Mise agus Béal Feirste - Aoife de Bhál

Mar is eol don tsaol mhór, beidh Oireachtas na Samhna, féile bhliantiúil Ghaeilge, ag titim amach i mBéal Feirste ar an 29 Deireadh Fómhair go dtí an 2 Samhain. Mar sin de, bheartaigh Meon Eile spotsolas a thabhairt ar dhaoine ar leith as Béal Feirste atá ag obair ar son na Gaeilge ar bhealaí difriúla timpeall na cathrach.

San eagrán seo, bhuail Meon Eile le hAoife de Bhál. Is as Tuaisceart Bhéal Feirste í Aoife, áit ar fhreastail sí ar Bhunscoil Bheann Mhadagáin, agus tá an Ghaeilge lárnach ina saol ó shin. Bhunaigh Aoife tionscadal ‘Fálróid’ roinnt blianta ó shin. Imeachtaí taobh amuigh faoin spéir dírithe ar dhaoine a cheangal leis an nádúr, leis an tsealgaireacht, agus leis an Ghaeilge atá i gceist le ‘Fálróid’.

Is minic a bhíonn Aoife ag obair leis an aos óg mar threoraí dúlra agus ag stiúradh ceardlanna ar phlandaí, bláthanna agus ainmhithe chomh maith. Is obair ríthábhachtach í seo d’Aoife, go mbeidh an deis ag páistí agus daoine óga a bheith ag súgradh agus ag spraoi amuigh faoin spéir, chun tuilleadh measa agus tuilleadh tuisceanna a fhorbairt ar an domhan thart orthu.

Bhuail Meon Eile le hAoife ar na mallaibh ag foraois Ghleann Cholann, áit ar labhair muid léi faoin cheangal phearsanta atá aici le Béal Feirste agus leis an dúlra go háirithe.

Close
Close