Insint Eile - Lán do Chráige

Sa scéaldráma seo déanann páistí as Dún Geanainn an scéal ‘Lán do Chráige’ a athinsint. Bailíodh an scéal mar chuid de Scéim na Scol sna 1930í. Fuair Séamus Mac Eachmharcaigh an scéal óna athair, Tomás Mac Eachmharcaigh, ó Ghlaise Chú, Contae Dhún na nGall.

Bhí Tomás 62 bliain d’aois nuair a d’inis sé an scéal do Shéamus ceithre scór bliain ó shin i 1938. Tá téacs an scéil thíos.

Bailitheoir – Séamus Mac Eachmharcaigh

Faisnéiseoir – Tomás Mac Eachmharcaigh, Glaise Chú

http://www.duchas.ie/en/cbes/4428399/4404433

Bhí bean ann am amháin agus cha raibh aici ach mac amháin agus bhí sé ag éirí aosta. Bhí sé ag gabháil a phósadh agus ní raibh airgead ar bith aige. Oíche amháin bhí an bheirt acu ina suí ag an tine ag comhrá. D’iarr an bhean ar a mac an bhó a bhí amuigh sa bhóitheach a thabhairt leis chun aonaigh agus go bhfaigheadh sé lán a chráige uirthi. D’imigh an mac leis chun aonaigh leis an bhó agus nuair a bhí sé giota fada ar shiúl casadh fear air agus chuir an fear ceist air cá mhéad a bhí sé ag iarraidh ar an bhó. Dúirt sé gur lán a chráige a bhí sé ag iarraidh uirthi.

Dúirt an fear leis go dtabharfadh sé deich bpunta uirthi. “Bhal," arsa fear a bhí ag díol na bó, "d’iarr mo mháthair orm lán mo chráige a iarraidh uirthi." Chuir an fear a lámh in a phóca agus thug sé amach lán a chráige d’airgead rua agus airgead geal agus thug sé don fhear eile é agus dúirt “Tá lán do chráige agat anois." “Tá!" arsa an fear eile agus d’imigh sé leis chun an bhaile agus lán a chráige leis agus d’imigh an fear eile agus an bhó leis.

Dúirt an fear a dhíol an bhó, “Nach trua a ghlac mé comhairle mo mháthar ar chor ar bith. Níl bó, níl bainne, níl airgead, níl bean anois agam."

Close
Close