An bhfoghlaimeoidh an DUP choíche?

Tá an ghéarchéim sa bhFeidhmeannas ó thuaidh i bhfad níos doimhne ná an scéim teasa inathnuaite, mar tá préamhacha na míshástachta sa bpobal náisiúnach le tabhairt faoi ndeara le fada an lá.

Go deimhin, sa toghchán deireannach ghnóthaigh Daoine Roimh Bhrabús dhá shuíochán – i mBéal Feirste Thiar agus i nDoire – ar chostas Shinn Féin toisc nach bhfeiceann a lán daoine óga ón bpobal náisiúnach go bhfuil an oiread sin bainte amach acu.

Is é Béal Feirste Thiar, mar shampla, an ceantar is dearóile agus is boichte i gcónaí sna Sé Chontae é.

Ní fheiceann an ghlúin óg go bhfuil mórán i ndán dóibh ó thaobh fostaíochta is dul chun cinn sa saol, agus ar fud na Sé Chontae is ar éigean a thug an DUP (ná an UUP ach an oiread) aon mheas ar na gnéithe cultúrtha den phobal náisiúnach.

Léirigh an gearradh siar ar sparántacht Líofa an naimhdeas do-bhogtha atá mar phrionsabal, d’fhéadfá a rá, ag na hAontachtóirí don Ghaeilge.

Ar ndóigh ní bhaineann an Ghaeilge go nádúrtha le náisiúnaithe ná le Caitlicigh go príomha: is teanga de chuid an phobail Phrotastúnaigh í freisin, mar tá léirithe ag leithéidí Lynda Ervine is Ian Malcolm.

Sea, agus is cuimhin liom sna Seachtóidí go raibh lóiste de chuid an Óird Óraiste ann a raibh ‘Oidhreacht Éireann’ i nGaeilge mar fho-theideal nó gáir chatha acu – lóiste, dála an scéil, a luadh baint le Cománlaigh na Láimhe Deirge leó.

Ar an taobh eile ámh, aithnítear an Ghaeilge mar chuid thábhachtach de chultúr na hÉireann, agus is ar an mbonn sin a dhiúltaíonn an DUP aitheantas comh-mheasúil a thabhairt di.

Ach pléadh an scéal seo go mion i gCill Rímhinn in Albain in 2006 nuair a thángthas ar an gComhaontú a chuir an DUP agus Sinn Féin le chéile i gceannas ar an bhFéidhmeannas.

Mar bhunchloch den chomhaontú thug an DUP geallúint go gcuirfí Acht Teanga i bhfeidhm ó thuaidh a chinnteodh cearta do lucht labhartha na Gaeilge, ar a laghad ar an dul céanna is atá ag lucht labhartha na Gáidhlige in Albain is ag lucht labhartha na Breatnaise sa mBreatain Bheag.

Bhí an dá rialtas – Westminster agus Baile Átha Cliath – ina ráthóirí don gheallúint sin is do na geallúintí eile faoi chóimheas is comh-urraim ar glacadh leo sa gComhaontú sin.

I spiorad an Chomhaontaithe tá iarracht i ndiaidh iarrachta déanta ag Sinn Féin lámh an chairdis, an chomhmheasa is na tuisceana a tharraingt amach don phobal Aontachtach is don DUP.

Ní raibh Ian Paisley chomh diúltach mar fhreagra ar na hiarrachtaí seo, ach bhí Peter Robinson níos lú cinnte de féin, is Arlene Foster meáite ar fhilleadh ar shean-sotal na nAontachtóirí.

Níor ghéill sí tada fiú nuair a dhein Sinn Féin iarracht bealach a chur ar fail di le teacht as an tsáinn.

Mar chúlra ar ndóigh bhí athruithe rialtais ann.

Ó dheas, ba chuma le rialtas Fhine Gael ceist an Tuaiscirt, nó ceist na Gaeilge ach go háirithe.

Níor labhair an rialtas amach faoi deacracht ar bith – agus go deimhin nuair a bhí géarchéim ann sa bhFéidhmeannas maidir le buiséad leasa shóisialta níor thug Baile Átha Cliath aon tacaíocht do Shinn Féin faoi sin.

Bhí sé soiléir gur theastaigh ó Bhaile Átha Cliath go dteipfeadh ar iarrachtaí Shinn Féin is go mbeadh orthu glacadh le déine ó thuaidh – glacadh a laghdódh tionchar a gcuid argóintí i gcoinne déine ó dheas.

Agus toisc nach raibh aon bhru ó rialtas Bhaile Átha Cliath faoin scéal ní raibh aon bhrú ar rialtas Westminster rud ar bith a dhéanamh faoi.

Sea, ó dheas, cháin Fianna Fáil easpa spéise an rialtais sa Tuaisceart, ach níor eisigh siad oiread is ráiteas amháin nár ionsaigh Sinn Féin.

Bhí an dúil chéanna ag Micheál Martin le leas a bhaint as scéal an Tuaiscirt le Sinn Féin a chur ar an spota.

Tá sé seo tábhachtach mar is léir nach réiteoidh an toghchán féin an scéal.

Is cosúil go mbeidh an DUP níos mó fós ná páirtí ar bith eile, agus go mbeidh Arlene Foster arís dá cur chun cinn acu mar Chéad Aire.

Ach mhínigh Martin McGuinness, ina litir scoir, nach bhfillfeadh Sinn Féin ar an status quo reatha seo.

Ní ghlacfar le tuilleadh dímheasa ar mhianta is ar riachtanais an phobail náisiúnaigh.

Ní thiocfaidh córas nua ámh – nó go fírinneach córas a chuirfeadh prionsabail Chill Rímhinn i bhfeidhm – ach trí idirbheartaíocht den chineál céanna is a tharla i gCill Rímhinn.

Ach cuimhnigh, i gCill Rímhinn thug Bertie Ahern agus Tony Blair rogha shoiléir do Ian Paisley: glac le comhaontú nó beidh comhúdarás ag an dá rialtas agus an dá stát ar na Sé Chontae.

D’éirigh le Bertie Ahern Tony Blair a thabhairt leis maidir leis seo, ach an gcreideann duine ar bith go mbeidh na magairlí ag Baile Átha Cliath inniu a leithéid a éileamh?

Nó an gcreideann duine ar bith go mbeidh Fianna Fáil sásta a gcoimhlint áitiúil le Sinn Féin a chur ar leataobh ar mhaithe le leas an náisiún?

Ach is léir freisin nach féidir go mbeidh Westminster ró-shásta le geáitsí an DUP tráth go mbeidh siad ag tosaí ar idirbheartaíocht dheacair na Breatimeachta.

Mar sin féin, mura gcuirfear brú láidir ar an DUP ní ghéillfidh siad is ní bheidh Cothrom na Féinne ann.

Níl na comharthaí go maith ámh go bhfoghlaimeoidh an DUP – ná an pobal Aontachtach i gcoitinne - aon scéal go dtí go mbeidh sé ró-dhéanach dóibh.

Ach níl na comharthaí go maith ach an oiread go bhfuil spéis ar bith ag Bunaíocht na 26 Chontae leas na hÉireann a chur chin cinn nuair a bhíonn siad i gcónaí ag sodar i ndiaidh an Aontais Eorpaigh.

Close
Close