Ciarán Dunbar
Agus an Ríocht Aontaithe ag Breatimeacht léi, is furasta dearmad a dhéanamh go bhfuil sé anois breis is dhá bhliain ó bhí tionól agus feidhmeannas ann ó thuaidh.
Thar aon ábhar easaontais eile, is é reachtaíocht don Ghaeilge an chnámh spairne is mó atá ann idir Sinn Féin agus an DUP.
Seans go bhfuil sin deacair a chreidiúint ó dheas – ní ghlacann go leor tráchtairí gurb amhlaidh atá ó thuaidh ach an oiread.
Creidtear go forleathan nach bhfuil i gceist ach leithscéal i gcás Shinn Féin.
‘Ceist shiombalach’
Is beag mionanailís a dhéantar ar cheist Acht na Gaeilge féin nó cad é a bheadh i gceist ann dá bharr.
Glactar gur ceist shiombalach atá ann, cath eile sa 'Chogadh Cultúrtha' seachas aon ní a bhaineann le 'cearta teanga'.
Ní thuigtear an tionchar atá gluaiseacht na Gaeilge a imirt ar Shinn Féin i gceantair áirithe agus an brú atá á chur ar pholaiteoirí ag feachtasóirí óga fuinniúla tiomanta.
An t-aon dóigh a bhfeicfear Stormont ar ais ná dá ngéillfeadh Sinn Féin ar cheist Acht Gaeilge.
Mar tá sé doiligh a shamhlú go ngéillfeadh Arlene Foster agus an DUP - ní féidir leo. Níl an pobal aontachtach ullmhaithe acu chun teacht ar chomhréiteach maidir leis an cheist chiotach seo.
Docht daingean
Tá seans ann nár thuig Sinn Féin cé chomh docht daingean a bheadh aontachtóirí i gcoinne achta.
Ach nár ghéill Mrs Foster cheana sa dréacht-chomhaontú a sceitheadh leis an iriseoir Eamon Maille?
Dréacht a chuirfeadh reachtaíocht Ghaeilge sa leaba céanna le reachtaíocht d'Albainis Uladh.
Séanann Mrs Foster go raibh a leithéid de rud ann – dar léi ní raibh i gceist ach “smaointe a bhí á roinnt”.
Tá brú á chur ar an DUP ag an dá pháipéar aontachtacha, an News Letter go háirithe, gan acht a cheadú.
‘Do-ghlactha’
Ba chóir d'aontachtaithe a bheith ar aon fhocal i gcoinne na reachtaíocht “do-ghlactha” seo, dar le heagarfhocal an News Letter.
Is léir ó leathanach litreacha an pháipéir céanna, agus ó na meáin shóisialta, go síleann go leor polaiteoirí aontachtacha go bhfuil i bhfad barraíocht géillte acu agus gur chóir roinnt de na “pribhléidí” atá ag an teanga cheana féin a bhaint di.
Bheadh “aontachtachtas neamaiteach” i leith aon duine a ghéillfeadh ar an ábhar cionn is nach mbeadh ann ach “arm cultúrtha polaitiúil” do phoblachtanaithe, a dúirt ceannaire an Oird Oráistigh.
Aisteach go leor, agus duine ag caint le Gaeilgeoirí óga, gur léir go gcreideann siad go mbeidh acht ann, níl ann ach ceist ama.
Ar an taobh eile, ní raibh na forálacha a leagadh amach sa “dréacht-chomhaontú” inghlactha d'fheachtasóirí ar son Acht Gaeilge ach an oiread.
‘Lag’
Ní bheadh sa reachtaíocht sin ach aitheantas éigin a thabhairt don teanga agus an status quo mar atá a reachtú – chan cearta teanga.
“Lag” a thug Janet Muller ón eagraíocht Pobal ar na dréacht-mholtaí.
Go príobháideach, bhí feachtasóirí Gaeilge ag rá “go n-íocfadh Sinn Féin go daor as” dá nglacfadh siad leo.
Ach ba léir go raibh Sinn Féin chun sin a dhéanamh.
Is mionlach beag iad Gaeilgeoirí agus cé go bhfuil mórphobal náisiúnach ar son acht Gaeilge – siombalachas seachas cearta atá uaidh go príomha.
Dhéanfadh Gaeilgeoirí gearán ach gan tacaíocht pholaitiúil is beag a bheadh le cloisteáil de.
Tuigeann Sinn Féin sin go maith.
Náiriú
Ach an rachadh siad ar ais go Stormont gan reachtaíocht ar bith?
Ta sé ráite ag poblachtánaigh mór le rá liom nach féidir leo dul ar ais gan acht Gaeilge, mar luath nó mall, dhéanfadh an DUP gníomh éigin i gcoinne na teanga a náireodh Sinn Féin.
An t-aon dóigh a rachadh Sinn Féin ar ais gan aon acht ná dá mothódh siad brú ón phobal náisiúnach dul ar ais ann – fiú mura mbeadh acht Gaeilge ann.
Níl an brú sin ann faoi láthair ná aon bhaol air.
Níl ach fíor-mhionlach glórach fán Tionol a thabhairt ar ais - cé gur cinnte go bhfuil go leor daoine míshásta go bhfuil na polaiteoirí fós á n-íoc.
Glacann cách nach mbeidh comhréiteach ar bith ann “an taobh seo den Bhreatimeacht” ach, fiú ar an taobh eile, tá ceist chasta na teanga ag fanacht leo.