Insint Eile - Labhraidh Luirc

Sa scéaldráma seo déanann páistí ó Ard Mhacha an scéal ‘Labhraidh Luirc’ a athinsint. Fuair Máire Uí Bhrisleáin an scéal ó Ignatius Murray ó Chill Charthaigh, Contae Dhún na nGall.

Bhí Ignatius 55 bliain d’aois nuair a d’inis sé an scéal do Mháire 80 bliain ó shin i 1937.  Chuala sé féin é 40 bliain roimhe sin arís in 1897!

Bailitheoir – Máire Bean Uí Bhrisleáin

Faisnéiseoir – Ignatius Murray, Cill Charthaigh

http://www.duchas.ie/en/cbes/4428a332/4396430

Bhí rí ann fada ó shin agus is fada ó bhí is é an t-ainm a bhí air Labhraidh Luirc. Cibé ar bith cearr a bhí aige níor mhaith leis an fhios a bheith ag éinne fá dtaobh de. Duine ar bith a bhearrfadh an fhéasóg de chaillfeadh sé a cheann.

Bhí baintreach ann agus gan aici ach aon mhac amháin. Cuireadh scéal a fhad leis an fhear óg a dhul agus an rí a bhearradh. Chuala an mháthair an scéal agus chuaigh sí a fhad leis an rí agus d’inis sí scéal truacánta. Ghlac seisean trua di agus dúirt sé nach mbainfeadh sé an ceann de. Chuaigh an buachaill ionsar an rí agus ghearr sé an ghruaig de agus ansin chonaic sé rud iontach a bhí ar an rí – in áit a raibh cluasa fir bhí dhá chluas capall air agus ruball fada ag crochadh síos go dtí an talamh. Cuireadh an buachaill faoi mhionna gan an scéal a insint do dhuine ar bith sa domhan.  Bhí sin go maith is ní raibh go holc bhí a fhios ag an bhuachaill rún an rí. Nuair a bhí sé críochnaithe chuaigh sé chun an bhaile ach i rith an lae ní thiocfadh leis dadaí a dhéanamh. Luigh rún an rí chomh trom air go raibh sé i gcónaí ag smaointiú ar dhá chluas agus ruball fada. Bhí sé ag éirí níos cloíte agus níos breoite achan lá agus shonraigh an mháthair go raibh sé ag meath ar shiúl agus dúirt sí go gcaithfeadh sé dul go dtí an dochtúir. Chuaigh sé a fhad le cúpla dochtúir ach ní raibh gar ann.  Bhí an scéal céanna ag gach duine acu. I ndiaidh tamaill eile chuaigh sé go dtí an dochtúir ab fhearr clú i Londain agus nuair a d’amharc sé air dúirt sé, “Ní tinneas colna atá ort ach tinneas intinne. Tá rún agat agus ní thig leat é a insint. Sin é an fáth a bhfuil tú ag meath.”

Bhí an dochtúir ag smaointiú ar feadh tamaill agus ansin dúirt sé, “Inseoidh mé duit an rud a dhéanfas tú. Gabh amach chun na coille. Faigh crann agus déan poll ann agus inis do scéal don chrann.”

Chuaigh an fear bocht amach agus fuair sé crann mór deas agus chuir sé a cheann isteach ann agus d’inis sé an rún don chrann. Tháinig sé abhaile agus thug an mháthair fá dear go raibh biseach air. Tamall ina dhiaidh sin bhí cruinniú mór le bheith sa chaisleán agus chuir an rí a chuid fear amach go dtí an choill ag gearradh adhmaid fá choinne cláirseach nua a dhéanamh de.   Ghearr siad anuas an crann céanna ar insíodh an rún dó. Leagadh an crann. Tugadh an crann abhaile. Briseadh suas ina ghiotaí é agus rinneadh cláirseach deas de.

Nuair a bhí na daoine uaisle uilig cruinnithe agus a sáith ite agus ólta acu thosaigh an greann agus chuir an rí scéal ionsar an bhard an cláirseach a sheinm. Thosaigh sé ag seinm ach chomh luath agus a chuir sé a mhéara ar an chláirseach scairt an chláirseach amach go hard “Tá dhá chluas capall agus ruball fada ar Labhraidh Luirc”. Sheas na daoine suas go feargach. Tharraing siad anuas an rí den ardán agus ón lá sin amach ní raibh Labhraidh Luirc ina rí in Éirinn.

Close
Close