ní dhearna na péas Spáinneacha ach a ndualgas leis an daonlathas a chosaint ar dhóigh réasúnta.
Tá a mhalairt le rá ag Uachtarán na Catalóine, Carles Puigdemont, náisiúnaí cultúrtha le fada an lá. Tugann an reifreann seans do phobal na Catalóine a ghuth a bheith acu ar cheist atá ag dó na geirbe dóibh agus seasfaidh an rialtas áitiúil in éadan na láimhe láidre agus cos ar bolg ó Mhaidrid. ‘Is náisiún muid agus tá sé de cheart againn ár mbealach féin a dhéanamh’, an mana atá ag na náisiúnaithe.
Ag amharc ar na pictiúir ón Chatalóin, Dé Domhnaigh, níl ag éirí le rialtas Mhaidrid sa chogadh caidreamh poiblí: mná á mbualadh le smachtíní, péas armtha ag ionsaí doirse scoileanna, tuairiscí faoi scaoileadh piléir rubair, fuil ar na sráideanna. Seans go raibh Maidrid ag iarraidh ar na daoine ar na sráideanna troid ar ais sa dóigh go mbeadh leithscéal acu dlí míleata a thabhairt isteach. Ach níor éirigh leo. Ionsaithe ar léirsitheoirí síochánta an t-aon scéal a bhí ann.
Agus chosain na Mossos d’Esquadra, na póilíní áitiúla, agus an lucht dóiteáin, na bothanna vótála agus chuidigh siad leis an phróiseas vótála. I gcorráit, Girino, mar shampla, thug na Mossos a ndúshlán don Guardia Civil. Ach ní raibh aon dul as ag rialtas Mhaidrid: b’éigean dóibh gan údarás a thabhairt don vóta tríd an oiread bothanna a dhruidim agus a thiocfadh leo. Ach an cuma leo má cháintear iad as foréigean a úsáid?
Agus tagann freagra Mhaidrid muid ar ais chuig ré Franco. Nuair a cuireadh daonlathas ar bun sa Spáinn, i ndiaidh bhás an deachtóra, ba chineál faoi leith daonlathais a bhí a roghnú, monarcacht bhunreachtúil. Bhronn an bhunaíocht, agus tá Partido Popular Mariano Rajoy mar chomharba ar bhunaíocht Franco, bhronn sí an bunreacht ar an chóras ‘dhaonlathach’ nua. Ní raibh ionchur ón phobal ann ar chor ar bith, ná focal ó na náisiúin a bhí faoi chois ó dheireadh na dtríochaidí. Tá reifreann 2017 mar chuid den choimhlint idir dhá fhís den daonlathas atá ag dul ar aghaidh le 40 bliain nó mar sin.
Feicfimid ar éirigh leis na náisiúnaithe go leor den phobal a fháil amach agus an bhfógrófar saoirse don Chatalóin amach anseo. Idir an dá linn, beidh an Príomh-Aire Rajoy ag déanamh cuntas ar a chuid vótaí sa pharlaimint nó níl móramh aige agus is cosúil go bhfuil dreamanna a thug tacaíocht dó ag teacht ar athchomhairle. An amhlaidh go mbeidh olltoghchán de dhíth leis an cheist seo a fhreagairt sa deireadh?