Ciarán Dunbar
“An bhfuil Gaeilge agat?” “Cúpla focal.”
“Protestors march for the cupla focail.”
“Ar mhaith an cúpla focal a úsáid? Tar chuig...”
“Ceann Comhairle, this is important so I'll say it in English...”
“Uaktarawnna Herron, Uaktarawn Kuman Looklass Gayle, I would like to...”
Tá a fhios againn uile go léir cad atá i gceist leis an téarma an ‘cúpla focal’.
An cúpla focal siombalach sin a chloistear ó pholaiteoirí nach bhfuil ar intinn acu cur lena gcuid Gaeilge, cuir i gcás.
Ní dócha go bhfuil mórán measa ag go leor Gaeilgeoirí ar an nós.
Tá mé ag déanamh go bhfuil smál an bhéalghrá, na hiriseoireachta claonta agus an cur i gcéill glan air.
Baintear úsáid as an téarma 'cúpla focal' in amanna mar ghearrscríobh maslach chun a bheag a dhéanamh den Ghaeilge agus aon rud a bhaineann léi.
Ach, ag am céanna, bíonn Gaeilgeoirí an-mhíshásta nuair nach mbacann na polaiteoirí céanna leis an chúpla focal céanna.
Is doiligh daoine a shásamh.
Tá ceist úinéireachta ann freisin.
Ní mhothaíonn Gaeilgeoirí gur Gaeilge atá i gceist i ndáiríre.
Arbh chruinne a rá gur cuid de Bhéarla na hÉireann an cúpla focal?
Ach cad faoin chainteoir dúchais nó líofa?
Bíonn leisce ar neart Gaeilgeoirí corrfhocal Gaeilge a chaitheamh isteach i ráiteas, i gcomhrá nó i ngnáthimeachtaí an tsaoil, ag scipéad siopa cuir i gcas.
Tá instinn láidir againn ina choinne. Níor mhaith linn triail a bhaint as.
Fiú go leor de na Gaeil is Gaelaí, mothaíonn siad náire éigin a chuireann bac orthu agus deis acu ‘go raibh maith agat’ a rá agus an ‘scinní látae’ á fháil acu.
Tá cringe factor ann.
Ach an drochrud ann féin é?
Nach bhfuil an instinn chéanna ag cuid mhaith againn Gaeilge ar bith a labhairt go poiblí – fiú agus duine i mbun comhrá le Gaeilgeoir líofa eile?
Tá a fhios agat cad a bhfuil mé ag caint faoi – níl sé 'normálta' Gaeilge a labhairt in Éirinn a thuilleadh, agus mar sin tá gá le 'normálú' dá bharr.
Ach nach bhfuil sé dearfach go mothaíonn peileadóirí is polaiteoirí gur cheart dóibh an 'cúpla focal' a rá go fóill?
Is cuimhin liom cluinstin fá thaighde maidir le Béarla na hÉireann ag comhdháil acadúil blianta ó shin – an rud is suntasaí, agus is iontaí, dar leis na taighdeoirí ná an méid Gaeilge atá breactha fríd.
An drochrud é go bhfuil Béarla na hÉireann breac le Gaeilge, 'go raibh maith agat', 'fáilte romhat' agus 'póg mo thóin'?
Is féidir dul thar fóir maidir le tábhacht an chúpla focal seo ó thaobh thodhchaí na teanga de – agus cluinim teangeolaithe ag déanamh a bheag de i mo chloigeann agus mé ag bualadh na gcnaipí seo.
Ach nach ndéanfadh sé an-mhaitheas don teanga dá n-úsáidfeadh an 150,000 cainteoir líofa atá againn í níos minice go poiblí, le strainséirí, le lucht siopa?
Anois, nárbh ionann sin agus Gaeilge a bhrú ar dhaoine? A deir tú féin.
Is ea, ar bhealach. Agus?
I dtithe s'againne féin, i gcaintín TG4, i gCill Áirne (muise leoga i gCill Áirne), istigh i dToraigh, ar shráideanna Bhagdad, i nGleannta na Breataine Bige, brúitear Béarla ar dhaoine agus cuirtear suas leis in ainm na cothromaíochta.
Stop agus smaoinigh – is iad é an Béarla teanga na cumhachta, ní hamháin i gCill Rónáin ach ar chlár na cruinne uilig.
Ar chóir a bheith imníoch faoi dhaoine atá buartha faoin Ghaeilge a chloisteáil in Éirinn?
An bhfuil a leithéid de cheart ann agus an ceart gan teanga a chloisteáil, teanga a dtuigeann an t-éisteoir roinnt mhaith di cibé ar bith?
Tuigeann beagnach gach duine 'go raibh maith agat' agus 'le do thoil'.
Cén dochar a dhéanfadh na focail 'le do thoil', 'slán' agus 'ádh mór'?
Ná bímis soineanta, dá dtosódh gach Gaeilgeoir ag rá 'go raibh maith agat', ní athródh sé sin an saol ó ghallda go Gaelach.
An sábhálfadh sé an Ghaeltacht? Ní shábhálfadh.
Ach in áiteanna ar leith, i bpubanna áirithe, ar shráideanna áirithe, i gceathrúin éigin, d'athródh sé 'fuaimíocht cheannasach na háite' – agus is cúinse teangeolaíochta tábhachtach é sin.
Gníomh beag simplí, gan choiste, gan deontas, gan dochar.