Michelle Nic Pháidín
Scrios tine Teach Pobail Mhuire sna Doirí Beaga luath maidin Luan Cásca. Phléasc na fuinneogaí daite, rith bladhairí ó cheann ceann na suíochán, ransaigh tintreacha leathanaigh na soiscéalta, rinneadh smionagar den altóir, leáigh micreafóin agus seastáin agus rinneadh go leor damáiste eile.
Bhris scéal na tubaiste go luath agus bhailigh daoine taobh theach an phobail ag amharc ar a raibh amach uathu - íomhá na mbladhairí agus na ndrithleog sna deora a shil siad.
Seoladh téacsanna agus músclaíodh daoine eile óna gcodladh agus luigh siad ansin, sa bhaile agus i gcéin, ag amharc ar phictiúir agus ar fhíseáin den teach pobail ag dódh go talamh ar a bhfóin.
Is cinnte gur baineadh siar as cuid mhaith daoine: is ionann an teach pobail agus teach a gcreidimh, teach a gceiliúrtha agus a dtearmainn shíoraí, tobar a n-adhartha
Is tithe iad ina dtagann an paróiste le chéile le ceiliúradh a dhéanamh ag bainiseacha, ag baistí, ag an Chéad Chomaoineach, ag an Chóineartú agus le slán a fhágáil leo siúd ar shiúil siad seal ar an tsaol seo leo ag tórraimh.
Is iomaí sin amhrán, paidir, soiscéal agus achainí a rinneadh faoi dhíon ealaíonta Theach Pobail Mhuire ó tógadh é in 1972.
Bhí lúcháir ar dhaoine nach ndearnadh duine ar bith a ghortú sa tine agus moladh na seirbhísí éigeandála as an sár-obair a rinne siad. Throid siad na bladhairí agus cheansaigh siad an tine mhire roimh bhreacadh an lae.
Is cinnte go bhfuil ceisteanna ag daoine faoin dóigh ar thosaigh an tine ach tá na gardaí ag tabhairt faoi na ceisteanna sin i láthair na huaire agus in am trátha déanfar an t-eolas sin a chur ar fáil don phobal.
In am an ghátair, bíonn ceannaire de dhíth agus níl dabht ar bith ann ach gur sheasaigh Sagart Paróiste Ghaoth Dobhair, an tAthair Brian Ó Fearraigh, chun tosaigh agus gur thug sé ceannaireacht agus faoiseamh do dhaoine. D’ainneoin a chuid buaireamh féin chothaigh sé láidreacht agus tuigbheáil gcroí an phobail lena chuid focal a tháinig mar bhalsam dóibh sin a bhí tromchroíoch.
Dúirt sé go mbeidh teach pobail úr ann amach anseo agus go mbeidh láthair eile ann ag pobal Dé le hadhadh agus le hómós a thabhairt do Dhia.
Ghabh sé buíochas le gach aon duine a chuaigh i dteagmháil leis. Le laethanta beaga anuas, fuair an tAthair Ó Fearraigh deis sracfheachaint a thabhairt ar an taobh istigh den teach pobail agus fiú fríd an dorchadas chonaic sé ábhair dóchais.
Tháinig sé ar aingeal a bhí ar chúl na haltóra a thóg an t-iar-shagart paróiste, an Dr. an Ró-Oirmhinneach Pádraig Ó Baoill, aníos ó sheanteach an phobail.
Scriosadh an teach pobail sin i dtuile mhór in 1880 agus cailleadh cúigear duine sa tubaiste. Is ábhar dóchais atá ann, a dúirt an tAthair Ó Fearraigh ar Raidió na Gaeltachta, go bhfuil an t-aingeal céanna le feiceáil go fóill in airde ar an bhalla - teachtaireacht Dé atá ann.
Cuireadh tús le feachtas Gofundme don teach pobail agus tá thar chéad míle euro bailithe go dtí seo.
Tá ceolchoirm a heagrú fosta ina mbeidh Mairéad Ní Mhaonaigh, Moya Brennan, Daniel O’Donnell agus ceoltóirí eile páirteach ann.
Tá teachtaireacht na Cásca le brath go fóill i bparóiste Ghaoth Dobhair agus is é sin go mbeidh aiséirí ann. Cé gur bhris an tragóid croí na ndaoine, las sé mian iontu agus táthar ag tarraingt le chéile dírithe ar aon aidhm amháin: teach pobail úr a thógáil do phobal an cheantair.