Mar is eol don tsaol mhór, beidh an fhéile bhliantúil Oireachtas na Samhna ag titim amach i mBéal Feirste idir an 29 Deireadh Fómhair agus an 2 Samhain. Mar sin de, bheartaigh Meon Eile spotsolas a dhíriú ar dhaoine ar leith as Béal Feirste atá ag obair ar son na Gaeilge ar bhealaí difriúla timpeall na cathrach.
San eagrán seo, bhuail Meon Eile le Kieran Brady atá ina Oifigeach Forbartha in Ionad na Fuiseoige. Is ionad pobail cultúrtha agus teaghlaigh é Ionad na Fuiseoige atá lonnaithe i gCill Uaighe, Iarthar Bhéal Feirste.
Labhair muid le Kieran faoin aistear s’aige leis an Ghaeilge agus é ar dhuine de na chéad daltaí a d’fhreastail ar Bhunscoil Bhóthar Seoighe.
Is ceoltóir traidisiúnta aitheanta é Kieran fosta agus labhair sé linn faoin nasc a fheiceann sé féin idir an ceol, an cultúr agus an teanga.
Mhol sé an obair atá déanta ag Gaeil Bhéal Feirste ar son na Gaeilge i gcaitheamh na mblianta agus tá sé ag dúil go mór le bheith ag freastal ar an Oireachtas gan mhoill, an chéad uair a bheidh an fhéile i mBéal Feirste ó bhí 1997 ann!


