Agóidí breosla: an rabhadh níos doimhne iad do rialtas Micheál Martin?

Jack Mac Íomhair

Ar feadh tamaill ansin ní raibh le feiceáil ar na meáin ach íomhánna de tharracóirí agus de leoraithe ag dul go mall ar bhóithre na tíre, idir chúlbhóithre agus mhótarbhealaí.

Cuireadh na hagóidí ar bun thuaidh agus theas agus, i bhfírinne, ní raibh iontas ar éinne go raibh an méid sin feirge ar fud an oileáin mar gheall ar na harduithe atá tagtha ar bhreosla agus ola de bharr léiriú ego Trump san Iaráin.

Chaith mé féin súil ar na pumpaí díreach in aice le mo theach agus bhí na praghsanna ag dul in airde pingin in aghaidh an lae ar a laghad. Don té nach dtiomáineann go rómhinic ní deireadh an domhain é, ach dóibh siúd a bhíonn ag tiomáint chun na hoibre, chun na scoile, nó fiú ag tiomáint le haghaidh a slí beatha, bhí an tionchar i bhfad níos tubaistí. Go háirithe agus an ghéarchéim costais maireachtála ag iarraidh níos measa.

Ó thuaidh ní raibh na hagóidí chomh forleathan agus a bhí siad ó dheas: thug an tSeirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann roinnt fíneálacha amach agus meastar ag súil go mbeidh cúpla agóid ag titim amach sna seachtainí amach romhainn.

Bhí freagra na bpáirtithe sna sé chontae mar a bheifeá ag súil leis. Tá an chumhacht sna hallaí in Whitehall, mar a bhíonn, agus is cinnte nach mbeidh Hilary Benn nó Keir Starmer buartha faoi agóid a chuireann isteach ar Nasc an Iarthair i mBéal Feirste, nó i mBaile Uí Dhálaigh.

Ó dheas, áfach, tá scoilteanna ag teacht chun solais i bhfianaise lagfhreagra an rialtais ar an ghéarchéim. Tá cáineadh déanta ag an Taoiseach Micheál Martin ar na teaicticí a d’úsáid na hagóideoirí agus gur modh mícheart a bhí ann. Cad é an modh agóide atá sásúil don rialtas?

Is léir gur bhain fuinneamh na léirsithe preab as na ceannairí i mBaile Átha Cliath. Tá cáineadh déanta orthu mar gheall gur bhagair siad Óglaigh na hÉireann a imlonnú chun dul i ngleic leis na hagóidí. Ar a bharr sin, cáineadh Patrick O’Donovan, Aire Stáit, as a rá go bhfuil sé ag iarraidh ar Choimisiún na Meán athbhreithniú a dhéanamh ar chlúdach na meán ar na hagóidí. Cháin Ceardchumann Náisiúnta na nIriseoirí ráiteas an Aire, á lua gur ábhar imní é agus gur focail urchóideacha a bhí iontu.

Ní hamháin sin, cé go bhfuil tromlach ag an rialtas, ní bheadh siad sásta go raibh orthu plé le vóta mímhuiníne bliain agus cúpla mí i ndiaidh thús na tréimhse Dála.

Agus, gníomh nach gcuirfidh iontas ar mhórán, tá Michael Healy-Rae tar éis éirí as an rialtas agus a ról mar Aire.

Má bhíonn tuilleadh agóidí ann, cá mhéad TD neamhspléach eile a bheas ag smaoineamh faoin rud céanna a dhéanamh?

Ar an 12 Aibreán, d’fhógair an rialtas beartas €505 mhilliúin chun dul i ngleic leis an ghéarchéim, beartas ina dtabharfaí íocaíochtaí díreacha d’iompróirí, oibritheoirí bus, feirmeoirí, conraitheoirí talmhaíochta agus dóibh siúd atá bainteach leis an iascach.

Ar a bharr sin, tá €0.10 bainte acu den mhál ar pheitreal agus díosal.

An leor é sin? Beidh le feiceáil.

Tá deireadh leis na gníomhaíochtaí móra a tharla seachtain ó shin ach is cosúil go bhfuil agóidí níos lú beartaithe go fóill, ó thuaidh san áireamh.

Agus an eite dheis ag léim ar an cheist fosta, beidh an rialtas ag súil go bhfuil go leor déanta acu le mianta daoine a shásamh. Muna bhfuil, d’fhéadfadh sé go mbeadh samhradh fada os a gcomhair.

Close
Close