Súil Siar - Creideamh

Súil Siar - Creideamh

An tseachtain seo ar ‘Súil Siar’ cluineann muid ó mhuintir Ghaeltacht Thír Chonaill agus iad ag caint faoin chreideamh.

Is ábhar conspóideach é an creideamh ar go leor bealaí agus is docha tuairimí againn uilig faoi. Cosúil le gach rud tá athrú soiléir le feiceáil idir na glúnta. D’athraigh na nósannaa agus an tábhacht a bhí bainteach leo an oiread sin, mar an paidirín, an faoistin agus an t-aifreann.

Sna laethanta a chuaigh thart bhí béim mhór ar an sagart paróiste, is fear tábhachtach a bhí ann agus ról lárnach aige sa tsochaí, ach níl an meas céanna air inniu. Is beag duine a fhreastalaíonn ar aifreann achan domhnach seachas an tsean-ghlúin.

Ach cad is brí le creideamh agus a bheith naofa? Cad a tharlaíonn muna mbíonn meas ar an eaglais níos mó?

Inniu cluineann muid ón seisear Maggie Uí Ghallchóir, Eoghan Mac Grianna, Máire Nic Grianna, Donnchadh Cassie Ó Baoill, Josephine de Búrca agus Suzanne Uí Ghallchóir fán tábhacht a bhí leis an chreideamh agus iad ag fás aníos i nGaeltacht Thír Chonaill agus an dóigh a seasann a gcuid tuairimí sa lá atá inniu ann.

súil siar - creideamh
Close
Close