Cé go bhfuil siad á bhfoilsiú thar sáile, tá leabhair aistrithe ar nós An Hobad agus An Garbhán mar thúsphointe do léitheoirí nua ar spéis leo litríocht na Gaeilge.
Is i bhfad ó leithéidí Facebook a cuireadh tús le margaíocht na leabhar Gaeilge ach tá an t-ardán úr seo ag mealladh ceannaitheoirí agus léitheoirí ón Astráil go Meiriceá .
Níl iontu seo ach blaiseach de na hathruithe i bpróifíl léitheoireachta agus díolacháin litríocht na Gaeilge.
Labhair muid le Daragh Ó Tuama ón Siopa Leabhar i mBaile Átha Cliath faoi athruithe na hearnála idir chúrsaí léitheoireachta, foilsitheoireachta agus margaíochta.